Sinn Féin - On Your Side

Dualgas ag an rialtas ó dheas cearta teanga ó thuaigh a chosaint – Tóibín

9 March, 2017


Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Peadar Tóibín, go bhfuil rialtas an Stáit seo ag éalú óna gcúraimí maidir le cearta teanga sa Tuaisceart a chosaint.

Cháin Comhairle na hEorpa an easpa soláthair cearta teanga i dtuairisc a foilsíodh le déanaí. Deir an tuairisc go bhfuil bac ar chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha de bharr “polaitíocht sheicteach”.

 Cé go bhfuil rialtas na Breataine go mór á cháineadh sa tuairisc mar thoradh ar a easpa gníomhartha, tá teip ar rialtas na hÉireann fosta.

Dúirt an Teachta Tóibín:

“Mar shínitheoir ar Chomhaontú Chill Rimhinn, tá sé in am do rialtas na hÉireann é a chosaint. Thug an tAcht seo reachtaíocht oifigiúil Acht na dTeangacha a chur i gcríoch. Is ráthóir agus comhshínitheoir Rialtas na hÉireann ar an Aontú seo. Níl rud ar bith déanta ag an rialtas le cinntiú go mbeadh an tAontú seo curtha i bhfeidhm de réir dlí.

“Cáineadh rialtas na Breataine go láidir mar thoradh ar an neamairt atá déanta acu ar an nGaeilge agus ar chearta teanga Gaeilgeoirí. Rialaigh an Ard-Chúirt o mBéal Feirste an tseachtain seo caite gur theip ar Fheidhmeannas Stormont a chuid dualgas reachtúil a chomhlíonadh agus Straitéis Gaeilge a bhaint amach.

“Tá sé de dhualgas ar gach páirtí ó thuaidh an tAcht a chur i bhfeidhm. Mar aon le sin, tá ról ag rialtais na hÉireann agus an Bhreatain a chinntiú go gcomhlíonfar na reachtanna olltábhachtacha seo. Tá an gealltanas seo ag seasamh le deich mbliana anuas gan bogadh. Is truamhéalach é nach bhfuil rialtas na hÉireann sásta a ladar a chur sa scéal.” 

Connect with Sinn Féin