Sinn Féin - On Your Side

Rí-ghá le Acht na Gaeilge a chur i bhfeidhm – Tóibín

16 March, 2017


Dúirt an Teachta Peadar Tóibín go raibh rí-ghá le cur i gcrích Acht na Gaeilge ó thuaidh mar atá leagtha síos go reachtúil i gComhaontú Chill Rímhinn.

Bhí an Teachta Peadar Tóibín i gCnoc an Anfa inné in mbun cainteanna tréthaobhacha idir rialtas na Breataine, rialtas na hÉireann agus an Tionól:

Dúirt an Teachta Tóibín:

“Thosaigh na cainteanna Dé Luain in athuair le rialtas a bhunú sa Tuaisceart. Tá coicís ann le hidirbheartú a dhéanamh nó ní bheidh aon dul as ag na páirtithe leasmhara ach toghchán a ghairm.

“Bhí mé féin, ceannaire Shinn Féin ó thuaidh Michelle O’ Neill agus an feisire Conor Murphy ann ag déanamh ionadaíochta ar son Shinn Féin agus cás Acht na Gaeilge a chur chun cinn. D’fhreastal Státrúnaí Thuaisceart Éireann James Brokenshire agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan ar na cruinnithe.

“Tá Acht na Gaeilge deimhnithe agus cosanta ag an gComhaontú – reachtaíocht aitheanta, idirnáisiúnta agus sínithe ag gach ball a bhí páirteach. Is gá dúinn anois díriú ar an mbealach is fearr an tAcht a chur i bhfeidhm.    

“In ainneoin na líomhaintí bréagacha a bhí caite mórthimpeall ag an DUP, tá sé léirithe ag an bhfeisire Máirtín Ó Muilleoir agus Conradh na Gaeilge araon nach mórchostas a bheidh i gceist leis an tAcht a chur i gcrích.

“Ní féidir ár gcearta dteanga agus ár gcearta daonlathacha a chur faoi chois. Táimid ag tnúth le toradh fiúntach ag deireadh na hidirbheartaíochta.” 

Connect with Sinn Féin