Sinn Féin - On Your Side

Teip ar ionaid chultúrtha na hÉireann maidir leis an nGaeilge – Tóibín

6 April, 2017


Léirigh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Peadar Tóibín, a chuid díomá ar an sárú atá déanta ag forais stáit maidir le cur chun cinn scéimeanna teanga. Tá neamhaird déanta ag cuid acu ar iarratais a rinneadh thart ar deich mbliana ó shin le scéim teanga a bhunú.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí scéim teanga a dhréachtú le seirbhísí a fheabhsú idir Bhéarla agus Ghaeilge – na teangacha oifigiúla.

Faraor, tá sárú déanta ag an-chuid de na forais stáit seo, atá faoi bhráid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, ar a gcuid coinníollacha.

Dúirt an Teachta Tóibín:

“Tá scéimeanna teanga rí-thábhachtach le seirbhísí teanga trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. De réir taighde a bhain Oifig an Choimisinéara Teanga amach le déanaí áfach, is léir go bhfuil ag teipeadh ar an scéim. Tá an scéal imithe in olcas de bharr go bhfuil roinnt mhaith forais stáit ag déanamh sárú ar an dhlí maidir le dréachtú scéimeanna teanga.

“Tá sé scannalach go bhfuil urdhún oidhreachta cultúrtha na tíre – Amharclann na Mainistreach, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, An Chomhairle Oidhreachta agus an Cheoláras Náisiúnta – tar éis neamhaird iomlán a dhéanamh den iarratas scéim teanga a ullmhú i ndiaidh deich mbliana.

“Iarradh ar an Chomhairle Ealaíon scéim nua a dhréachtú sa bhliain 2008 tar éis dul in éag an chinn roimhe, ach tá faic déanta acu. Ní cúis imní don Aire na teipeanna leanúnacha, fad-bhunaithe seo agus ní luach riamh i dTithe an Oireachtas iad.

“Le foilseachán an Daonáirimh inniu, feictear dúinn go bhfuil laghdú ar líon na gcainteoirí Gaeilge ar fud an stáit. Caithfear gur baineadh geit as an rialtas ina thaobh, cé nach haon amhras é ach go bhfuil creimeadh ar ár n-oidhreacht chultúrtha agus cearta teanga mar gheall ar a bpolasaithe de ghearrthacha, neamart agus béalghrá don Ghaeilge.  

“Is léir gur gá dúinn gníomhartha níos dhochta a dhéanamh agus reachtaíocht níos láidre a achtú chun ár dteanga agus an Ghaeltacht a chaomhnú. Tá súil agam go bhfoilseofar Bille na dTeangacha Oifigiúla 2017 go luath ina mbeidh bearta cinniúnacha ann leis an Gaeilge a neartú, cumhachtaí níos láidre a thabhairt don Choimisinéir Teanga san áireamh.”

Connect with Sinn Féin