Sinn Féin - On Your Side

An Rialtas ag teip maidir le h-Eisimircigh Éireannacha ag filleadh – Ó Clochartaigh

19 April, 2017


Tá an rialtas ag teip maidir le h-eisimircigh Éireannacha ag filleadh, dar le h-urlabhraí Shinn Féin ar an Diaspóra, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. 

Ag labhairt dó i ndiaidh freastal ar shraith d’imeachtaí i mBostún, Chicago & Nua Eabhrach le seachtain anuas mar chuid de Chomóraidh na Cásca, deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas: 

“Tá sé ráite ag ionadaithe ar son Éireannaigh i Meiriceá liom go bhfuil siad míshásta leis an easpa dul chun cinn on rialtas maidir le deireadh a chuir leis na constaicí a bhíonn roimh eisimircigh atá ag iarraidh teacht abhaile. 

“Labhair mé le Ciarán Staunton ón mBrúghrúpa Éireannach ar son Athchóiriú Eisimirce atá tar éis na ceisteanna seo a thógáil le fada leis an Aire Stáit Joe McHugh agus na hAirí a tháinig roimhe agus tá sé an-diomúch nach bhfuil níos mó déanta chun tacú le h-eisimircigh atá ag filleadh. Is mar ‘Chómhrá thar Lón’ atá plé ar an ábhar seo leagtha amach mar chuid den chlár don Comhthionóil Domhanda Saoránaigh, a bheidh dhá reáchtáil ag an rialtas as seo go ceann cúpla seachtain agus ní thugann sin mórán misneach do dhaoine go bhfuil an rialtas dáiríre faoi dul i ngleic leis na bacainn praiticiúla atá ann. 

“Constaicí ar nós an costas ard ar árachas gluaisteáin, deacrachtaí maidir le rochtain ar oideachas, aitheantas do cháilíochtaí, incháilitheacht do sheirbhísí sláinte agus tacaíochtaí sóisialta, atá ar fad ag feidhmiú mar bhacainn dóibh siúd gur mian leo teacht ar ais go hÉireann. In ainneoin cuid mhaith deá-chaint ón rialtas, is beag atá ag athrú. Ceapann roinnt eisimircigh nach bhfuil an rialtas ag iarraidh orthu filleadh i ndáiríre, nuair nach bhfeiceann siad aghaidh dhá thabhairt ar na constaicí seo ar aon bhealach fiúntach.  

“Tá na h-eisimircigh amhrasach chomh maith maidir le gealltanais an rialtais cearta vótála a bhronnadh orthu. An easpa fuadair maidir le reifreann a reáchtáil, ná aon soiléireacht maidir leis an cur chuige a bheadh i gceist, is cúis leis seo agus gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh sé 2025 ar a luaithe sula mbeidh vóta dhá chaitheamh acu agus tá imní ann nach bhfuiltear ag tabhairt tosaíocht pholaitiúil dó. 

“Ag labhairt le ceannairí ceardchumainn sna Stáit Aontaithe chomh maith, tá sé rí-shoiléir go gcaithfidh oibrithe ar chaon taobh den Atlantach seasamh le chéile chun cinntiú go dtugtar cosaint agus go ndéantar forbairt ar chearta agus coinníollacha oibrithe agus brú ag teacht go domhanda sa ‘rása chuig an íochtar’. Tá na dúshláin atá na rialtais i gcomhpháirt na comhlachtaí móra ag cur roimh fostaithe in Éireann agus sna Stáit Aontaithe an-chosúil lena chéile agus ní mór dúinn seasamh gualainn le gualainn chun cinntiú nach dtagann méadú níos mó arís ar an mbearna idir saibhir & daibhir. 

“Tá sé soiléir chomh maith ó bheith ag caint le polaiteoirí anseo, ar nós leithéidí Marty Walsh, Méara Bhostún, go bhfuil i bhfad níos mó deiseanna comhoibrithe ann ná mar atá muid ag tapú ó thaobh fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú, tionscadail oideachais agus cultúrtha a chur chun cinn a thiocfadh chun tairbhe muintir na hÉireann agus na Stáit Aontaithe agus go gcaithfidh muid oibriú le chéile chun na spriocanna comónta seo a bhaint amach. Phlé muid cás na n-inimirceach nach bhfuil páipéir chearta acu chomh maith.

“Ghlac mé leis an deis freisin chun buíochas a ghlacadh le Gaeil Mheiriceá ó thaobh an tacaíocht leanúnach a thugann siad don feachtas ar son Éire Aontaithe, an phróiseas síochána agus go mbeidh muid ag iarraidh orthu coinneáil leis sin i bhfianaise na h-athruithe tobainn atá ag teacht ar an tírdhreach pholaitiúil in Éireann agus sna Stáit Aontaithe.”

Connect with Sinn Féin