Sinn Féin - On Your Side

Comhlachtaí árachais ag ‘tiomáint’ eisimircigh ón mbaile – Ó Clochartaigh

4 May, 2017


Tá’n costas ró-ard árachais gluaisteáin ar cheann de na constaicí is mó atá roimh eisimircigh agus iad ag iarraidh filleadh abhaile agus caithfidh an Rialtas brú a chur ar an earnáil chun go gcaithfidh siad ar bhealach níos cothroime le daoine, dar le h-urlabhraí Diaspóra Shinn Féin, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Ag labhairt dó ón bhFóram Domhanda Saoránach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu, deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:

“Tá taighde nua seolta anseo ag an eagraíocht Crosscare darb ainm ‘Home for Good’, a dheimhníonn an rud a bhí muid ag cloisteáil ó dhaoine, sé sin go bhfuil an barr dhá bhaint ag comhlachtaí árachais d’eisimircigh, táillí dhá n-éilimh uathu atá dhá ‘craplú’ agus gur ‘coir costais’ atá iontu agus gan iad ag aithint cleachtais glana tiomána ná bónais cheal éilimh na dtiománaithe.

“Chomh maith leis seo, tá an dualgas atá ann cur isteach ar cheadúnas tiomána Éireannach, costas na gceachtanna a théann leis sin agus an costas ard cáin bóthair, dhá lua mar chonstaicí d’Éireannaigh thar lear a bheadh ag iarraidh teacht abhaile freisin.

“Tá sé rí-shoiléir go gcaithfidh an Rialtas dúshlán na gcomhlachtaí árachais a thógáil ar an ábhar seo agus dul i bhfeidhm ar na ranna Rialtais atá ag plé leis na ceisteanna seo, seachas a bheith ag ofráil tae agus comhbhrón d’eisimircigh Éireannacha faoi.

“Tá formhór na gcomhlachtaí árachais seo ag feidhmiú in aeráid ilnáisiúnta agus i gcásanna áirithe is iad a thugann árachas do na daoine seo i cibé cén dlínse ina bhfuil siad ag cónaí cheana féin. Mar sin níl sé ceart ná cóir nach mbeadh siad sásta an stair tiomána atá acu a aithint agus caithfidh sin athrú.

“Caithfidh an Rialtas a gcion féin a dhéanamh chomh maith ó thaobh comhaontaithe déthaobhacha a fhorbairt a chinnteoidh go gcaithfidh na comhlachtaí mór-bhrabach seo na cúinsí seo a thógáil san áireamh agus feidhmiú dá réir.

“Caitheann an Rialtas cuid mhaith ama ag caint faoi na nithe atá ag déanamh tinnis d’eisimircigh nach féidir leo tionchar a imirt orthu, ar nós an tírdhreach corraitheach pholaitiúil, ach seo rud gur féidir leo athrú ar son eisimircigh atá ag filleadh agus caithfidh siad a bheith i bhfad níos gníomhaí ina leith seo.”

Connect with Sinn Féin