Sinn Féin - On Your Side

Caithfear na Cultúrlanna a shábháil – Tóibín

12 May, 2017


Dúirt ulabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Peadar Tóibín, go gcaithfear gach iarracht a dhéanamh chun na Cultúrlanna i nDoire agus i mBéal Feirste a chosaint.

Tá an Teachta Tóibín ag impí ar chách achainí a shíniú chun bac a chur ar Fhoras na Gaeilge ciorruithe a chur ar na hinstitiúidí tábhachta agus torthúla seo.

Ag labhairt dó inniu dúirt an Teachta Tóibín:

 “Cuireann Cultúrlann Uí Chanáin agus Cultúrlann Mac Adaim Ó Fiaich go mór le dul chun cinn na Gaeilge agus saibhreas cultúrtha Dhoire agus Bhéal Feirste. Is institiúidí ceannródaíocha, den scoth iad agus ba bhreá linn a leithéid a bheith againn ó deas, go háirithe i mBaile Átha Chliath.

“Ba choscrach an scéal é a chloisteáil go bhfuil baol ann go laghdóidh Foras na Gaeilge an maoiniú dos na Cultúrlanna seo. Ní aon chiall ag baint leis seo, go háirithe nuair a fheictear ar céchomh rathúil is atá siad. Tá an-tairbhe ag baint leis na na spásanna cultúrtha seo ar bhonn áitiúil agus an pobal labhartha Gaeilge i gcoitinne.

“Déanfaidh na ciorruithe seo díobháil ar ghluaiseacht na Gaeilge agus tá siad go mór in éadan bhun-aidhmeanna Fhoras na Gaeilge a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. Táim ag moladh do chách achainí a shíniú leis na Cultúrlanna a shábháil. Is gá dúinn ár nguthanna a ardú anois.”

Cuir r-phoist le do shonraí chuig: [email protected]

Connect with Sinn Féin