Sinn Féin - On Your Side

Cuireann Ó Donnghaile fáilte roimh baill den Oireachtas freastal ar ‘An Lá Dearg’

17 May, 2017 - by Niall Ó Donnghaile


Ag labhairt dó sa Seanad inniu, thug seanadóir de chuid Shinn Fein Niall Ó Donnghaile cuireadh chuig a chathair dhúchais Béal Feirste le haghaidh “An Lá Dearg” Dé Sathairn seo chugainn.

Ag labhairt dó i dTeach Laighean tráthnóna dúirt An Seanadóir Ó Donnghaile:

“Is é Béal Feirste cróilár athbheochan na Gaeilge; Táim ag tnúth leis na mílte duine a fheiceáil ag teacht amach ar shráideanna na cathrach ag an ócáid chinniúnach seo, ní hamháin don Ghaeilge ach don chiomhannas, cearta daonna, meas, an éagsúlacht agus

“Is éard atá i gceist le hócáid an tSathairn ná toradh ar theacht le chéile réimse leathan d’eagrais chultúrtha, ealíon, oideachais, ceardchumainn, sportúil agus pobail ón uile chineáil cúlra agus traidisiúin sa tuaisceart faoi scáth “An Dream Dearg”. Bí cinnte go mbeidh sé dathúilglórach, dearfach, uileghabhálach agus ilchineálach.

“Ag croílár an fheachtais seo , áfach, tá an t-éileamh ar chearta, comhionannas agus meas ar lucht labhartha na Gaeilge agus ar chur i bhfeidhm na gcomhaontuithe uilig a rinneadh cheana féin lena mbronntar cosaint dhlíthiúil agus aitheantas do phobal na Gaeilge.

“Inniu ghríosaigh mé baill an tSeanaid a bheith linn agus le tromlach na BTR sa Tionól, Rialtas na hÉireann, Na Náisiúin Aontaithe agus Comhairle Saineolaithe Chomhairle na hEorpa a thacaíonn leis an éileamh ar Acht na Gaeilge a chur i bhfeidhm agus chun freastal ar an ócáid féin. Tá a fhios agam go bhfuil cion ag mo chomhghleacaithe ar an Ghaeilge agus ba mhian leo go mbeadh sí faoi bhláth ó thuaidh; Tá súil agam go bhfeicfidh mé iad ar Bhóthar na bhFál an Satharn beag seo.” 

Note: Video Link to Niall’s contribution in the Seanad today https://youtu.be/BR1JBANe3p4

This Saturday’s parade assemble at An Cultúrlann on the Falls Road at 12pm, walking to Belfast City Hall

Connect with Sinn Féin