Sinn Féin - On Your Side

Díomá ar theipeadh an eolaire gutháin aitheantas cuí a thabhairt don Ghaeilge

9 August, 2005


Dúirt  urlabhraí  Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh TD gur chúis díomá é
gur  theip  ar  an  eolaire  gutháin  nua  aitheantas ceart a thabhairt don
Ghaeilge.   Tá an eolaire nua priontáilte agus é scaipthe timpeall le botún
mór  ann.   Gach focal Gaeilge a bhfuil litir le fada ann, níl ach fada gan
litir  ann in ionad.  Dúirt an Teachta Ó Snodaigh gur "náireach" an scéal é
nár rinne duine éigin profáil cuí ar an eolaire sula ndeachaigh sé chuig na
priontálaithe.

Ar  labhairt  dó  inniu  dúirt  sé, "Is náireach an scéal é nár ghlac duine
éigin  am  chun  an eolaire a phrofáil i gceart sula ndeachaigh sé chuig na
priontálaithe.   Beidh  díomá  ar  dhaoine le ainmneacha Gaelacha go bhfuil
ainmneacha  i ngach teanga eile ceart go leor ach tá neamhaird déanta ar ár
dteanga dhúchas féin".

"Ba  cheart don Rialtas na heolairí seo go léir a bhailiú ar ais, an fhadhb
a  réiteach  i  gceart, na heolairí a athphriontáil agus iad a athscaipeadh
timpeall.   Mura  féidir  é  seo  a  dhéanamh,  ba cheart go ngeallfaidh an
Rialtas ar a laghad nach dtarlóidh a leithéid arís." CRÍOCH

Connect with Sinn Féin