April 7, 2020
Scéim chuimsitheach ag teastáil chun todhchaí ár bpobal Gaeltachta a chosaint – Mairéad Farrell TD

Tá sé ráite ag an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar agus Maigh Eo Theas Mairéad Farrell go bhfuil scéim chuimsitheach ag teastáil anois chun todhchaí ár bpobal Gaeltachta a chosaint de bharr na gcoláistí samhraidh Gaeltachta a bheith curtha ar ceal de bharr an choróinvíris.

Ag caint ar maidin, dúirt an Teachta Farrell gur scríobh sí go dtí an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, ag moladh scéim a thabharfadh airgead do theaghlaigh agus phobail a chaill amach mar gheall ar an gcealú.

Dúirt an Teachta Farrell:

“Tuigim go maith go gcaithfidh cosaint sláinte an phobail a bheith mar an príomh-aidhm atá againn uilig. Mar sin féin, tá sé tábhachtach chomh maith go n-oibreoimid chun inmharthanacht ár bpobail a chosaint freisin.

“Tá imní ann anois go bhfuil tionscal na gcoláistí samhraidh i mbaol. Is cailliúint dochreidte iad na coláistí seo agus sílim go bhfuil scéim chuimsitheach ag teastáil anois chun todhchaí ár bpobal Gaeltachta a chosaint.

“Mar gheall air seo, scríobh mé go dtí an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag moladh scéim chuimsitheach a thabhairt isteach le cinntiú go mbeidh todhchaí ag na coláistí samhraidh seo agus chun ár bpobail Ghaeltachta a chosaint. Sa scéim seo, ba cheart airgead a chur ar fáil do na teaghlaigh atá ag cailleadh amach de bharr na gcoláistí a bheith curtha ar ceal.

“Mar atá ráite agam i mo litir go dtí an tAire, tá sé tábhachtach go n-oibreoimid le chéile chun teacht ar réiteach oiriúnach do chuile dhuine agus mar Theachta Dála don Dáilcheantar ina bhfuil an Ghaeltacht is mó sa tír le fáil, táim réidh chun mo chuid a dhéanamh.” Litir don Aire Madigan

Follow us online

Latest Tweets

Sinn Féin launched our health plan for local health services. We want people to have the very best access to local healthcare services. You can read our plan here 👉 https://vote.sinnfein.ie/wp-content/uploads/2024/03/Caring-for-Communities.pdf
@davidcullinane

Tackling the crisis in Lough Neagh is a priority.

Today I visited the Lough and heard first hand about the issues it faces, and I am glad that coordinated efforts are underway to protect its stunning beauty and essential roles in the environment, tourism, fishing, and water…

https://www.surveymonkey.com/r/childcaresurvey2024

Sinn Féin is working to make childcare affordable and accessible for all parents.

We have launched a survey to listen to your personal experiences of childcare, and to help us address issues facing families.

Please take a moment to fill in our survey.

Irish intervention in ICJ genocide case must be meaningful – Matt Carthy TD

“The intervention must be a meaningful one that sets out clearly the position of the Irish people that Israel is engaged in a genocide against the people of Gaza”

@mattcarthy

Load More