Easpa aistritheoirí ina bhac ar stádas oibre don Ghaeilge san Eoraip -Mary Lou McDonald
Tá Cathaoirleach Náisiúnta de chuid Shinn Féin Féin agus BPE do Bhaile
Átha
Cliath, Mary Lou McDonald, i ndiaidh a cheistiú an bhfuil an rialtas
iomlán
réidh do thús stádas oibre na Ghaeilge mar theanga oibre in Aontas
na
hEorpa i mí Eanáir 2007.
Labhair Iníon McDonald amach
tar éis cruinniú i bParlaimint na hEorpa idir
feisirí na
hÉireann agus feidhmeannigh de chuid na hEorpa. Nochtadh ag an
chruinniú
go bhfuil na feidhmeannaigh ag moladh go gcuirfear siar cur i
bhfeidhm
iomlán mar nach bhfuil aistritheoirí go leor ann.
Ag
caint inniu, dúirt Iníon McDonald:
"Ba é aidhm an
chruinnithe ná a fhiosrú faoi na céimeanna praicticiúla atá
le
glacadh sula mbeidh an Ghaeilge mar theanga oibre iomlán de chuid an
Aontais
Eorpaigh. Baineadh siar dom nuair a d'fhoghlaim mé go bhfuil
feidhmeannaigh
de chuid na hEorpa ag moladh go gcuirfear an cur i bhfeidhm
siar de
bharr easpa aistritheoirí.
"Chuir na feidhmeannaigh in iúl
duinn go bhfuil an fhreagracht ar rialtas
na hÉireann cinnte a dhéanamh
go bhfuil daoine go leor oilte mar
aistritheoirí don Ghaeilge i
bParlaimint na hEorpa.
"Ba mhaith liom ceist a chur ar rialtas na
hÉireann: an bhfuil muinín go
leor acu go mbeidh
aistritheoirí ar fáil le cinnte a dhéanamh go dtarlóidh
cur
i bnhfeidhm iomlán stádas oibre ar 1 Eanáir 2007.
"Caithfidh
an rialtas a rá anois, go poiblí, an bhfuil siad ábalta an
dushlán
a thabhairt agus traenáil aistritheoirí go leor a éascú in am don
dáta
sin i gceann bliana.
"Beidh mé ag tógail na ceiste seo leis an
rialtas amach anseo.
"Le triocha bliain anuas tá Gaeilgeoirí i
mbun feachtais ar an ábhar seo
le go n-iarrfadh an rialtas stádas
iomlán don Ghaeilge. Bheadh sé
doghlactha go mbeadh a
thuilleadh moill ann anois mar gheall ar theip an
rialtais a ullmhú do
thús na Gaeilge mar theanga oibre in 2007." CRíCH