June 16, 2020
Tá tacaíocht de dhíth ar na hIonaid Pobail sa Ghaeltacht agus easnamh mór sa gheilleagar mar gheall ar COVID-19 – Piaras Ó Dochartaigh TD

Tá sé ráite ag an Teachta Dála do Dhún na nGall, Piaras Ó Dochartaigh, go bhfuil tacaíocht de dhíth ar na hIonaid Pobail atá lonnaithe sa Ghaeltacht mar gheall ar an easnamh mór atá sa gheilleagar de dheasca COVID-19.

Cé go bhfuil scéim anois ar bun ag an Roinn d’fhir agus mná tí, níl an tacaíocht ceanna ar fáil do na hIonaid Pobail atá ag cailleadh amach mar gheall ar na cursaí Gaeltachta a bheith cúrtha ar ceal i mbliana, a deir an Teachta Ó Dochartaigh.

Ag caint tráthnona, dúirt an Teachta Ó Dochartaigh gur scríobh sé chuig an Aire Stáit, Séan Kyne, ag moladh scéim a thabharfadh tacaíocht do na hIonaid a chaill amach mar gheall ar an gcealú.

Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh:

“Tá ról tabhachtach ag baint le na hIonaid seo i saol na Gaeltachta agus s’iad na hIonaid a chuireann imeachtaí, cúrsaí agus ranganna ar fáil don phobal i rith na bliana.

“Ach bíonn na hIonaid ag brath ar an airgead a fhaigheann siad ó na colaistí Gaeilge le linn an tsamraidh chun na seirbhisí eile seo a chur ar fáil don phobal, agus ar an droch uair, níl tacaíocht ar bith a thabhairt do na hIonaid faoi’n tionscnamh €4.7m d’earnáil na gColáistí Gaeilge, a d’fhógair an Aire Stáit Seán Kyne.

“Mar gheall ar seo, scríobh mé chuig an tAire Kyne, ag moladh tacaíocht a thabhairt do na hIonaid Pobail le cinntiú go mbeidh todhchaí acú agus chun saol ár bpobail Gaeltachta a chosaint. Sa scéim seo, ba cheart airgead a chur ar fáil do na hIonaid atá ag cailleadh amach de bharr na gcoláistí a bheith curtha ar ceal.

“Tá mé féin agus mo chomghleacaí Mairead Farrell, Teachta Dála Shinn Féin do Ghaillimh Thiar agus Maigh Eo Theas, ag obair lena chéile ar seo agus tuigeann muid chomh tabhachtach agus atá na hIonaid i saol mhuintir na Gaeltachta.”

Follow us online

Latest Tweets

Sinn Féin launched our health plan for local health services. We want people to have the very best access to local healthcare services. You can read our plan here 👉 https://vote.sinnfein.ie/wp-content/uploads/2024/03/Caring-for-Communities.pdf
@davidcullinane

Tackling the crisis in Lough Neagh is a priority.

Today I visited the Lough and heard first hand about the issues it faces, and I am glad that coordinated efforts are underway to protect its stunning beauty and essential roles in the environment, tourism, fishing, and water…

https://www.surveymonkey.com/r/childcaresurvey2024

Sinn Féin is working to make childcare affordable and accessible for all parents.

We have launched a survey to listen to your personal experiences of childcare, and to help us address issues facing families.

Please take a moment to fill in our survey.

Irish intervention in ICJ genocide case must be meaningful – Matt Carthy TD

“The intervention must be a meaningful one that sets out clearly the position of the Irish people that Israel is engaged in a genocide against the people of Gaza”

@mattcarthy

Load More