Fáiltíonn Ó Donnghaile roimh thuairisc Chomhairle na hEorpa ar theangacha
Tá sé iarrtha ag an Seanadóir Niall Ó Donnghaile go ndéanfar an tAcht Gaeilge ó thuaidh a reachtú i ndiaidh foilsithe tuairisc Chomhairle na hEorpa fá theangacha.
Dúirt Ceannaire Shinn Féin sa Seanad:
“Tá tuairisc chriticiúil eile fá Rialtas na Breataine foilsithe ag Comhairle na hEorpa fána chur chuige seanchaite leis an Ghaeilge.
“Léiríonn an tuairisc go leor easnaimh fá mar atá rudaí, seirbhísí aistriúcháin sa chóras breithiúnach, sa tionól ó thuaidh, sna bardais áitiúla agus ag go leor seirbhísí poiblí.
“Déanfaidh cur i bhfeidhm an Achta Gaeilge, ar aontaíodh mar chuid den ‘New Decade, New Approach,’ aghaidh a thabhairt ar chuid de na ceisteanna seo.
“Cuirim fáilte roimh an 20 molta á dhréachtaigh Comhairle na hEorpa a chothódh agus a chosnódh an Ghaeilge, tá cur i bhfeidhm an Achta Gaeilge mar chuid de seo.
“Ní thig na moltaí seo a chur ar an mhéar fhada, caithfear gníomhú orthu.
“Ní thig moill a bheith curtha le cur i bhfeidhm na hAchta Gaeilge.
“Tagraíonn an tuairisc den Ghaeloideachas, d’oibrigh sinne gan staonadh ó thuaidh agus theas leis an earnáil a chothú agus a chaomhnú. Tá Earnáil an Ghaeloideachais ar cheann de na hearnálacha atá ag fás fá láthair.
“Tagraíonn an tuairisc fá bhac tíreolaíochta ag saoránaigh ó thuaidh teacht ar na meáin Ghaeilge, mar atá TG4. Iarrfaidh muid cruinniú le TG4 le haghaidh a thabhairt ar an cheist seo.
“Tá pobal na Gaeilge ilghnéitheach agus ag fás, déanaimis achan bheart tacaíocht phraiticiúil leis an fhás seo a chothú.”