Tacaíonn Bairbre de Brún le feachtas ar son Acht na Gaeilge
Tá Feisire de Pharlaimint na hEorpa de chuid Sinn Féin, Bairbre de Brún, ag tacú le feachtas POBAL ar son Acht na Gaeilge do na Sé Chontae.
Bhí an FPE ag caint ag ócáid i lár Bhéal Feirste inniu, nuair a sheol POBAL
Acht na Gaeilge, tar éis don eagraíocht bliain a chaitheamh i mbun comhairliúchán
le Gaeilgeoirí.
Ag caint léi ag an ócáid, dúirt Bairbre de
Brúin: "Tá reachtaíocht forbartha fud fad an domhain le
cosaint a thabhairt do theangacha dúchasacha.
"Molaim obair
POBAL ar an cheist seo. Tá moltaí doAcht cuimsitheach dréachtaithe
acu. Ba chóir na cearta chéanna bheith ag Gaeilgeoirí sna Sé Chontae
agus atá acu sna 26 Contae.
"Beidh Sinn Féin ag cur ina luí
ar rialtas na hÉireann, rialtas na Breataine agus na páirtithe
polaitiúla eile gur rud fiúntach é seo a ba chóir do gach
éinne bheith ag tacú leis.
"Beimid ag cinntiú go bhfuil
cearta do Ghaeilgeoirí, agus creatlach dleathach d'fhorbairt na teanga
mar a mholtar san Acht seo, beidh muid ag cinntiú go mbeidh siad ag croí-lár
na gcainteanna idir muid féin, an dá rialtas agus na páirtithe
eile.
"Cinnteoidh moltaí POBAL go mbeidh áit ag an Ghaeilge sa
todhchaí; go mbeidh cearta daingne soiléire ag Gaeilgeoirí; agus go
mbeidh eolas cruinn ag an stát cad iad dualgais s'aige," ar sí.
Sheol
an Seanadóir an Dr Maurice Hayes Acht na Gaeilge ar son POBAL i dTeach
Windsor, 9-15 Sráid Bedford, Béal Feirste, ar 11.00rn Dé Céadaoin 8 Feabhra
2006.