Sinn Féin - On Your Side

Bairbre de Brún ArdFheis 2006 Óráid oscailte rannóg an AE/Idirnáisiúnta

17 February, 2006


Ba mhaith liom glacadh leis na haíonna idirnáisiúnta atá i láthair agus le baill an chóir taidhleoireachta. Ina theannta sin, ba mhaith liom beannachtaí dlúthphairtíochta a sheoladh chuig ár gcomrádaithe nach dtig leo bheith anseo inár measc anocht.

Ba mhaith liom fáilte ar leith a chur rompu siúd ón ghrúpa Eite Chlé Aontaithe na hEorpa /Nordach Glas Clé i bParlaimint na hEorpa. Tá mé dearfa go bhfuil mé ag labhairt ar son Mary Lou McDonald, chomh maith, nuair a deirim go bhfuil muid thar a bheith buíoch díobh as a dtacaíocht leanúnach i rith na bliana a chuaigh thart.

Ba mhaith liom labhairt  go sainiúil ar son Rún 63, An Moladh á Dhéanamh - moltaí do phacáiste tacaíochta ón Aontas Eorpach d'athaontú na hÉireann - ach, sula ndéanaim amhlaidh, ba mhaith liom blaiseadh a thabhairt daoibh ar roinnt de na cathanna a troideadh le deireanas ar stáitse na hEorpa.

I bhfeachtas toghcháin na hEorpa sa bhliain 2004, bhí polasaí  glan soiléir ag Sinn  Féin - Éire Chothrom i nEoraip Chothrom - agus chloígh muid leis an pholasaí sin ó shin i leith. Rinne muid iarracht Parlaimint na hEorpa a oscailt dos na toghdóirí agus dos na pobail sa dóigh is gurbh fhéidir leo teacht ar an eolas, socruithe a cheistiú agus tacaíocht a lorg
ar son a gcúiseanna.

Chuir muid ról agus dualgais an AE chun suntais i leith na bochtaineachta domhanda, i leith chuspóirí Forbartha na Mílaoise a bhaint amach, i leith bhagairt leanúnach an téimh domhanda, i leith an MheánOirthir - an Phalaistín ach go háirithe - agus i leith chearta na ndaoine a mbíonn tearmann á lorg acu ó chogaí agus ó choimhlint nó a theastaíonn uathu
todhchaí níos fearr a bheith acu laistigh de theorannacha an AE.

Níos gaire don bhaile cuireadh fearadh is fáilte ar fud speictream polaitiúil na hEorpa roimh thosaíochtaí an IRA mí Iúil agus Mí Mheán an Fhómhair seo caite. Daingníodh ciste Síocháin 3 go dtí an bhliain 2013 agus bronnadh stádas oifigiúil oibre ar an Ghaeilge mar theanga an Aontais Eorpaigh ag tosú Mí Eanáir seo chugainn. Ba mhaith liom ómós a ghábháil leo siúd a d'oibrigh chomh dian sin ar na ceisteanna sin.

Fógraíodh Síocháin 3 ag an Aontas Eorpach le gairid dos na sé chontae agus ceantar na teorann agus is aitheantas é sin go bhfuil gá ann próiseas na síochána agus tógáil na síochána a dhaingniú in Éirinn. Is fada an tréimhse a chaith muid i mbun an phacáiste seo a bhaint amach, I gcruinnithe leis an Choimisiún Eorpach agus le rialtais na Breataine agus
na hÉireann araon.

Ba mhaith liom, ach go háirithe, obair na ngrúpaí pobail éagsúla ar fud na tíre a mholadh. Tá sé de dhóchas agam go gcuideofar leo ag cistí ón tSíocháin agus ó Chiste Idirnáisiúnta d'Éirinn obair síochána agus obair athmhuintearais den scoth a chothú ina bpobail áitiúla.

Bheadh sé furasta go leor dúinn dochma agus lagar spride a bheith orainn faoin treoir agus faoin idé-eolaíocht atá á mbrú ar aghaidh ag uasaicme na hEorpa. Chonacthas samplaí den idé-eolaíocht seo san ionsaí tosaigh a rinneadh ar ár seirbhísí poiblí agus ar cearta oibrithe. Chonacthas fosta an béim a chuirtear ar chreideamh na forbairte eacnamaíochta a bhraitheann
ar diúltú a dhéanamh ar chosaint shóisialda, ar chothramas sóisialda agus
ar chosaint na timpeallachta.

Tá tús curtha, áfach, leis an fhód a sheasamh in éadan an chreidimh sin - tús beag ach tús tábhachtach. Díreach ar fud na hEorpa tá troid á déanamh in éadan an ionsaithe agus in éadan na truaillíochta seo atá á ndéanamh ar cearta oibrithe - fealsúnacht a thugann tús áite don bhrabús agus cúl áite do leas agus do chearta oibrithe. Sa Fhrainc agus san Ísiltír tugadh an chluas bhodhar ag an daonra don challánacht agus don ansmacht agus vótáil siad in éadan Bhunreacht an Aontais Eorpaigh agus tá an fód á sheasamh go
bríomhar agus go leanúnach in éadan Treorach Bolkestein nó Treorach na Seirbhísí agus in éadan Treorach Seirbhísí an Phoirt.

Ba mhaith liom Rún 63 agus an doiciméad a ghabhann leis a mholadh don ArdFheis seo. Bheadh sé faillíoch dúinne mar Phoblachtánaithe Éireannacha gan aghaidh a thabhairt againn i dtreo na hEorpa le hathaontú na hÉireann a bhaint amach.

Tá camadh déanta ar gheilleagar (eacnamaíocht) na hÉireann ag an chríchdheighilt agus ag deighilt sheicteach rianúil daonra na hÉireann ag an Bhreatain.

Mínítear sa doiciméad dualgas an AE suimeáil shóisialta agus eacnamaíochta tras-teorann a chur ar aghaidh agus páirt ghníomach a ghlacadh le mí-thionchair na críchdheighilte a cheartú.

Leagtar coiscéimeanna éagsúla amach sa doiciméad ar chóir don Aontas Eorpach glacadh leo le suimeáil níos fearr a bhaint amach ar an oileán seo agus le conclúid shásúil a chur i gcrích i bpróiseas na síochána.

Ní féidir leis an Aontas Eorpach súil a dhúnadh ar na fíorbhuntáistí eacnamaíochta agus sóisialda a bheadh ann ar theacht an athaontaithe. Tá iachall orainn uilig lámh a bheith againn sa dúshlán seo atá á chur faoin Aontas páirt ghníomhach a bheith aige in athaontú na hÉireann.







Connect with Sinn Féin