Comhionannas do Ghaeilgeoirí ó thuaidh á éileamh ag Bairbre de Brún
Tá FPÉ de chuid Shinn Féin, Bairbre de Brún, ag éileamh go mbronnfaidh na cearta
céanna ar Ghaeilgeoirí sna sé chontae mar atá acu sa chuid eile den tír.
Rinne
Iníon de Brúin tagairtí s'aici agus í ina haoi-chainteoir ag seoladh tuairisc
de chuid an ghrúpa Gaeilge POBAL. Is é 'Cur i bhFeidhm na Cairte Eorpaí
um Teangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh' teideal na tuairisce.
Tá
an seoladh ar siúl san Edge, May's Meadow, Béal Feirste ar 11.00rn.
Ag
caint léi inniu, dúirt Iníon de Brúin:
"Ba
mhaith liom POBAL a mholadh as an iarracht mhór a dhéanann sé le cinntiú
go bhfaighfidh Gaeilgeoirí ó thuaidh na cearta céanna a fhaigheann siad
sa chuid eile den tír."
"Ní amháin go gcaithfidh ranna
rialtais cur leis na hiarrachtaí a dhéanann POBAL agus
eagraíochtaí eile in earnáil an phobail is dheonach, caithfidh na
ranna na hiarrachtaí sin a sharú. Ní hamhlaidh an scéal faoi láthair agus
beag an baol air.
"Is é fócas tuairisc POBAL ná cinntiú go
gcuirfear an Chairt Eorpach um Teangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh i bhfeidhm
go hiomlán ó thaobh na Gaeilge de. Glactar leis go forleathan go
dtugann an Chairt deis an Ghaeilge a chur ar chomhchéim le teangacha mar í
fríd an AE. Tá rialtas na Breataine ciontach i miolleadóireacht,
áfach. Tá cur chuige ina phíosaí aige maidir le cur i
bhfeidhm na reachtaíochta.
"Tá íoróin ar leith ag baint le
seasamh Rialtas na Breataine mar go bhfuil an teanga níos coitinne sa lá atá
inniu ann ná ag am ar bith i stair s'againne.
"Taispeánann
an tuairisc a seoladh inniu nár chomhlíon Rialtas na Breataine na
coimitmintí a rinne sé le gníomhaíocht riachtanach dhiongbháilte
a dhéanadh. Cuireann sé seo go mór leis an chás ar son Acht na
Gaeilge ó thuaidh.
"Tá coimitmint ag Sinn Féin le cinnte a
dhéanamh go mbeidh stádas chomhionann ag an teanga agus beidh muid
ag tabhairt toscaireacht de ghníomhaithe teanga go Pairlimint na hEorpa ar 7
Márta 2006. Buailfidh siad le heagrais neamhrialtais, oifigigh de chuid
instiúid na hEorpa, Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus foirne grúpaí
polaitiúla le cearta
Gaeilge a phlé mar aon le stádas na Gaeilge
mar theanga oifigiúil oibre de chuid an AE, Acht na Gaeilge do na Sé
Chontae agus chur chun cinn na teanga i gcomhthéacs na Cairte Eorpaí um
Teangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.
"Tá Sinn Féin
ag obair go gníomhach le POBAL agus príomh-ghrúpaí eile Gaeilge
nach é le cinnte a dhéanamh go mbeidh an cheist seo ina phríoracht don
dá rialtas. D'ardaíomar an cheist arís le déanaí inár dteagmhálacha le grúpaí
eile spéise agus leanfaimid leis seo sna míonna amach anseo. Mar Ghaeilgeoir
agus mar Bhall Parlaimint na hEorpa déanfaidh mé gach rud is féidir
liom le cuidiú a thabhairt." CRÍCH
Nóta:
Ar
son rialtas na Breataine, dhaingnigh an Oifig Gnóthaí Eachtra agus Comhlathais
an Chairt Eorpach um Teangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh ar 1 Iúil
2001.