November 10, 2021
Tréaslaíonn Sinn Féin le pobal Gaeltachta Ráth Chairn tar éis an bua pleanála san Ard-Chúirt – Aengus Ó Snodaigh TD

Thréaslaigh Cathaoirleach ar Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge, agus Urlabhraí Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, le mhuintir Ráth Chairn ar maidin as an éacht atá bainte amach acu i gcosaint na Gaeltachta agus cinneadh glactha ag an Ard-Chúirt cead pleanála d’fhorbairt mór a dhéanfadh Béarlú ar an gceantar a chur ar cheal.

Dúirt sé:

“Guím comhghairdeas ar phobal na Gaeltachta sa Mhí, go háirithe leis an bhfoireann dlí agus an lucht agóide atá tar éis gach a dhéanamh chun stop a chur le Béarlu leanúnach na Gaeltachta ansin.

“Is léiriú é seo áfach cé chomh lochtach is atá an córas pleanála nuair atá ar ghnáthdhaoine dul chomh fada leis an Ard-Chúirt chun stop a chur le forbairt a dhéanfadh dochar don Ghaeltacht.

“Ní bhaineann na fadhbanna seo le Ráth Chairn amháin ach oiread – tá an rud céanna ag tárlú síos i nGaeltacht na nDéise, agus chonaic muid i gCiarraí cé chomh lochtach is atá na coinníollacha Teanga atá acu ansin, nuair nár cuireadh ach ceist “Do you speak Irish?” i mBéarla ar dhuine chun fáil amach an raibh Gaeilge acu sular ghlac siad seilbh ar theach a bhí ar leataobh do Ghaelgeoirí.

“Ba chóir go mbeadh an dlí soiléir faoi seo agus cosaintí láidre ar leith a bheith sonraithe ann do cheantair Gaeltachta chun a chinntiú nach féidir leis an chomhairle contae nó an mBord Pleanála cead a thabhairt d’fhorbairt sa Ghaeltacht seachas más féidir a chruthú go gcuirfeadh sé leis an nGaeltacht.

“Sa chaoi céanna, ba chóir go mbeadh dualgas ar na húdaráis pleanála tacú le teaghlaigh Gaeltachta fanacht sa cheantar agus Gaeilgeoirí atá ag iarraidh bogadh ann a mhealladh trí cead a thabhairt do thograí aon-uaire tithíochta Gaeltachta, mar atá á lorg ag an bhfeachtas Todhchaí na Tuaithe, agus coinníollacha teanga a cheangail le hiarratais pleanála.

“Is mór an trua nár ghlac an tAire lenár moladh faoi anailís tionchar teangeolaíoch, mar atá déanta don timpeallacht, a chur isteach i Bhille na dTeangacha Oifigiúla – ní raibh cead againn sa bhfreasúra scóip an Bhille a leathnú, ach d’fhéadfadh an tAire é sin a dhéanamh ag Staid an Choiste sa Seanad i gceann coicíse.

“Tá Béarlú ag tárlú ar an nGaeltacht leis na blianta, agus ní fiú tráithníní iad na pleananna teanga agus na hiarrachtaí athGhaelaithe nuair atá baol ann i gcónaí go dtiocfaidh forbairt ollmhór do Bhéarlóirí isteach i gcroílár na mbailte Gaeltachta mar a bhí bagartha sa bhforbairt seo i Ráth Chairn, agus mar atá déanta cheana féin i mbailte Gaeltachta ar nós Maigh Chuilin agus Bearna na Gaillimhe.

“Ba chóir go mbeadh an dlí agus An Bord Pleanála ag déanamh cosaint don Ghaeltacht, in áit iachall a chur orthu dul chuig na cúirte chun iad féin a chosaint.”

Follow us online

Latest Tweets

Fuel prices approach €2 per litre as government presses ahead with tax hikes on petrol and diesel - @PearseDoherty

"If the government presses ahead with these tax hikes, Irish households will face among the highest fuel prices in Europe."

Workers, families and public services deserve to be supported and properly funded, and today I made that case directly to the British Government Secretary of State Chris Heaton-Harris.

I have also requested an urgent meeting with the British Prime Minister.

All parties in the…

The survivors and families of the Stardust tragedy deserve a state apology from the Taoiseach. This must happen without delay.

They have waited over four decades for answers. Justice has been a long time coming and in today’s verdict it has finally arrived. - @LNBDublin

#JFT48

Stardust families deserve an apology from government – Senator Lynn Boylan

“The survivors and families have been clear that they want a state apology from the Taoiseach. It is imperative that this apology happens”

@LNBDublin

https://vote.sinnfein.ie/stardust-families-deserve-an-apology-from-government-senator-lynn-boylan/

Load More