February 15, 2022
Tá meath agus marbhántacht mar sprioc oifigiúil an Aire Gaeltachta – Aengus Ó Snodaigh TD

Tá díomá léirithe ag Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais Gaeilge, Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh TD, mar gheall ar na figiúirí a chur Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers faoina bhráid le linn plé ar mheastacháin na Roinne an tseachtain seo.

Dúirt urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin:

“Ar an gcéad dul síos, léirigh sé drochmheas agus neamhshuim don Choiste agus do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nach raibh an tAire sinsearach Catherine Martin, a dhéanann maíomh as a ról Gaeltachta go minic ar na meáin, sásta teacht os ár gcóir chun meastacháin na Roinne a phlé.

“Ise amháin atá freagrach as an gcinneadh cé mhéad airgead a fhaigheann rannóg na Gaeltachta as buiséad iomlán na Roinne, agus b’fhéidir is toisc nach bhfuil ach 7% – an sciar is lú – ag dul dó sin faoi riar Chatherine Martin nach bhfuil sí ag iarraidh a bheith náirithe ag ceisteanna uainn faoi na leathphinginne suaracha atá caite aici i dtreo an teanga náisiúnta. Is léir go bhfuil an Ghaeltacht fágtha ar láir i measc an Turasóireacht, Ealaíon, Cultúr, Spóirt agus na Meán atá mar chlocha níos mó ar a paidrín.

“Ní raibh cead againn ceisteanna a chur faoi TG4 ach oiread, toisc gur faoi chlár eile sa Roinn seachas an clár Gaeltachta a thagann sé, agus níl aon freagracht ag an tAire Stáit Chambers ina leith. Rud a bhí áiféiseach amach is amach toisc gur thagair Chambers do mhaoiniú TG4 ag tús a chuid cainte ach níor sholáthraigh sé na meastacháin a bhaineann leis.

“Níos measa ná na rudaí nach raibh cead againn caint fúthú áfach na figiúirí a bhí curtha faoinár mbráid, go háirithe an liosta sprioc-aschur do 2022.

“In áit dul chun cinn, don chuid is mó de na rudaí luaite tá an sprioc ar chomhchéim nó fiú níos ísle ná spriocanna 2021 agus 2020, in ainneoin ardú maoiniú i mbliana agus athoscailt sa tsochaí.

“Níl aon ardú molta do líon na naíonraí nó do líon na bpáistí ag freastal orthu. Tá an sprioc do líon na bpost a cruthaíodh sa Ghaeltacht ag titim fiú. Mar an gcéanna do líon na bpáistí ag freastal ar chlubanna óige ag titim.

“I gcás Gníomhaireacht na hUltaise, an sampla is measa ar an liosta, tá an sprioc d’eagraíochtaí a bhfaighfidh tacaíocht uaidh tar éis titim ó 392 i 2020 go 275 mar sprioc i mbliana, gan chúis tugtha.

“Tá Roinn na Gaeltachta ag caitheamh níos mó airgead ach ag súil le haschur níos lú.

“Bhí sé tubaisteach nach raibh freagra ag an Aire Chambers ar mo chuid ceisteanna nó ceisteanna mo chomhghleacaí Pa Daly TD ar an easpa uailmhian seo.

“Ní féidir an mileán a chur ar Covid don ísliú. Bheifeá ag súil le tuilleadh gníomhaíochtaí agus níos mó daoine ag glacadh páirt iontu anois agus rudaí ag athoscailt. Is anois atá spriocanna uailmhianacha de dhíth.

“Molaim don Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar na figiúirí agus na spriocanna a ardú go mór nó ar a laghad míniú ceart a thabhairt ar cad ba chúis leis an meath agus an mearbhántacht tubaisteach seo.”

Follow us online

Latest Tweets

It's time for a government that cares about you, that has your back and gets things done.

A government that puts the needs of ordinary workers and families at the heart of everything it does.

It's time for change! #ElectionNow

@MaryLouMcDonald | @PearseDoherty

Discussed economic opportunities and unlocking the potential of the North West with @Derry_Chamber and @Seagate

Skills, infrastructure and balanced regional development are key

Fine Gael have simply been in government for too long and the people deserve the opportunity to pass judgement on their time in government.

We need a General Election now.
#TimeForChange #GE2024 @PearseDoherty

🚨Fine Gael shouldn’t pick the next Taoiseach, you should.

⚠️We need a General Election now. It’s time for a new government. @mattcarthy #TonightVMTV

Load More