Sinn Féin - On Your Side

de Brún

31 December, 2006


D'fháiltigh Bairbre de Brún, feisire eorpach de cuid Sinn Féin roimh theacht i bhfeidhm stádas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre den AE inniu, 1 Eanáir 2007.

Dúirt Iníon de Brún,

"Tréaslaím le gach éinne atá bainte leis an fheachtas STÁDAS. Tá an-éacht déanta ag na heagraíochta deonacha agus na daoine eile a throid chomh fada sin chun an stádas cuí a bhaint amach don Ghaeilge. Tabharfaidh stádas oifigiúil agus oibre cothromaíocht do phobal na Gaeilge i gcomhar lena chomh Eorpaghaigh agus cuideoidh sé le fás agus forbairt na teanga. Beidh tionchar an-mhór ag aitheantas idirnáisiúnta ar stádas lucht labhartha na Gaeilge agus a foghlaimeoirí.

Tá an céad céim glactha anois ach tá obair mhór romhainn go fóill. Caithfimid cinntiú go mbeidh na seirbhísí uilig ar fáil do ghaeilgeoirí trí mheán na Gaeilge. Caithfidh na hinstitiúidi eorpacha agus rialtas na hÉireann beart a dheanamh de réir a mbriathar. "Críoch

Connect with Sinn Féin