Iarrann De Brún seirbhís iarnróid uile-Éireannach d'ardcháilíocht
Dhiúltaigh Bairbre de Brún FPE glacadh le saoradh iarnróid mar a bhí molta i
dtuairisc atá faoi chaibidil i bParlaimint na hEorpa. Inniú 18 Eanáir
caithfidh FPE vóta ar an 3ú Pacáiste Iarnróid, mar a thugtar air, a bhfuil
codanna dearfacha ann, ach tá codanna eile ann atá ina bhfíorbhagairt do
sheirbhísí iarnróid agus d'oibrithe agus do thomhaltóirí agus "mar thoradh
orthu beidh níos lú seirbhísí do thomhaltóirí nó níos mó airgid poiblí caite
chun leibhéal na seirbhísí atá ann cheana féin a choinneáil."
Dúirt
an Iníon de Brún:
"Is moladh pragmatach dearfach é
Tuarascáil Savary ar Dheimhniú Foirne Traenach chun deimhniú foirne traenach
a fheabhsú a chuirfidh le sábháilteacht iarnróid agus le sábháilteacht
paisinéirí agus foirne.
"Molann Tuairisc Jarzembowski
ar Shaoradh Iompar Paisinéirí Iarnróid, áfach, comórtas 'rochtana oscailte'
d'iompar paisinéirí iarnróid idirnáisiúnta ó 2010 agus, níos imníche arís,
d'iompar paisinéirí iarnróid náisiúnta ó 2017.
"Tá
géarghá ann chun tuilleadh infheistíochta poiblí i bhforbairt seirbhís
iarnróid
uile-Éireannach. I 1922 thrasnaigh 20 iarnród ar a laghad an
teorainn.
Sa lá atá inniu ann níl ann ach aon nasc iarnróid trasteorann
amháin
ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste. Tá gá le straitéis
uile-Éireannach
agus infheistíocht shuntasach poiblí chun an treocht seo a
chúlú.
"Ní
bhainfidh paisinéirí tairbhe as saoradh seirbhísí paisinéirí iarnróid. Le
comórtas rochtana oscailte ní bheidh ann sa deireadh ach roghnú
buntáisteach, ag fágáil soláthróirí líonra le dul in iomaíocht le
soláthróirí aonbhealach a oibríonn ar bhealaí brábúsacha. Beidh ar
sholáthróirí líonra níos lú seirbhísí do thomhaltóirí a chur ar fáil, nó
beidh gá le tuilleadh airgead poiblí chun leibhéal seirbhísí atá ann cheana
a choinneáil, airgead ar chóir a úsáid chun seirbhísí iarnróid
nua-aimseartha de dhea-cháilíocht a fhorbairt.
"Cuirfidh
comórtas rochtana oscailte seirbhísí tomhaltóirí i gcontúirt maidir le
heolas clár ama, díol ticéad agus naisc. Mar thoradh ar shaoradh caillfear
poist, beidh seirbhís níos boichte ann agus rachaidh coinníollacha oibre san
earnáil in olcas.
"Is é an idé=eolaíocht a spreag an moladh
seo agus laghdóidh sé an fhéidearthacht d'Éirinn chun seirbhís iarnróid
uile-Éireannach d'ardcháilíocht a fhorbairt.
"D'éascaigh
mé toscaireacht ardchumhachta ar an Bhruiséil le bualadh leis an
Choimisiún
Eorpach faoin ghéarghá le forbairt bonneagair sa réigiún, iompar
iarnróid
san áireamh. D'iarrfainn ar rialtas na hÉireann agus ar
institiúidí
AE dianmhachnamh a dhéanamh ar riachtanais an cheantair siar ó
thuaidh
agus ceantair eile nach iad agus cúlú siar ó bhealach an
príobháidithe
mar atá molta i dtuarascáil Jarzembowski.
Deireadh
Nótaí
d'eagarthóirí:
Ceadaíonn comórtas bunaithe ar 'rochtain
oscailte' comhlacht iarnróid ar bith bealach ar bith a reáchtáil de réir mar
is mian leis. Ní gá aird a thabhairt ar rialacha maidir le cáilíocht
seirbhísí.
Go ginearálta bronnann córas 'comórtas rialaithe' cearta eisiacha ar
chomhlacht amháin as feidhmiú leis féin ar bhonneagar ar leith i ndiaidh
próiseas tairisceana. Is féidir critéir cáilíocht seirbhíse a fhorchuireadh.