Sinn Féin - On Your Side

Cháin Comhairle na hEorpa Rialtas na Breataine inné de bharr a cur chuige ‘lag-bhríoch’ maidir le teangacha mhionlaithe.

22 March, 2007


Cháin Comhairle na hEorpa Rialtas na Breataine inné de bharr a cur chuige 'lag-bhríoch' maidir le teangacha mhionlaithe.

Agus caithfidh an rialtas níos mó a dhéanamh lena chuid dualgaisí a chomhlíonadh chun teangacha réigiúnacha agus mhionlaithe a chosaint, de réir Comhairle na hEorpa. Foilsíodh an ráiteas seo seachtain i ndiaidh a dhiúltaigh Rialtas na Breataine an gealltanas aontaithe a thug siad i gCill Rímhinn chun Acht Gaeilge a achtú a chomhlíonadh.

Chuir pobal na Gaeilge fáilte roimh thuairisc Chomhairle na hEorpa, tacaíocht idirnáisiúnta don lochtú láidir a thug siad do Rialtas na Breataine don loiceadh mí-mhacánta, náireach s'acu maidir leis an Acht Gaeilge sna sé chondae.

Connect with Sinn Féin