February 25, 2021
Tionchar CETA ar chearta Gaeilge agus Gaeltachta ardaithe le Coiste Oireachtais na Gaeilge – Aengus Ó Snodaigh TD

Tionchar CETA ar chearta Gaeilge agus Gaeltachta ardaithe le Coiste Oireachtais na Gaeilge – Aengus Ó Snodaigh TD 

Tá nóta curtha faoi bhráid Chomhchoiste Oireachtais don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do Phobail Labhartha na Gaeilge ag Urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, ag léiriú an t-imní atá aige faoin ndrochthionchar a bhféadfadh a bheith ag an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíochta agus Trádála (CETA) idir an tAontas Eorpach agus Ceanada ar chearta teanga agus cás na Gaeltachta. 

Tá Cathaoirleach an Chomhchoiste ag lorg comhairle mar gheall ar thionchar CETA ó Chomhairleoir Polasaí an Choiste agus Dlí-Chomhairleoirí an Oireachtais, agus ag fiosrú freisin an féidir leis an gComhchoiste iniúchadh reachtúil a dhéanamh ar an gComhaontú mar atá i gceist ag coistí eile. 

Impact of CETA on Irish language and Gaeltacht rights to be raised at Oireachtas Committee – Aengus Ó Snodaigh TD 

Sinn Féin’s spokesperson on the Irish language and the Gaeltacht, Aengus Ó Snodaigh TD, has sent a note for attention of the Oireachtas Joint Committee on the Irish language, the Gaeltacht, and the Irish-Speaking Community, sharing his concerns about the potential negative impact of the Comprehensive Economic and Trade Agreement (CETA) between Canada and the European Union on language rights and the Gaeltacht. 

The Chairperson of the Committee is seeking advice on the impact of CETA from the Committee’s Policy Advisor and Oireachtas Legal Advisors, as well as clarity on whether or not the Committee can participate in legislative scrutiny of the Agreement as is planned by other Committees. 

Seo thíos téacs den nóta a scríobh sé: / Below is the text of the note he wrote: 

Tá imní orm faoin mbaol atá ann go mbeadh drochthionchar ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta dá gcuirfear i bhfeidhm roinnt forálacha sa Chomhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada. 

Go háirithe, ba chóir don Chomhchoiste soiléiriú a lorg chun fáil amach an mbeadh deis ag cuideachtaí príobháideacha cás a thabhairt in aghaidh na hÉireann ag cúirt infheisteora dá gcuirfeadh coinníollacha teanga nua isteach ar an mbrábús a bhfuiltear ag súil leis amach anseo sa chás go seolfadh rialtas reachtaíocht teanga níos láidre ná mar atá i bhfeidhm faoi láthair amach anseo chun an Ghaeilge a chur chun cinn nó chun ceantair Gaeltachta a chosaint. 

Dá mbeadh an deis sin ag corparáidí ilnáisiúnta, d’fhéadfadh costas dodhéanta a bheith i gceist a chuirfeadh bac ar dhul chun cinn teanga sa Stát. Anuas ar sin, is cosúil go bhfuil gá le himscrúdú ar an tionchar a bhféadfadh a bheith ag an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála ar chúrsaí timpeallachta, aeráide, talmhaíochta agus cearta oibre sna ceantair Gaeltachta agus riachtanais an phobail ansin. 

Is léir go bhfuil geilleagar na Gaeltachta go háirithe ag brath ar thalmhaíocht agus ar thurasóireacht bainteach leis an timpeallacht, ach freisin go mbíonn tionchar díréireach ag athrú aeráide ar cheantair iargúlta agus cois fharraige. 

Tá easpa tagairt déanta sna meáin don tionchar a bhféadfadh a bheith ag an gComhaontú seo ar mhuintir na Gaeltachta, agus níl dóthain plé nó scrúdú á dhéanamh ar na féidearthachtaí seo leis an phobal trí mheán na Gaeilge. 

Mar sin, an féidir leis an gComhchoiste comhairle a fháil mar gheall ar na nithe seo óna Chomhairleoir Polasaí Bheadh sé áisiúil freisin comhairle a lorg ó Sheirbhís Dlí-chomhairligh an Oireachtais ar an tionchar a bheidh ag an gComhaontú seo ar chearta teanga agus na nithe eile thuasluaite, agus dá lorgódh an Comhchoiste go gcuirfear an reachtaíocht a bhaineann leis an gComhaontú faoinár mbráid ionas gur féidir linn ról a ghlacadh san anailís reachtúil ina leith. 

Is mise, le meas, 

Aengus Ó Snodaigh TD

Follow us online

Latest Tweets

Fuel prices approach €2 per litre as government presses ahead with tax hikes on petrol and diesel - @PearseDoherty

"If the government presses ahead with these tax hikes, Irish households will face among the highest fuel prices in Europe."

Workers, families and public services deserve to be supported and properly funded, and today I made that case directly to the British Government Secretary of State Chris Heaton-Harris.

I have also requested an urgent meeting with the British Prime Minister.

All parties in the…

The survivors and families of the Stardust tragedy deserve a state apology from the Taoiseach. This must happen without delay.

They have waited over four decades for answers. Justice has been a long time coming and in today’s verdict it has finally arrived. - @LNBDublin

#JFT48

Stardust families deserve an apology from government – Senator Lynn Boylan

“The survivors and families have been clear that they want a state apology from the Taoiseach. It is imperative that this apology happens”

@LNBDublin

https://vote.sinnfein.ie/stardust-families-deserve-an-apology-from-government-senator-lynn-boylan/

Load More