Sinn Féin - On Your Side

Géarghá le soiléireacht faoi shrianta Covid-19 ar choláistí Gaeilge - Pearse Doherty TD

30 March, 2022 - by Pearse Doherty TD


Tá géarghá le soiléireacht faoi shrianta Covid-19 ar choláistí Gaeilge dar le Teachta Dála Shinn Féin do Dún na nGall, Pearse Doherty TD.

Dúirt an Teachta Doherty:

"Tá ráflaí ann go mbeidh srianta Covid-19 curtha ar Choláistí Gaeilge agus ranganna churtha ar líne.

"Is coláistí iad seo a bhí ag ceapadh go mbeadh na céadta mac léinn tríú leibhéal ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta thar an Cháisc, agus tá sé ina ráfla go bhfuil siad sin á gcur ar líne anois.

"Más fíor sin, is buille é seo do Mhná Tí, do gach ceantar Gaeltachta agus do na coláistí.

"Tá gá le soiléiriú práinneach ón rialtas."

CRÍOCH

Connect with Sinn Féin