Is gá don Roinn Oideachais freastal ar an earnáil Ghaeilge – Pádraig Ó Síochán
Tá an Roinn Oideachais cáinte ag Urlabhraí Oideachais Shinn Féin ó thuaidh, Pat Sheehan CTR, as a teip acmhainní oideachais ar líne le gabháil i ngléic leis an tromaíocht, a fhoilsiú i nGaeilge.
Cuireadh ceist ag fiafraigh an chúis gur foilsíodh na hacmhainní i 12 teanga eagsúil ach nár foilsíodh i nGaeilge iad.
Dúirt Ó Síochán;
“Tá níos mó na 7,000 stócach in earnáil an Ghaeloideachais ó thuaidh.
“Ní seo an chéad uair gur foilsíodh acmhainní beag beann ar an earnáil IME.
"Tá neart samplaí de laigí na Roinne i rith thréimhse na pandéime ag cur acmhainní i dteangaidh an mhúinte agus chomhrá ar fáil do Ghaelscoileanna.
“Foilsíodh an acmhainn seo i 12 teangaidh eagsúil, tacaíonn muid go mór leis na páistí ag fháil na hacmhainní seo ina gcúlra teangaidh, ach ba cheart iad a fhoilsiú i nGaeilge mar mhodh gnáthaimh.
“Ná cuirimis i gcuimhne don Roinn a dualgas reachtúil i leith an earnáil Gaeloideachais.”