Caithfidh an Roinn Oideachais gníomhú ar bhonn práinne le súil a thabhairt ar an laghdú ar dhaltaí ag déanamh staidéar ar theangacha – Pat Sheehan CTR
Tá sé ráite ag Urlabhraí Oideachais Shinn Féin ó thuaidh, Pat Sheehan, gur gá don Roinn Oideachais súil a thabhairt ar an laghdú ar dhaltaí ag déanamh staidéar ar theangacha.
D’fhoilsigh An Gréasán agus Gael Linn, ceann de na Ceanneagraíochtaí Gaeilge ar an oileán, litir oscailte chuig an Roinn Oideachais ó thuaidh ag iarraidh a thabhairt orthu a ladar a chur isteach sa scéal. Síníodh an litir ag 70 múinteoir, cainteoir Gaeilge agus gníomhaithe.
Dúirt Pat Sheehan,
“Tá ardmheas agam ar na múinteoirí ar fad a shínigh an litir seo ag iarraidh gníomh ón Roinn.
“Tá cuma duairc ar na figiúirí sa litir seo, is léir uathu an bhéim a cuireadh ar ábhair STEM in áit teangacha le cupla bliain.
“Ní thearn an roinn a dualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh le tamall de bhlianta, ní mór dóibh a athrú.
“Faoi mar a fhásann Earnáil an Ghaeloideachais gan srian, tá sé in am díriú isteach ar cheist na teanga agus teangacha eile laistigh de Earnáil an Bhéarla.
“Tacaíonn Sinn féin leis na héilimh sa litir agus pléifidh sinn leis an Roinn go molfaidh siad do dhaltaí staidéar a dhéanamh ar theangacha.”