April 11, 2023
Ní mór don Aire Gaeltachta Coimisinéir Teanga a earcú gan mhoill – Aengus Ó Snodaigh TD

D’fhiafraigh urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD ar an tAire Catherine Martin folúntas an Choimisinéara Teanga a fhógairt ar an bpointe boise agus Coimisinéir nua a earcú gan mhoill.

Dúirt Ó Snodaigh, atá mar Chathaoirleach ar Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge:

“Tá sé thar a bheith tubaisteach go bhfuil sé nochtaithe ag Tuairisc.ie nach bhfuil tús curtha go fóill le fógrú an fholúntais do ról an Choimisinéara dhá mí tar éis do Rónán Ó Domhnaill éirí as, agus go bhfuil seans ann nach mbeidh Coimisinéir nua againn go dtí Deireadh Fómhair na bliana seo toisc moilleadóireacht ón Aire.

“Gan Coimisinéir ceaptha, ní feidir le hOifig an Choimisinéara Teanga tuarascálacha nó imscrúdaithe a fhoilsiú, rud a chiallaíonn nach mbeidh feidhm ag an cosaint is láidre atá ann do chearta Gaeilgeoirí sa tír seo.

“Tagann an moilleadóireacht seo anuas ar an bhfadhb a bhí againn ó thaobh Bord Údaráis na Gaeltachta a líonadh cúpla mí ó shin a d’fhág muid gan cruinnithe nó cinnithe, agus tá patrún á cruthú ag an Roinn Gaeltachta nach bhfuil sé de chumas nó de nós acu tabhairt faoi fholúntais a líonadh a luaithe is a tharlaíonn siad chun a chinntiú gur féidir le heagrais riachtanacha Gaeilge/Gaeltachta feidhmiú.

“Bhain Rónán Ó Domhnaill éacht amach san obair a rinne sé i bpost an Choimisinéara Teanga ó thosaigh sé sa bhliain 2014 tar éis gur éirigh Seán Ó Cuirreáin as, agus ní raibh ach cúpla seachtain i gceist idir an dá Coimisinéir a bheith in oifig an tráth sin. Ní léir cad ba chúis leis an mhoill anois, ach ar a laghad beidh Rónán Ó Domhnaill in ann tabhairt faoi meáin na Gaeilge a chur chun cinn sa ról nua atá aige mar Choimisinéir de chuid Coimisiún na Meán.

“In aineoinn gur tugadh aitheantas do thábhacht agus éifeacht na Choimisinéara Teanga nuair ar tugadh cumhachtaí breise dó in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, tar éis do Sinn Féin brú a chur ar an rialtas, is léir nach aitheantas nó príoracht ceart atá ann ina leith, nó bheadh an ceapachán de Choimisinéir Teanga úr tarlaithe cheanna.

“Níl leithscéal ar bith ag an Aire, mar is ise a cheap Rónán Ó Domhnaill ina Coimisinéír de chuid Coimisiún na Meán agus dá réir ba chóir gur léir don Aire Martin folúntas a bheith cruthaithe ach níor chinn sí deileál leis. Ní léir ar déanadh dearmad an próiséas aimniúchán a thosnú, an easpa treoir ón aire, neamh-inniúlacht, easpa meas nó eile a bhí í taobh thiar gan an folúntas a líonadh.”

Follow us online

Latest Tweets

Sinn Féin Senator @fintanwarfield has expressed his alarm at the large volume of vacancies which continue to exist on boards for which the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media Catherine Martin has responsibility for

Sinn Féin MLA Gerry Kelly has said he will be seeking a meeting with the Chief Constable of the PSNI about revelations this week in relation to the covert surveillance of journalists by police.

@GerryKellyMLA

https://vote.sinnfein.ie/sinn-fein-seeking-meeting-with-the-chief-constable-on-attempts-to-silence-journalists-kelly/

Sinn Féin National Chairperson Declan Kearney MLA is travelling to Johannesburg, South Africa to address a 'Global Anti-Apartheid Conference on Palestine', taking place between 10-12 May 2024.

@DeclanKearneySF

https://vote.sinnfein.ie/kearney-to-address-south-african-global-conference-on-palestine/

Load More