May 25, 2023
Cur stop le fáinne fí na moilleadóireachta, foilsigh na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht – Aengus Ó Snodaigh TD

Léirigh Aengus Ó Snodaigh TD, urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin, a mhíshástacht le freagra ar cheist parlaiminte dá chuid a fuair sé ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Darragh O’Brien maidir leis na treoirlínte atá geallta le fada an lá chun tacú le húdaráis áitiúil cás na bpobal Gaeltachta a chosaint agus a chur chun cinn sna pleananna forbartha acu.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh:

“I mí Lúnasa 2021 – beagnach dhá bliana ó shin – d’fhoilsigh an Roinn Tithíochta Dréacht-Treoirlínte do Phleananna Forbartha nuashonraithe ag dheimhníú arís oibleagáidí údaráis pleanála i ndáil le forbairt na Gaeltachta.

“Rinne an Roinn scrúdú ar aighneachtaí a rinneadh mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí, agus gheall an tAire go bhfoilseodh sé na treoirlínte sa deireadh thiar thall “i Ráithe 1 sa bhliain 2022”.

“Os cionn bliain i ndiaidh a spriocdháta féin, tá an tAire anois ag rá nach bhfuil na dréacht-treoirlínte fiú críochnaithe, agus fiú tar éis go ndéanfar Measúnú Straitéiseach Comhshaoil agus Measúnaithe Iomchuí orthu, tá sé i gceist aige go bhfoilseofar dréacht arís ar mhaitheas le comhairliúcháin phoiblí eile a dhéanamh orthu. Groundhog Day atá ann don phleanáil Gaeltachta, nó fainne fí na moilleadóireachta.

“Ag an staid seo, níl aon duine ag lorg babhta eile comhairliúcháin nó dréachtanna nua athuair. ‘S éard atá ag teastáil anois, tar éis an comhairliúcháin go léir a rinneadh cheana féin, ná na treoirlínte deiridh, mar a bhí geallta roimh Cháisc na bliana seo caite, a fhoilsiú agus curtha i bhfeidhm.

“Tá géarchéim ar leith sa Ghaeltacht, agus líon na gcainteoir laethúil Gaeilge ann tar éis titim. Cuireann polasaithe reatha an Rialtais bac ar theaghlaigh Gaeltachta tithe a thógáil ar a dtalamh féin chun deis a thabhairt don chéad glúin eile fanacht sa Ghaeltacht agus clanna a thógáil trí Ghaeilge, fad is atá Béarlú na Gaeltachta agus bánú na tuaithe ag déanamh creimeadh ar úsáid na Gaeilge san áit. Teastaíonn práinn chun an géarchéim seo a shárú.

“Ag tús mí an Mheithimh na bliana seo caite, d’fhoilsigh Sinn Féin polasaí cuimsitheach don tithíocht agus don phleanáil Gaeltachta, agus 10 príomh moltaí leagtha amach ann chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

“Anuas ar sin, rinne Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobail Labhartha na Gaeilge, ar a bhfuilim mar Chathaoirleach, tuarascáil a fhoilsiú tar éis plé a dhéanamh leis an Aire O’Brien féin agus cúpla mí a chaitheamh ag éisteacht leis na saineolaithe agus na húdaráis cuí, ag leagan amach 22 moltaí don rialtas.

“Beagnach bliain níos déanaí, níl tuilleadh comhairliúcháin nó athdhréachtú nó plé ag teastáil. D’éiligh na húdaráis áitiúil féin soiléiriú ón Aire. Tá na moltaí agus éilimh go léir ag an Roinn ag an staid seo.

“Impíonn Sinn Féin ar an Aire Gaeltachta stop a chur leis an moilleadóireacht agus na treoirlínte geallta a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir chun pobail na Gaeltachta a chosaint.

Follow us online

Latest Tweets

Transparency & accountability crucial to restore confidence at University of Limerick – @QuinlivanTD

Teachta Quinlivan's comments come following reports the Garda Economic Crime Bureau is examining issues relating to a controversial housing deal at UL.

It is essential that a State apology is now made to the families of the Stardust tragedy.

@MaryLouMcDonald has said that the apology must address the failures of governments, not just 43 years ago in the aftermath of this tragedy, but every day since then.

#JFT48

Following a meeting with the families of the Stardust tragedy this morning, @MaryLouMcDonald has said that "a full state apology to the families must be made now, and it must address the systematic failure over 43 years".

MORE: https://vote.sinnfein.ie/a-full-state-apology-to-stardust-families-must-address-systematic-failure-over-43-years-mary-lou-mcdonald/

ICOB in danger of being becoming another failed government business support scheme – @loreillysf

“It's essential that the May 1st deadline for registrations is extended, and that government & local authorities engage with SME's to encourage take-up."

Load More