Sinn Féin - On Your Side

Ag Tógáil na Síochána

Motion 1

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo tiomantas daingean Shinn d’fhorbairt an athmhuintearais agus an chneasaithe in Éirinn.
Tá siad araon lárnach le todhchaí nua a mhúnlú a chabhróidh lenár sochaí bogadh ar aghaidh.

Creidimid go gcaithfidh an t-athmhuintearas bheith tógtha ar na nithe seo a leanas:

  • Glacadh le comhionannas, meas agus paireacht ghradaim;
  • Glacadh le hinsintí polaitiúla agus mianaidhmeanna éagsúla;
  • Diongbháilteacht dúshlán a thabhairt don seicteachas, don deighilt sheicteach agus do gach cineál éadfhulaingthe.

Tá Sinn Féin tiomnaithe d’fheabhsú an athmhuintearais trí phlé go cuimsitheach leis an am a chuaigh thart.
Braithfidh an t-athmhuintearas agus an cneasú ar institiúidí polaitiúla feidhmiúla agus cuntasacha, chomh maith le ceannasaíocht pholaitiúil chróga a thugann eiseamláir don tsochaí níos leithne.
Creidimid go gcaithfidh gach institiúid agus polasaí polaitiúil bheith tiomanta do chaighdeáin cheannasaíochta, luachanna agus spriocanna a ráthaíonn dea-chaidreamh agus athmhuintearas.
Tá Sinn Féin tiomanta a chinntiú go bhfuil gach roinn Rialtais, comhairle agus eagras poiblí dírithe go soiléir agus go comhaontaithe ar an athmhuintearas, agus é mar fhianaise air sin go bhfuil tiomantas ann don chomhionannas i ngach gné den pholasaí poiblí.
Athdhearbhaímid ár ndiongbháilteacht plé le rialtas na Breataine agus rialta na hÉireann araon le moltaí a thabhairt chun tosaigh a chuideoidh le forbairt an athmhuintearais. Éilímid go gceapfar straitéis thiomnaithe athmhuintearais faoi choimirce na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.
Chuige sin glacann an Ard-Fheis seo leis an doiciméad polasaí I dTreo Todhchaí Chomhaontaithe agus Réitithe.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 2

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Seasamh le cearta teaghlach fiosrúcháin oidhreachta a fháil a chomhlíonann go hiomlán Alt 2 (ceart ar bheatha) an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine agus atá maoinithe go dóthanach ag rialtas na Breataine.
  • Dúshlán a thabhairt don mhoill chórasach i bpróisis nochtaithe an PSNI agus don easpa comhoibrithe ag Roinn Cosanta na Breataine pearsanra míleata a ainmniú agus a aimsiú le haghaidh fiosrúcháin oidhreachta.
  • Dúshlán a thabhairt do chrosadh cuimsitheach Rialtas na Breataine ar nochtadh eolais amach anseo do theaghlaigh agus cur ina choinne sin.
  • Leanúint ar aghaidh ag cur chun cinn roghanna eile inoibrithe agus inghlactha seachas clásail Rialtas na Breataine um ‘Shlándáil Náisiúnta’ mar a rianaítear ina ndréachtreachtaíocht a cuireadh síos ar chlár ag na caibidlí um ‘Thús Úr’.
  • Tacú le teidlíocht ar phinsean do gach íospartach le gortuithe nó míchumas dáiríre mar gheall ar ár gcoimhlint dheireanach.
  • Ceapadh Prionsabal Inscne a thréaslú le déileáil le hOidhreacht an Ama a Chuaigh Thart mar chion forásach sa díospóireacht ar dhéileáil leis an am a chuaigh thart, agus tacú le feidhmiú na bprionsabal seo agus le dearcadh inscne níos leithne nuair atáthar ag déileáil leis an am a chuaigh thart.

Cúige na 6 Chontae
Comhairle Ceantair Chollann

Passed

Motion 3

Cuireann an Ard-Fheis seo go hiomlán i gcoinne phleananna Rialtas na Breataine an tAcht um Chearta an Duine 1998 (ACD) a aisghairm.
Tugann Acht 1998 éifeacht don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus tugann sé cead rochtana ar an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Tá an ACD fite fuaite le Comhaontú Aoine an Chéasta agus ráthaíonn sé réimse leathan ceart. Ina measc seo tá (tríd an gCoinbhinsiún) an ceart ar bheatha, cosc ar chéasadh, íde agus Alt 8, an ceart ar mheas ar shaol príobháideach.
Aithníonn an Ard-Fheis seo gur tugadh roinnt cásanna in éadan an stáit Bhriotanaigh as an gCoinbhinsiún um Chearta an Duine a mhí-úsáid nó a shéanadh agus is preabchlár é an ACD ónar féidir na cásanna seo a lainseáil.
Deimhníonn an tAcht freisin gur féidir gníomhairí stáit a choinneáil cuntasach.
Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh fhoilsiú tuairime dlíthiúla a thug Doughty Street Chambers agus Gnólacht Dlí Kevin Winters ar na héifeachtaí a bheadh ag aisghairm an Achta um Chearta an Duine. Sonraíonn an tuairim seo go soiléir gur ionsaí ar spiorad Chomhaontú Aoine an Chéasta a bheadh ann dá n-aisghairmfí an tAcht um Chearta an Duine.
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann gníomhú, mar chomhráthóir Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus dúshlán Rialtas na Breataine a thabhairt maidir lena phlean an ACD a aisghairm, agus éilimh a athnuachan maidir le Bille Ceart a thabhairt isteach atá sonrach do dhálaí iarchoimhlinte Thuaisceart Éireann.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Motion 4

Déanann an Ard-Fheis seo a leanas:

  • Tréaslú a dhéanamh leis an bhfoireann caibidlí Shinn Féin as an gComhaontú um Thús Úr a fháil.
  • Aitheantas a thabhairt do na céimeanna polaitiúla chun tosaigh maidir le hinstitiúidí comhroinnte cumhachta socair, feidhmiúla a chur ar fáil.
  • Aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le tacaíocht airgeadais atá curtha ar fail ag an bhFeidhmeannas le cuidiú leis na daoine is soghonta sa tsochaí, le daoine faoi mhíbhuntáiste, le daoine tinne agus le daoine atá faoi mhíchumas.
  • Aitheantas a thabhairt don tiomantas airgeadais breise a bhí siad in ann a fháil ó Rialtas na Breataine.
  • A díomá a chur in iúl maidir le teip Rialtas na Breataine a fhreagrachtaí a chomhlíonadh maidir lena chinntiú go bhfaighidh teaghlaigh an nochtadh is mó maidir le fiosrúcháin oidhreachta a chomhlíonann prionsabail agus coinbhinsiúin um chearta an duine.

Ard-Chomhairle

Passed

Motion 5

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann agus ar Rialtas na Breataine a ngealltanais atá leagtha amach i gComhaontú Aoine an Chéasta agus i gcomhaontuithe eile a chomhlíonadh.

Go háirithe éilímid orthu na nithe seo a leanas a thabhairt isteach:

  • Bille Ceart;
  • Cairt Ceart uile-Éireann, agus Comhchoiste um Chearta an Duine, Thuaidh agus Theas, a chur ar bun;
  • Fóram Saoránach uile-Éireann;
  • Athbhreithniú ar Fhorais Trasteorann;
  • Fiosrúchán poiblí iomlán ar dhúnmharú Pat Finucane;
  • Acht na Gaeilge.

Comhairle Ceantair Thuaisceart Béal Feirste

Passed

Sláinte

Motion 6

Tá an Ard-Fheis seo tiomanta tabhairt faoi shaincheisteanna sláinte go forásach ar bhonn uile-Éireann. Ní stadann na saincheisteanna a dtugaimid aghaidh orthu ag an Teorainn agus déanann sé ciall idirghabhálacha uile-Éireann a fhorbairt. Creidimid freisin go bhfuil forbairt soláthair uile-Éireann go háirithe ríthábhachtach le freastal ar riachtanais othar a bhfuil riocht tearc acu nó riocht atá chomh tearc sin go bhfuil sé deacair soláthar seirbhíse a choinneáil ar bhonn críochdheighilte.

Bhí ionadaithe de chuid Shinn Féin ar thús cadhnaíochta ag cur chun cinn na comhoibre agus comhtháthú seirbhísí sláinte ar mhaithe le gach duine, mar shampla:

  • In Ospidéal Mhuire do Leanaí, Cromghlinn, i mBaile Átha Cliath beidh ionad máinliach croí péidiatraiceach don oileán. Cuirfimid deireadh leis an ngá do leanaí taisteal ón Tuaisceart go Sasana le haghaidh gnáthaimh níos speisialaithe ná mar atá ar fáil i mBéal Feirste. Bainfidh timpeall 140 leanbh sa bhliain ón Tuaisceart agus 400 ón Deisceart tairbhe as an tseirbhís seo, rud a chinnteoidh go gcoinneoidh gach ball foirne máinliach agus tacaíochta leibhéil scileanna.
  • Tá soláthar Seirbhíse leis an Inchinn Dhomhain a Spreagadh le rolladh amach, ag brath ar chomhoibriú idir seirbhísí néareolaíochta sa Deisceart agus néaramháinliachta ag Ospidéal Ríoga Victoria i mBéal Feirste. Níl an tseirbhís seo ar fáil sna 26 Chontae agus ní raibh de rogha ag othair ach an Scéim um Chóir Leighis Thar Lear, agus b’ionann sin agus costais taistil agus lóistín i bhfad ró-ard do chuid daoine.
  • Aonad beartaithe ag Ospidéal Allt Uí Dhuibhleacháin, Doire, a chuirfidh seirbhísí ar fáil d’othair in iarthuaisceart an oileáin, lena n-áirítear ó na 26 Chontae, agus comhaonad cairdeolaíochta idir Ospidéal Allt Uí Dhuibhleacháin agus Ospidéal Leitir Ceanainn i nDún na nGall.
    Tá rún daingean ag Sinn Féin féidearthacht an chomhoibrithe uile-Éireann i réimse an chúraim sláinte a fhorbairt a oiread agus is féidir.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae

Passed

Motion 7

Creideann an Ard-Fheis seo gur chóir do Rialtas na hÉireann agus don Fheidhmeannas sa Tuaisceart chur chuige níos éifeachtaí a bheith acu maidir le tabhairt faoi shaincheisteanna a bhaineann le meabhairshláinte agus dul i ngleic leis an bhféinmharú inár bpobail.
Creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil infheistíocht cheart agus comhordú níos fearr ag teastáil le dul i ngleic leis an ngéarchéim mheabhairshláinte atá ann, géarchéim atá déanta níos measa ag an ngéarchéim mar gheall ar chiorruithe ar sheirbhísí agus ar bhrúnna breise ar dhaoine a dtarlaíonn sé dóibh bheith i gcruachás.

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an doiciméad polasaí de chuid Shinn Féin Tús Áite don Mheabhairshláinte a lainseáladh i bhFeabhra 2016 agus éilíonn sí bearta lena n-áirítear:

  • Maoiniú méadaithe agus imfhálaithe do sheirbhísí meabhairshláinte;
  • Na straitéisí Fís don Athrú agus Nasctha don Saol sna 26 Chontae;
  • Soláthar a fheabhsú do chúram atá oiriúnach ó thaobh aoise de do leanaí agus d’aosaigh shoghonta a bhfuil saincheisteanna meabhairshláinte acu;

Éilímid freisin go n-aithneofar go cuí seirbhísí meabhairshláinte agus go gcomhtháthófar iad go hiomlán i gcinntí polasaí agus leithdháiltí maoinithe sna Sé Chontae.
Molann an Ard-Fheis do bhaill freisin tabhairt faoi oiliúint ar chosc an fhéinmharaithe.
An Coiste Náisiúnta Óige

Passed

Motion 8

Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil an córas sláinte sna 26 Chontae i ngéarchéim. Tá Fine Gael, an Lucht Oibre agus Fianna Fáil tar éis bheith i mbun seirbhíse sláinte ina bhfuil dhá shraith agus atá ag teip uirthi. Mar gheall air seo tá éagothroime bhunúsach sa chaoi ina bpléitear le hothair, atá bunaithe ar an gcumas íoc agus ar áit cónaithe. Chomh maith leis sin tá easpa cumais sa chóras le plé le brúnna déimeagrafacha i Ranna Éigeandála agus seirbhísí máithreachais.
Níl sé seo inghlactha. Níor cheart go séanfaí, de cheal iad a bheith in ann íoc, an deis d’aon duine saol iomlán, fada agus folláin a bheith acu.

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le Plean Shinn Féin don Chúram Sláinte Uilíoch, lena mholtaí seo a leanas san áireamh:

  • Infheistíocht sa chóras sláinte a mhéadú agus deireadh a chur leis an gcóras sláinte dhá leibhéal poiblí/príobháideach agus córas sláinte poiblí nua uilíoch a chur ar fáil d’Éirinn;
  • Níos mó cumais a thabhairt isteach trí 6,600 oibrí sláinte nua ar an túslíne a earcú, ag méadú líon na leapacha, ag cur ar fáil níos mó seirbhísí sa phobal agus 3,800 áit bhreise i dtithe altranais le dul i ngleic le géarchéim na dtralaithe a fheictear arís agus arís eile;
  • An buiséad don mheabharshláinte a mhéadú agus rolladh amach Altraí Measúnaithe Géarchéime Féinbháis a chríochnú;
  • Deireadh a chur le gníomhaíocht phríobháideach in ospidéil phoiblí agus ag an am céanna an sruth ioncaim a ionadú. Molaimid muirir d’úsáideoirí sláinte a laghdú go hincriminteach agus, sa deireadh, deireadh a chur leo – ó tháillí dochtúra ghinearálta go muirir le haghaidh drugaí oidis – agus sin go léir ar bhealach straitéiseach de réir mar a cheadaíonn acmhainní;
  • Cúram dochtúra ghinearálta saor in aisce a rolladh amach do chách, ag tosú le cártaí leighis uathoibríocha a thabhairt do gach leanbh ar a bhfuil tinneas nó míchumas dáiríre, cártaí leighis a fháil d’aosaigh faoi mhíchumas, agus cúram dochtúra ghinearálta a thabhairt don chuid eile den phobal ag an ráta timpeall 230,000 duine breise sa bhliain. Cuirfimid deireadh le muirir oidis;
  • Féidearthacht an chomhoibrithe uile-Éireann i réimse an chúraim sláinte a fhorbairt a oiread agus is féidir.

Ard-Chomhairle
Cumann Patrick Conroy, an Caisleán Riabhach

Passed

Motion 9

Tacaíonn an Ard-Fheis seo go láidir leis an gcóras sláinte sna Sé Chontae fanacht mar sheirbhís sláinte phoiblí atá saor in aisce ag an bpointe seachadta. Inár bhfís don tsláinte tá córas poiblí cúraim sláinte agus shóisialta a chruthú atá cothrom, inbhuanaithe agus comhoibríoch, agus a chuireann éiteas na seirbhíse poiblí, na comhbhá agus na dínite i gcroílár an tsoláthair cúraim. Córas atá tiomnaithe le deireadh a chur le míchothromaíochtaí sláinte agus riachtanas nár comhlíonadh, rud a chuirfidh na torthaí is fearr ar fáil d’othair, cothrom na féinne d’oibrithe sláinte agus a fheabhsóidh saol ár saoránach ar fad.
Creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil ‘margú’ agus príobháidiú an chúraim sláinte mícheart, agus go gcuireann castacht na struchtúr reatha acmhainní airgeadais, a bhfuil géarghá leo, ar mhalairt slí ar shiúl ó sheirbhísí na túslíne.

Éilíonn an Ard-Fheis seo:

  • Deireadh a chur leis an ‘margadh inmheánach’ inár struchtúir shláinte, go sonrach an scoilt idir coimisiúnú agus soláthraí;
  • Comhpháirt a bhaineann le míchothromaíochtaí a thabhairt isteach san fhoirmle le haghaidh maoiniú caipitíochta.
    Creidean an Ard-Fheis seo go bhfuil torthaí sláinte a fheabhsú d’othair dlúthnasctha le dálaí a fheabhsú d’oibrithe sláinte. Tacaíonn an Ard-Fheis seo lena leanas:
  • An Fóram Comhpháirtíochta Sláinte a athbhunú;
  • Moltaí an Choláiste Míochaine Éigeandála maidir le cúram neamhsceidealaithe a chur i bhfeidhm;
  • Pá maireachtála d’oibrithe na hearnála poiblí;
  • Moltaí Choiste Sláinte an Tionóil ar phleanáil don lucht saothair a chur i bhfeidhm, rud a dhéanfaidh coigiltis shubstaintiúla trí spleáchas ar oibrithe gníomhaireachta agus ar dhochtúirí ionaid a laghdú.

Comhaire Ceantair Dhoire

Passed

Motion 10

Tacaíonn an Ard-Fheis seo go hiomlán le doiciméad polasaí nua-fhoilsithe Shinn Féin, Níos Fearr don tSláinte – Plean Shinn Féin don Chúram Sláinte Uilíoch, agus molann sí don Rialtas nua i mBaile Cliath glacadh leis agus é a chur i bhfeidhm. Tréaslaímid le hurlabhraí ár bpáirtí, Caoimhghín Ó Caoláin TD, as ucht na mblianta d’obair dhílis atá déanta aige sa réimse sin agus as a cheannaireacht sa chúram tábhachtach seo i dtéarmaí Dála as a chéile. Aithnímid ionchur na foirne forbartha polasaí sláinte a chuir an Teachta Ó Caoláin ar bun agus tréaslaímid obair fhócasaithe agus toradh deiridh a dtaighde agus a bplé. Molaimid dár n-ionadaithe tofa agus do phríomhghníomhaithe páirtí eolas iomlán a chur ar ár bpolasaí sláinte agus táimid ag súil leis an deis ár moltaí a chur i bhfeidhm go hiomlán mar phríomhpháirtí i socrú Rialtais amach anseo.
Comhairle Ceantair Mhuineacháin

Passed

Motion 11

Nótálann an Ard-Fheis seo an iomad coimhlintí leasa acu siúd atá ceaptha le sábháilteacht bia a mheasúnú san Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (ÚESB) agus gurb é a thoradh seo amhras a tharraing ar na measúnuithe ar shábháilteacht a dhéanann an tÚdarás agus mar gheall air sin tá easpa mhór muiníne ó chustaiméirí maidir leis na hábhair seo. Tá liosta fada coimhlintí leasa ag an ÚESB i measc phainéal a shaineolaithe, lena n-áirítear an measúnú aspairtéime, agus tá sé ag brath cuid mhór ar staidéir atá maoinithe ag an tionscal. Baineann na gníomhartha seo as faoi dhlisteanacht an ÚESB i súile an phobail agus mar gheall air seo tá ceisteanna ann atá ina ndíol imní faoina neamhspleáchas agus faoina chumas cinntí oibiachtúla saor ó choimhlint a dhéanamh.
Éilíonn an Ard-Fheis seo, mar sin, go gcaithfidh an ÚESB cloí le rialacha níos déine maidir le coimhlint leasa, lena n-áirítear tréimhse fuaraithe níos faide sular féidir le heolaithe ón tionscal bheith ag obair ar na painéil chomhairliúcháin agus vice versa, an dearbhú leasa a bheith scrúdaithe agus curtha i bhfeidhm níos fearr agus rochtain phoiblí ar na staidéir a úsáideann siad.
Cumann Sheáin Uí Chorcoráin, Coillte Mach

Passed

Motion 12

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Aire Oideachais an Oireachtais clár oideachais scoileanna ar dhea-fheasacht mheabhairshláinte agus folláine a chur ar bhonn reachtúil, le cur ar fáil i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna.
Cumann George Plant, Caiseal
Cumann Sheáin Sheosaimh Uí Shíthigh, Ciarraí

Passed

Motion 13

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann straitéis um íocaíochtaí díreacha a chur i bhfeidhm do dhaoine faoi mhíchumas le tús a chur le rolladh amach tionscnamh maoinithe aonair ar fud na tíre. Is é atá i gceist le híocaíochtaí díreacha roghanna agus smacht a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas ar na seirbhísí agus na tacaíochtaí a fhaigheann siad. Tugann siad solúbthacht agus cumasaíonn siad daoine le cinntí a dhéanamh faoina saol féin.
Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar

Passed

Motion 14

Tá constaicí suntasacha roimh dhaoine trasinscneach cúram sláinte cuí a rochtain, go háirithe maidir le meabhairshláinte agus seirbhísí aistrithe, a chuireann brú mór ar dhaoine transinscneacha agus ar a dteaghlaigh. Cuireann rochtain ar sheirbhísí sláinte bainteacha feabhas suntasach ar mheabhairshláinte agus ar fholláine daoine transincneacha. Faoi láthair tá seirbhísí sláinte go sonrach do dhaoine transincneacha an-teoranta in Éirinn, agus is beag ar fad atá ann taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.
Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil constaicí suntasacha roimh dhaoine trasinscneacha i sochaí na hÉireann agus nach bhfuil siad in ann tairbhe a bhaint as na seirbhísí sláinte riachtanacha. Éilímid ar ionadaithe tosaíocht a dhéanamh de chúram sláinte do dhaoine trasinscneacha agus a chinntiú go bhfuil seirbhísí sláinte ar fáil go leordhóthanach ar fud an oileáin.
Cumann Kevin Barry/Frank Stagg, Lár na Cathrach Thuaidh Baile Átha Cliath

Passed

Motion 15

Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbunófaí clinicí ildisciplín at le haghaidh Ghalar Huntington go sonrach. Tá siad seo ríthábhachtach leis an taighde a thabhairt chun cinn agus le caighdeáin cúraim a fheabhsú ar bhonn uile-Éireann agus le haghaidh maoiniú inbhuanaithe do HDAI agus HDANI.
Cumann Tom Kealy, Cill Droichid

Passed

Motion 16

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhairle athbhreithniú a dhéanamh, i gcomhairle leis an bpáirtí trí chéile, ar pholasaithe Shinn Féin ar cheist an channabais go sonrach agus drugaí go ginearálta, ag cur san áireamh samplaí i ndlínsí eile mar ar fhorbair rialacháin cheadaitheacha maidir le cannabas le húsáid le haghaidh leighis. Ba chóir don athbhreithniú seo breathnú freisin ar an teanga a úsáidtear le tagairt do channabas le hidirdhealú a dhéanamh idir é agus drugaí eile lena mbaineann níos mó andúile i ndaoine agus dochair sa tsochaí.
Cumann Martin Forsythe, Gleann Cuilinn/Áth an Ghainimh
Cumann Sheáin Uí Chorcoráin, Coillte Mach
Cumann Shéamuis Uí Chonghaile, an Chathair

Passed

Motion 17

Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil an murtall sna 26 Chontae tar éis méadú faoi dhó le 20 bliain anuas. Faoi láthair tá dhá thrian d’aosaigh agus leanbh as ceathrar róthrom nó murtallach. I mbliain amháin, go díreach, bhí 400% de mhéadú i líon na leanaí faoi chúig a cuireadh chuig an gclár cóire leighis murtaill leanaí in Ospidéal Leanaí Shráid Temple i mBaile Átha Cliath.
As an gcostas measta €1.13 billiún a bhaineann le murtall, baineann 35%, nó beagnach €400 milliú, go díreach le costais cúraim sláinte.
Cuireann an Ard-Fheis seo in iúl a fearg mar gheall ar dhrochbhainistíocht bhuiséad na seirbhíse sláinte. Go háirithe, éilímid go ndéanfaí tosaíocht de struchtúr ceart maidir le cóir leighis don mhurtall. Caithfear áiseanna a chur i bhfeidhm lena chinntiú go bhfuil seirbhís éifeachtach ann sa réimse seo.

Aithníonn an Ard-Fheis seo an dúshlán suntasach atá roimh an tsochaí dul i ngleic leis an murtall agus éilímid bearta sláinte poiblí, lena n-áirítear:

  • Maoiniú a mhéadú d’Éire Fholláin;
  • Margaíocht bianna agus deochanna míshláintiúla ar an teilifís a shrianú go dtí tar éis 7pm;
  • Cáin ar dheochanna siúcraithe a thabhairt isteach;
  • Breathnú chosc ar shiopaí nua mearbhia a chuireann ar fáil bianna ina bhfuil a lán saille, salainn nó siúcraí a thógáil nó bheith ag feidhmiú cóngarach do geataí, do láithreacha nó ó theorainneacha scoileanna, páirceanna nó clóis súgartha, seachas lár an bhaile ina bhfuil zón ann le haghaidh áitrimh.

Comhairle Ceantair Chill Mhantáin
Cumann Mhairtírigh na Mainistreach Léithe, Baile Chill Dara

Passed

Motion 18

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann seirbhísí lasmuigh a chur ar fáil, mar shampla ón Ospidéal Náisiúnta Athshlánaithe, d’othair chónaitheacha sa chóras ospidéal géarmhíochaine atá ag fanacht le leaba ar chéim síos níos oiriúnaí nó seirbhís phobail a fhad is go bhfuil siad sa chóras ospidéil. Tá sé seo go speisialta tábhachtach d’othair a bhfuil gortú inchinne acu nó tá idirghabháil luath ríthábhachtach dá n-athshlánú.
Cumann Smith/Savage, Caisleán Cnucha

Passed

Muirir Uisce

Motion 19

Aithníonn an Ard-Fheis seo gur sainsmaoineamh é muirir uisce an rialtais a raibh Fianna Fáil ina bhun, gur aontaigh siad an polasaí mar chuid den chlár tarrthála ó Troika an Aontais Eorpaigh/Bhanc Ceannais na hEorpa/an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta in 2010; agus:

  • Gur cáin aischéimnitheach iad muirir uisce ar lean rialtas Fhine Gael/Luchta Oibre a bhí ann ar aghaidh á forchur agus a bhí ina bunchloch dá gclár déine;
  • Tréaslaímid leis an bhfeachtas Ceart ar Uisce agus na céadta míle teaghlach ar fud an stáit atá fós ag cur in aghaidh go diongbháilte muirear uisce, nach bhfuil gá leo agus atá míchothrom;
  • Fáiltímid le glacadh le Tuairisc Boylan ar Cheart ar Uisce ag Parlaimint AE a éilíonn, i measc rudaí eile, ar an gCoimisiún Eorpach rochtain ar uisce a dhaingniú mar cheart daonna i ndlí an AE, seirbhísí uisce a eisiamh go buan ó rialacha margaidh inmheánacha agus ó chaibidlí trádála, gan príobháidiú uisce a chur chun cinn agus meas a léiriú ar rogha na mBallstát i leith úinéireacht uisce;
  • Tacaímid leis an ngá le seirbhísí agus le hinfreastruchtúr iontaofa, ardchaighdeáin, lena n-áirítear seirbhísí uisce agus séarachais, atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de agus cuntasach go daonlathach;
    Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo an t-éileamh deireadh a chur le muirir uisce tí agus le hUisce Éireann agus éilímid ar Rialtas na hÉireann a leanas a dhéanamh:
  • Coimisiún Neamhspleách a bhunú ar Sheirbhísí Uisce le breathnú ar an múnla is oiriúnaí le haghaidh úinéireacht phoiblí le teacht in ionad Uisce Éireann agus le tuairisciú ar ais don Dáil laistigh de naoi mí tar éis deireadh a bheith curtha le muirir;
  • Stad a chur leis an tionscadal méadraithe agus an t-airgead atá fágtha a athdhíriú in infheistíocht dhíreach in uasghrádú an infreastruchtúir uisce agus séarachais;
  • Taca a chur faoin múnla nua le haghaidh seirbhís uisce i reachtaíocht;
  • Reifreann a reáchtáil le húinéireacht phoiblí sheirbhí uisce na hÉireann a dhaingniú sa Bhunreacht;
  • Mórchlár caomhnaithe uisce a rolladh amach i gcomhar le húdaráis áitiúla.
    Chomh maith leis sin éilíonn an Ard-Fheis a leanas:
  • Straitéis uile-Éireann ar sholáthar uisce a fhorbairt;
  • Feidhmeannas an Tuaiscirt agus Rialtas na hÉireann comhoibriú ar sholáthar seirbhísí, bunú comhbhainistíocht abhantracht i réigiúin na Teorann, comhinfheistíocht caipitil agus infheistíocht in infreastruchtúr agus soláthar.

Ard-Chomhairle

Passed

Dlúthpháirtíocht Idirnáisiúnta

Motion 20

Aithníonn an Ard-Fheis seo an ról tábhachtach a d’imir Gaeil Mheiriceá i stair phoblachtánais na hÉireann, lena n-áirítear ról lárnach Ghaeil Mheiriceá in Éirí Amach 1916 agus a gcion reatha ag cuidiú Próiseas na Síochána a dhaingniú agus a fhorbairt agus cúis aontacht na hÉireann a chur chun cinn.
Cuireann an Ard-Fheis seo, mar sin, a buíochas agus a beannachtaí dlúthpháirtíochta chuig “ár gclann dhíbrithe i Meiriceá” agus ar fud an domhain agus táimid ag súil le Poblacht 1916 a bhaint amach lena gcabhair agus lena gcuidiú leanúnach agus aithnímid go buíoch tacaíocht Chairde Shinn Féin SAM agus Cheanada.
Cumann Elizabeth O’Farrell Portobello/Sráid Chaoimhín

Motion 21

Ar an 17 Deireadh Fómhair 2011 bhí comhdháil idirnáisiúnta le haghaidh Réiteach na Coimhlinte i dTír na mBascach in Donostia/San Sebastian. I measc ionadaithe idirnáisiúnta bhí iar-Rúnaí Ginearálta NA Kofi Annan agus Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams TD. D’fhógair ETA stad deifinideach cúpla lá ina dhiaidh sin, ag cruthú deis uathúil agus stairiúil le tabhairt faoi chúiseanna chomh maith le iarmhairteanna na coimhlinte.

I mí Iúil 2014 d’eisigh ETA ráiteas eile ag fógairt go gcuirfear deireadh lena struchtúir mhíleata agus go dtosófar próiseas le déileáil le ceist na n-arm. Mar sin féin, tá gach iarracht ag ETA bogadh chun tosaigh i bpróiseas le déileáil go deifinideach le ceist a gcuid arm blocáilte ag údaráis na Spáinne.
Ar an 1 Márta i mbliana ligeadh amach Arnaldo Otegi, Rúnaí Ginearálta SORTU agus príomhcheannaire na straitéise nua don tsíocháin, tar éis cinneadh cúirte sé bliana agus sé mhí príosúnachta a dhaoradh air a chur i gcrích go hiomlán.
Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh saoradh Arnaldo Otegi agus cuirimid in iúl ár dtacaíocht don straitéis síochána agus flaithis atá forbartha ag an gcomhghuallaíocht Bhascach ar son an neamhspleáchais.
Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an bhfeachtas idirnáisiúnta do phríosúnaigh Bhascacha Tabhair Abhaile Iad - Saor Iad go léir agus éilímid ar údaráis na Spáinne agus na Fraince na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm:

  • Deireadh a chur leis an bpolasaí scaipthe (beart gan chúis a chuirtear i bhfeidhm ar phríosúnaigh pholaitiúla Bhascacha amháin) agus iad a aistriú láithreach go príosúin níos gaire dá dteaghlaigh mar chéad chéim i bpróiseas le gach príosúnach de spreagadh polaitiúil a shaoradh go luath;
  • Gach príosúnach atá go dona tinn a shaoradh, ar chóir, de réir reachtaíochta reatha, iad a shaoradh le cóir leighis dhóthanach a fháil dá dtinneas.
  • Príosúnaigh atá i dteideal parúil a shaoradh láithreach.
    Éilíonn an Ard-Fheis seo freisin ar Rialtas na hÉireann agus ar na hinstitiúidí polaitiúla ról gníomhach a ghlacadh ag éileamh ar Rialtas na Spáinne a pholasaí reatha a athrú, is é sin bac a chur, rud atá ag laghdú na deise stairiúla seo, agus éilímid orthu ina áit sin próiseas comhphlé a chur chun cinn agus tacú leis le síocháin chóir agus bhuan a bhaint amach i dTír na mBascach.

Ard-Chomhairle

Motion 22

Nótálann an Ard-Fheis seo streachailt leanúnach Rialtas agus muintir na Catalóine reifreann ceangailteach ar neamhspleáchas a fháil agus éilímid ar Rialtas na Spáinne reachtaíocht a achtú le ligean do mhuintir na Catalóine an reifreann ceangailteach seo ar neamhspleáchas a reáchtáil.
An Coiste Náisiúnta Óige

Motion 23

Aithníonn an Ard-Fheis seo an tsárobair atá déanta le 12 mhí ag Martina Anderson BPE mar Chathaoirleach ar Thoscaireacht na Palaistíne sa Pharlaimint Eorpach agus leanaimid ar aghaidh ag tacú léi agus í ag úsáid an phoist sin le haird a tharraingt ar an éagóir atá á déanamh ar mhuintir na Palaistíne ina streachailt dhlisteanach ar son na saoirse agus le stát a bheith acu.
Cuireann an Ard-Fheis seo beannachtaí dlúthpháirtíochta chuig muintir na Palaistíne atá ag maireachtáil faoi smacht forghabhála nó ar deoraíocht.
Cáineann an Ard-Fheis seo gabháil leanúnach thalamh na Palaistíne ar an mBruach Thiar agus in Iarúsaléim Thoir a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta agus Choinbhinsiún na Ginéive 1949. Éilímid feidhmiú rúin na Náisiún Aontaithe agus forfheidhmiú dlí idirnáisiúnta.
Éilíonn an Ard-Fheis go dtógfar léigear pionósach agus mídhleathach Ghaza, go n-ósclófar gach trasnú teorann chomh maith le calafort Ghaza, agus go sínfear an limistéar iascaireachta. Creidimid gur coir chogaidh é infreastruchtúr mar ospidéil agus scoileanna a bhuamáil d’aon turas agus mar sin gur chóir don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta é a fhiosrú.
Molann an Ard-Fheis tacaíocht iomlán a thabhairt don fheachtas Baghcait, Dífheistihe agus Smachtbhannaí. Éilímid go háirithe go stopfaidh Rialtas na hÉireann láithreach ag fáil armála agus trealamh míleata ó dhéantúsóirí Israelacha.

Fáiltíonn an Ard-Fheis na rúin ar tugadh tacaíocht dóibh sa Seanad agus sa Dáil araon ag éileamh ar Rialtas na hÉireann aitheantas foirmiúil a thabhairt do Stát na Palaistíne ar bhonn theorainneacha 1967 le hOirthear na hIarúsaléime mar phríomhchathair. Eilímid ar Rialtas na hÉirean seo a dhéanamh gan a thuilleadh moille.
Comhaire Ceantair Dhoire

Motion 24

Nótálann an Ard-Fheis seo na feabhsuithe leanúnacha i normálú an chaidrimh idir Cúba agus SAM. Athdhearbhaímid ár n-éileamh ar SAM a imshuí neamhdhlteathach a thógáil go hiomlán.
Nótálann an Ard-Fheis seo na céimeanna chun tosaigh i gcaibidlí síochána na Colóime. Ach is eol dúinn na mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine agus na constaicí atá ann fós roimh an bpróiseas daonlathach. Tacaímid le gach iarracht síocháin bhuan a bhaint amach sa Cholóim agus éilímid ar Rialtas na Colóime a chinntiú go léirítear meas ar chearta an duine agus ar an bpróiseas daonlathach.
Nótálaimid freisin le himní iarrachtaí leanúnacha na heite deise sa Veiniséala baint as faoin réabhlóid Bholavárach agus an dul chun cinn sóisialta atá déanta ag an tír le blianta beaga anuas a scrios.
Cumann Devlin Plunkett, Teach Mealóg/Tír an Iúir

Motion 25

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo ár bpolasaí bheith rannpháirteach go criticiúil leis an AE agus athdheimhnímid ár dtacaíocht don fheachtas do Thuaisceart na hÉireann fanacht san AE.
Leanfaidh Sinn Féin ar aghaidh ag obair le comhghuaillithe forásacha san Eoraip leis na gnéithe dearfacha den Aontas Eorpach a fheabhsú, troid in aghaidh na dtréithe diúltacha agus na hinstitiúidí a choinneáil cuntasach. Leanfaidh Sinn Féin ar aghaidh ag cur in aghaidh lagú an fhlaithis náisiúnta agus ag cosaint chumas na mBallstát.
Cuirfidh Sinn Féin in aghaidh aon sárú ar neodracht na hÉireann.
Cuirfidh Sinn Féin i gcoinne aon iarracht ag Rialtas na Breataine tarraing amach as an AE.
Bheadh impleachtaí diúltacha ann d’Éirinn, Thuaidh agus Theas, dá leanfadh astarraingt stát na Breataine as an AE nó dá dtarraingeoidís amach as ar fad. Céim siar mhór a bheadh ann don phróiseas polaitiúil sa Tuaisceart, agus bheadh sé ina dhúshlán díreach do shláine Chomhaontú Aoine an Chéasta mar chonradh ceangailteach idirnáisiúnta. Bhainfeadh sé as faoi chomhoibriú uile-oileáin chomh maith agus dhaingneodh sé an chríochdheighilt.
Bheadh imeacht na Breataine i gcoinne leas an phobail áitiúil. Is é an cómhéid a chaillfí in infheistíocht AE, foirdheontais agus cistí do Thuaisceart na hÉireann (agus na contaethe cois teorann sa Deisceart) mar gheall ar an mBreatain imeacht as an AE ná timpeall £2.5 billiún.
Molann an Ard-Fheis seo, má imíonn Breatain as an AE, go gcuirfí tús le haontacht na hÉireann láithreach.
Ard-Chomhairle

Motion 26

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo tiomantas Shinn Féin do neodracht na hÉireann agus polasaí eachtrannach neamhspleách.
Nótálaimid diúltú Rialtas na hÉireann tacú leis an mBille um Neodracht a chuir Sinn Féin síos ar chlár sa Dáil, ina bhfuil éileamh ar reifreann leis an neodracht a dhaingniú i mBunreacht na hÉireann agus le stad a chur láithreach le húsáid aerfoirt, calafoirt agus aerspás na hÉireann ag lucht míleata eachtrannach le cogadh a fhearadh.
Cumann Markievicz/Ryan, Tallacht Láir
An Coiste Náisiúnta Óige

Motion 27

Nótálann an Ard-Fheis seo le himní an ghéarchéim teifeach agus dhaonnúil sa Mheánoirthear agus san Eoraip. Cuirimid in iúl go bhfuilimid in aghaidh aon socrú AE faoina ndéanfaí olldíbirt ar lucht iarrtha tearmainn agus éilímid ar Rialtas na hÉireann a chinntiú go bhfuil ról ceannasach ag Éirinn ag dul i ngleic leis an ngéarchéim dhaonnúlach seo agus cainéil nua dhleathacha a oscailt do theifigh lena n-athlonnú go sábháilte in Éirinn. Nótálaimid gealltanas Shinn Féin an Bille um Chosaint Idirnáisiúnta 2015 a leasú le tabhairt faoi na heaspaí maidir le cearta leanaí, athaontú teaghlach, agus rochtain ar obair agus oideachas.
Cumann Markievicz/Ryan, Tamhlacht Láir

Maidin Dé Sathairn

An Comhshaol

Motion 28

Tá comhbhá ag an Ard-Fheis seo leo siúd go léir – teaghlaigh phríobháideacha, gnólachtaí agus an pobal feirmeoireachta san áireamh – a bhí scriosta ag tuilte ar fud na tíre le deireanas. Éilímid ar Rialtas na hEireann Gníomhaireacht Bhainistíochta Abhainn na Sionainne a chur i bhfeidhm le freagracht fhoriomlán as forbairt na Sionainne agus as straitéis le tabhairt faoi na saincheisteanna seo láithreach. Caithfear cosaintí tuilte agus draenáil a chur i bhfeidhm lena chinntiú nach féidir le cás mar seo tarlú arís.
Thairis sin éilímid ar Rialtas na hÉireann pacáiste cúitimh so-rochtana le tacú le daoine lena maoin dhamáistithe a athshlánú agus lena thabhairt ar chomhlachtaí árachais a gcomhaontuithe conartha leo siúd atá clúdaithe a chomhlíonadh agus leanúint ar aghaidh ag cur árachais ar fáil do na daoine seo amach anseo.
Cumann an Chláir Thoir

Passed

Motion 29

Déanann an Ard-Fheis seo a leanas:

  • Aithnímid ullmhúchán agus gníomhaíocht éifeachtach an Aire Talmhaíochta Tionóil Michelle O’Neill ag freagairt do na tuilte sa gheimhreadh;
  • Aithnímid a láithreacht ar an talamh agus a cuid oibre le daoine a bhí thíos leis na tuilte;
  • Tréaslaímid leis an Aire O’Neill as an scéim cosanta maoine ó thuilte a lainseáil sí i mí Eanáir, a thugann cabhair i ndeontas suas le 90% do mhaoin bhaile agus ghnó i dtreo bearta maolaithe tuilte;
  • Aithnímid an íocaíocht chruatain atá curtha ar fáil ag an aire d’fheirmeoirí agus do ghnólachtaí beaga ar imir na tuilte is deireanaí tionchar mór orthu;
  • Nótálaimid an t-athbhreithniú neamhspleách atá tionscnaithe ag an aire le machnamh a dhéanamh ar conas a fhéadfaidh troid in éadan tuilte amach anseo agus éilimid straitéis uile-oileáin le pleanáil éifeachtach agus comhroinnt acmhainní agus eolais a chinntiú.

Comhairle Ceantair Thír Eoghain Theas & Thoir

Passed

Motion 30

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Tacaímid leis an ngá gealltanais dhomhanda astaíochtaí de gháis ceaptha teasa a thabhairt chun cinn agus spriocanna a bhaineann le méadú na meánteochta domhanda a choinneáil go maith faoi 2°C a chomhlíonadh;
  • Aithnímid an dul chun cinn déanta ag Chomhdháil Pháirtithe AE den Tionól ar Athrú Aeráide a tionóladh i bPáras i mí na Nollag 2015, ina raibh ceannairí domhanda, 196 thír agus feachtais neamhrialtais páirteach, lena n-áirítear iad siúd ó Éirinn Thuaidh agus Theas;
  • Creidimid go láidir nuair atáthar ag tabhairt faoin athrú aeráide go gcaithfear tús áite a thabhairt do bhunchearta daonna agus cearta na nglún amach anseo thar leasanna dílsithe an ghnó mhóir nó stát aonair.

Aithníonn an Ard-Fheis seo:

  • Go bhfuil na 26 Chontae ar an táirgeoir déiríochta is lú éifeachtúlacht ó thaobh astúcháin de agus an cúigiú táirgeoir is éifeachtúla mairteola ó thaobh astúcháin de san AE;
  • Is féidir le hÉirinn bheith ar thús cadhnaíocht an domhain i dtáirgeadh, bainistiú agus margaíocht bia ar bheagán carbóin, ar ardchaighdeán agus atá inbhuanaithe;
  • Caithfimid níos mó taighde a dhéanamh ar theicneolaíochtaí le hastúcháin a laghdú ó thalmhaíocht, ár gcumas a mhéadú agus ár bhfeirmeoirí a oiliúint;
  • Caithfimid córais fuinnimh agus iompair ghlana uile-oileáin idirnasctha a fhorbairt agus teicneolaíochtaí nua a thógáil ar dtús le húsáid in Éirinn ach chomh maith leis sin le deiseanna suntasacha easpórtála a thabhairt dúinn;
  • Is é cuspóir an athoiriúnaithe leochaileacht i leith athrú aeráide a laghdú, ag laghdú, mar sin, a thionchair dhiúltacha ach ag an am céanna ag feabhsú ár gcumas aon bhuntáistí ó athrú aeráide a cheapadh ar fud an oileáin.

Éilímid ar Rialtas na hÉireann agus ar Fheidhmeannas an Tuaiscirt cur chuige uile-oileáin a ghlacadh lenár riachtanais fuinnimh, ár riachtanais iompair, ár dtalmhaíocht agus ár bhfeirmeoireacht, foraoiseacha agus acmhainní nádúrtha a bhainistiú leis an bhféidearthacht is mó a bhaint amach as athoiriúnú le haghaidh comhshaol domhanda atá ag athrú agus tairbhe a bhaint as deiseanna nua eacnamaíocha.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae

Passed

Motion 31

Éilíonn an Ard-Fheis seo cosc ar shorcais ina bhfuil ainmhithe fiáine. Tá sorcais ina bhfuil ainmhithe faoi chosc faoi láthair ina lán tíortha agus ag comhairlí áitiúla. Ba mhaith leis an Ard-Fheis seo cosc náisiúnta a bheith orthu ar thalamh údarás áitiúil agus ar thalamh príobháideach.
Cumann Achadh an Iúir/an Mhullaigh, an Cabhán
Cumann Wolfe Tone, Nás

Passed

Motion 32

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann reachtaíocht a chur i bhfeidhm láithreach a d’fhéachfadh le hachair curtha siar a chur i bhfeidhm go dian ar fhorbairtí tuirbíní gaoithe, ag sonrú go gcaithfidh fuinneamh inathnuaite a ghintear in Éirinn bheith chun sochair don tomhaltóir fuinnimh in Éirinn.
Áitíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann agus ar údaráis áitiúla glacadh go dáiríre le fíor-imní pobal áitiúil faoi rioscaí ó fhorbairt feirmeacha gaoithe don tsláinte, don chomhshaol, don tuath agus do shlite beatha faoin tuath. Caithfidh na húdarais seo gan a cheadú go mbeidh tús áite ag brabús corparáideach ar chearta shaoránaigh na hÉireann.
Cumann Phort Láirge Thiar

Passed

Motion 33

Cuireann an Ard-Fheis seo in iúl arís go gcuirimid i gcoinne muirir bruscair agus go gcuirimid i gcoinne an chórais íoctha de réir meáchain a thug an tAire Alan Kelly isteach i laethanta deiridh an rialtais dheireanaigh sna 26 Chontae.
Aithníonn an Ard-Fheis seo na deacrachtaí ar leith a chruthóidh seo do na 70,000 cúramóir ar fud an stáit nach féidir leo ábhar dramhaíola leighis a athchúrsáil, mar shampla clúidíní, bráillíní aon uaire, ciarsúir agus steallairí plaisteacha.
Breathnaímid ar an réimeas nua bailithe dramhaíola seo a ghearrann muirir mar cháin théaltaitheach eile ar theaghlaigh. Má tá an roinn meáite ar an gcóras íoctha de réir meáchain éilímid go gcuirfear ar fionraí é go dtí go gceapfar Coimisiún Neamhspleách leis an mbeart a thástáil agus an tionchar ar chúramóirí, chomh maith le grúpaí eile mar dhaoine ar ioncam íseal, daoine a fhaigheann leasanna stáit agus daoine a bhfuil drochshláinte nó míchumas acu, a mheasúnú agus a dtátail a chur in iúl.
Cumann Tom Kealy, Cill Droichid

Passed

Motion 34

Éilíonn an Ard-Fheis seo, i bhfianaise pleananna le deireanas áiseanna nua núicléacha a thógáil ar chósta thiar na Breataine, ar Shinn Féin leanúint ar aghaidh ag caitheamh solais ar imní mhuintir na hÉireann, go háirithe ar an gcósta thoir, maidir leis an ionad núicléach ag Sellafield agus aon ionaid cumhachta núicléacha eile a thógáil sa Bhreatain.
Cumann Keenan/Doherty, Carraig Mhachaire Rois
Cumann Mitchell/Sands, Carraig Mhachaire Rois

Passed

Motion 35

Diúltaíonn an Ard-Fheis seo polasaithe Rialtas na hÉireann sa doiciméad Keeping Communities Safe (KCS). Baineann an doiciméad polasaí, a foilsíodh in 2013, leis an tseirbhís dóiteáin agus is cleachtas ciorraithe costas go príomha a mbeadh impleachtaí móra aige do shábháilteacht bhaill na seirbhíse dóiteáin agus don phobal i gcoitinne. Sa doiciméad polasaí KCS moltar criúnna a ísliú de 20% agus athrú ó ghlaonna dóiteáin uathoibríocha go glaonna roghnacha, ag tabhairt an chumhachta d’údaráis a shocrú cé acu éigeandála a bhfreagróidh siad orthu. Tacaímid le seasamh SIPTU agus Cumann Dóiteáin agus Seirbhísí Éigeandála na hÉireann agus iad ag cur i gcoinne Keeping Communities Safe.

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo chomh maith ár dtacaíocht d’Údarás Náisiúnta Dóiteáin Uile-Éireann.

Cumann Steenie Mulvey, Bré

Passed

Motion 36

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an rogha a thabhairt do chomhraiceoirí dóiteáin coinnithe aistriú go post nua laistigh d’aon údarás áitiúil nó an tseirbhís phoiblí níos leithne nuair a bhaineann siad amach an aois scoir éigeantach, 55 bliana d’aois, nó an aois shínte, 58, ar bhonn fiúntais.
Cumann Chéitinn/Uí Sheachnasaigh, Port Láirge

Passed

Iompar

Motion 37

Agus praghsanna árachais ag méadú, ag séanadh ar dhaoine óga soghluaisteacht agus ag cur daoine soghonta den bhóthar mar gheall ar phraghas, geallfaidh an Ard-Fheis seo athchóiriú ar dhlithe dliteanais ó bhun go barr in Éirinn lena dtabhairt cothrom le noirm idirnáisiúnta.
Cumann Margaret Joyce, an Clochán

Passed

Motion 38

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar na húdarais sa Tuaisceart an córas méadrach a thabhairt isteach do gach comhartha tráchta agus gach comhartha bóthair bainteach lena dtabhairt cothrom leis an gcuid eile den oileán agus chomh maith le heagras uile-Éireann a chruthú le teorainneacha luais agus comharthaí tráchta bóthair a chaighdeánú.
Cumann Clarke/Smith/Doherty, Fionnghlas

Passed

Motion 39

Aithníonn an Ard-Fheis seo

  • an tionchar atá ag dhá pholasaí éagsúla ar dhleacht/cháin paisinéirí aeir, Thuaidh agus Theas, ar fhás féideartha na hearnála turasóireacht sa Tuaisceart;
  • nótálaimid an easpa bealaí paisinéirí aeir amach as an Tuaisceart i gcomparáid leis an gcuid eile den tír;
  • éilíonn sé ar Fheidhmeannas Thuaisceari Éireannach amharc isteach i ndeireadh a chur le dleacht paisnéirí eitleán.

Cumann Gerard Casey, Ros Earcáin

Aontacht na hÉireann a Fhíorú

Motion 40

Aithníonn an Ard-Fheis seo gur am é 2016 – cothrom 100 bliain ó Éirí Amach na Cásca – le machnamh a dhéanamh ar ghealltanas an Fhorógra nár cuireadh i gcrích. 100 bliain ó shin tháinig fir agus mná ó fud fad na hÉireann agus ón Diaspóra le chéile le creatlach a tharraingt le chéile do Phoblacht fhlaitheasach, neamhspleách agus chuaigh siad i mbun gnímh le hí a bhaint amach. Níor baineadh an Éire seo, Éire na gComhionann go fíor, amach fós – ach is féidir. Tá aontas na hÉireann inbhuanaithe, inbhainte amach agus le leas gach duine.

Mar sin éilíonn an Ard-Fheis seo:

  • Ar Rialtas na hÉireann Páipéar Glas ar aontacht na hÉireann a thabhairt isteach le tús a chur le pleanáil phraiticiúil le haghaidh athaontú;
  • Ar Rialtas na hÉireann reifreann a thionscnamh ar chearta vótála uachtaránachta do shaoránaigh i dTuaisceart na hÉireann agus sa Diaspóra Éireannach;
  • Ar an Oireachtas ballraíocht Dála uathoibríoch a thabhairt isteach do Bhaill Parlaiminte sa Tuaisceart agus, ag feitheamh leis seo, cearta cainte agus comhairliúcháin a thabhairt isteach do Bhaill Parlaiminte sa Tuaisceart agus Baill Tionóil sa Dáil agus sa Seanad;
  • Ar an Oireachtas an mheicníocht chuí a chomhaontú le próiseas comhphlé náisiúnta a éascú le gach páirtí agus príomhearnálacha ionacaíoch ar an tsochaí shibhialta ar an oileán dul i gcomhairle a chéile maidir lenár dtodhchaí pholaitiúil, lena n-áirítear na saincheisteanna aontacht, síocháin agus athmhuintearas.

Ard Chomhairle

Passed

Motion 41

Cuimhníonn an Ard-Fheis seo, i mbliain seo an chomórtha ar Éirí Amach 1916, ar na híobairtí a rinne gach glúin de phoblachtánaithe agus iad sa tóir ar na hídéil a bhí san Fhorógra. Cuirimid fáilte roimh na céadta míle saoránach a ghlac páirt sna hócáidí comórtha i ngach contae.
Aithnímid go bhfuil dualgas orainn ní amháin chun na hócáidí a tharla 100 bliain ó shin a cheiliúradh agus a chomóradh – ach aithnímid go bhfuil spriocanna na réabhlóide le fíorú go fóill agus go bhfuil spriocanna an Fhorógra le baint amach go fóill.
Poblacht uile-Éireann a bhí i bPoblacht 1916 – ceann ina mbeadh cearta polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha ag saoránaigh; ceann ina mbeadh saoirse chreidimh agus shibhialta; a chuir bunchloch le poblacht cheart dhaonlathach tofa ag a cuid fear agus ban; agus a thug deis do náisiún na hÉireann a háit a ghlacadh i measc thíortha ceannasacha an domhain.
Aithnímid nár cuireadh na hídéil seo i gcrích go fóill agus táimid tiomanta in athuair le bheith mar ghlúin a chuireann Poblacht ar bun.
Ard Chomhairle

Passed

Motion 42

Aithníonn an Ard Fheis seo

  • Gur thacaigh tromlach de mhuintir na hÉireann, thuaidh agus theas, le Comhaontú Aoine an Chéasta agus go réitíonn sé an bealach le haghaidh athruithe bunreachtúla ar bhonn síochánta agus daonlathach trí reifrinn ar aontacht na hÉireann;
  • Gur mithid do phobal na tíre, thuaidh agus theas, a gceart daonlathach vótáil ar athaontú na hÉireann a fheidhmiú.
  • Gur dualgas Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine é féachaint chuige go mbeidh faill ag saoránaigh na hÉireann go léir a gcearta daonlathacha a fheidhmiú trí reifrinn ar aontacht na hÉireann a ghairm le linn shaolré an chéad Tionóil agus na céad Dála eile.

Comhairle Ceantair an Lú

Passed

Ag cuimhneamh ar an am atá caite

Motion 43

  • Fáiltíonn an Ard Fheis seo roimh bhua fheachtasóirí Sráid an Mhúraigh san Ardchúirt (a rialaigh ar a son i gcoinne an Rialtais) a choscann scartáil ar láthair chatha Shráid an Mhúraigh agus anois cinntíonn sé go n-ainmneofar é mar shéadchomhartha náisiúnta faoi chosaint an stáit;
  • Aithníonn an Ard Fheis seo tiomantas na ndaoine sin atá gaolta le ceannairí 1916 agus iad siúd a thacaigh lena bhfeachtas le blianta fada anuas Sráid an Mhúraigh agus lánaí na staire a shábháil, sráideanna a bhí mar urphost deiridh na Cheanncheathrúna Ginearálta Arm na Poblachta 1916 ó scartáil na bhforbróirí.
  • Aithníonn an Ard Fheis seo tacaíocht shuntasach an phobail ar fud na tíre agus i measc an diaspóra do chaomhnú iomlán an tséadchomhartha náisiúnta agus forbairt cheantar Ard-Oifig an Phoist/Shráid an Mhúraigh mar cheathrú stairiúil de chuid na réabhlóide agus láthair chatha.
  • Cáineann an Ard Fheis seo Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre as diúltú scun scan an chumhacht reachtúil a bhí ar fáil dóibh agus iad i gcumhacht ceantar Ard-Oifig an Phoist/Shráid an Mhúraigh a ainmniú mar shéadchomhartha náisiúnta a bhfuil tábhacht stairiúil agus náisiúnta ag baint leis, ceantar ar chóir dó bheith le leas sóisialta, cultúrtha agus eacnamúil Bhaile Átha Cliath agus an chuid eile d’Éirinn.

Iarrann an Ard Fheis seo ar Rialtas na hÉireann:

  • Ordú an Aire a cheadaíonn scartáil uimhreacha 13,18 agus 19 Sráid An Mhúraigh a chealú láithreach;
  • Ordú caomhnaithe a thabhairt isteach do Shéadchomhartha Náisiúnta Shráid an Mhúraigh ar fad;
  • Oibriú le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, gaolta 1916 agus na páirtithe leasmhara ar fad plean le haghaidh creat uirbeach a chur i bhfeidhm don cheantar;
  • Bualadh le Fóram Shráid an Mhúraigh de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Coiste Comhairleach Shráid an Mhúraigh agus oibriú i gcomhar leo chun an cuspóir seo a bhaint amach;
  • Ionad comórtha a fhorbairt mar chuid de scéim níos leithne le haghaidh athnuachan na ceathrún stairiúla seo;
  • Trádáil sráide agus margaidh a fheabhsú;
  • Dul ar ais i mbun pleanáil bhunaidh agus le páirtithe leasmhara aontú ar fhorbairt cheantar Ard-Oifig an Phoist/Shráid an Mhúraigh mar shéadchomhartha náisiúnta, le bheith caomhnaithe agus forbartha faoi chosaint an stáit mar cheathrú réabhlóideach stairiúil ar féidir leis a bheith mar chomhartha ómóis d’fhir agus mná 1916.

Ard Chomhairle

Passed

Motion 44

Tacaíonn an Ard Fheis seo le héilimh do shaoire bainc nua ainmnithe go dlíthiúil mar Lá na Poblachta ar 24 Aibreán gach bliain.
Tacaíonn an Ard Fheis seo freisin le bunú Bórd Lá na Poblachta chun na himeachtaí a eagrú a dhéanfaidh comóradh, agus léireoidh meas ar an méid a rinne na daoine sin a thug a saol agus a saoirse chun Náisiún Éireannach a bhaint amach a bhí saor ó fhorghabháil tír choimhthíoch.
Cumann Robert Emmet, Durlas
Cumann Keating/Sands, Port Láirge
Cumann Christy Dixon, An Balla Thoir

Passed

Motion 45

Éilíonn an Ard Fheis seo sa bhliain a bhfuil comóradh céad bliain Éirí Amach 1916 ann, go n-ainmneofaí príomhshráideanna i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile i ndiaidh laochra Sheachtain na Cásca.
Cumann Christy Dixon, An Balla Thoir

Passed

An Ghaeilge agus Cultúr

Motion 46

Molann an Ard Fheis seo obair Shinn Féin agus gníomhaithe Gaeilge atá ag cur ár gceart teanga chun cinn ar fud an oileáin, ina measc:

  • Bunú na gceathrúna Gaeltachta, na hiarrachtaí breise a rinneadh le hAcht na Gaeilge a thabhairt isteach ag leibhéal an Fheidhmeannais, cur chun cinn an ghaeloideachais ag an Aire John O’Dowd de chuid Shinn Féin agus seoladh fheachtas Líofa sa Tuaisceart ag an Aire Carál Ní Chuilin de chuid Shinn Féin;
  • Rannpháirtíocht i bhfeachtas Dearg le Fearg agus beartú tosaíochta na Gaeilge i mBuiséad Malartach agus Forógra Shinn Féin sa Deisceart;
  • Cruthú Plécháipéis uile oileánda Shinn Féin ar an nGaeilge
    Tá moltaí mionsonraithe sa cháipéis chuimsitheach ceartbhunaithe seo a bhaineann le hathnuachan ceantar Gaeltachta, oideachas agus leasú na hearnála poiblí, ag cur na teanga chun cinn sna meáin, agus ag cruthú na ndeiseanna is forleithne agus is féidir chun cuidiú leis an bpobal an teanga a fhoghlaim agus a úsáid.

Aithnímid gur féidir le rannpháirtíocht sa Ghaeilge cur le fíorú Éireann aontaithe, ilchultúrtha trí meas ar an ilghnéitheacht a chur chun cinn.
Iarrann an Ard Fheis seo ar an bpáirtí tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin le pobal na Gaeilge agus an pobal i gcoitinne, ina dhiaidh sin foilseoidh an páirtí an leagan deiridh de Cháipéis Pholasaí don Ghaeilge.
Ard Chomhairle
Cumann Phil Meehan, Liatroim

Passed

Motion 47

Molann an Ard Fheis seo obair an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta agus an Aire Oideachais as an Ghaeilge a chur chun cinn agus as tacú léi agus athdhearbhaímid ár ngealltanais:

  • Tacú le hAcht na Gaeilge a thabhairt isteach;
  • Tacú le straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach;
  • Earnáil an Ghaeloideachais a fhás lena chinntiú go mbeidh deis ag gach páiste foghlaim trí mheán na Gaeilge;
  • Tacú le Ciste Infheistíochta Gaeilge trí mhaoiniú caipitil;
  • Tacú le Comhairle na Gaelscolaíochta;
  • Tacú le feachtas Líofa a leathnú amach;
  • Tacú le cuidiú breise a sholáthar do thuismitheoirí i scoilcheantair Gaeloideachais chun tuismitheoirí a spreagadh le Gaeilge a úsáid lena bpáistí;
  • Tacú le forbairt na Ceathrún Gaeltachta in Iarthar Bhéal Feirste agus le bunú Gaeltacht Tuaithe i gCarn Tóchair;
  • Tacú le Gael Acadamh i gcónaí;
  • Tacú le maoiniú do Chiste Craoltóireachta na Gaeilge i gcónaí.

Cumann Mhairtirigh Bhaile Andarsain, Béal Feirste Thiar

Passed

Motion 48

Fáiltíonn an Ard Fheis seo le tiomantas an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Carál Ní Chuilin agus Cumann Lúthchleas Gael staidiam cúige úrscothach a thógáil i bPáirc Mhic Easmaint. Fáiltímid roimh fhógairt an chomhairliúcháin a reáchtálfaidh an CLG agus táimid ag súil le réiteach ar cibé deacrachtaí atá le socrú fós. Creidimid go mbeidh tionchar eacnamúil suntasach ag an £71 milliún atá á infheistiú i bPáirc Mhic Easmaint ar Iarthar Bhéal Feirste. Chomh maith leis sin, cruthóidh na clásail shóisialta atá sa chonradh deiseanna fostaíochta don phobal áitiúil.
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh Béal Feirste Thiar

Passed

Motion 49

Tacaíonn an Ard Fheis seo le bunú fhoireann peile uile Éireann le hionadaíocht a dhéanamh thar cheann an náisiúin ar an ardán idirnáisiúnta.
Cumann Óglaigh Dhiarmuid Uí Néill, Iarthar Chorcaigh

Passed

Motion 50

Tacaíonn an Ard Fheis seo leis na 26 Contae Coinbhinsiún Faro a shíniú agus a dhaingniú. Is é aidhm an choinbhinsiúin treisiú le saol an phobail agus leis an daonlathas trí bhéim a leagan ar cheart an uile duine baint a bheith acu lena rogha féin oidhreachta cultúrtha. Chuige sin molann an coinbhinsiún do phobail oibriú le chéile ar mhaithe lena n-oidhreacht chultúrtha roinnte. Tá pobail ag obair ar mhaithe le hoidhreacht chultúrtha, a dtugtar pobail oidhreacht chultúrtha orthu, ar cheann d’eilimintí ceannródaíochta an choinbhinsiúin.
Cumann Drumm/Doherty/Clarke , Cluain Dolcáin

Passed

Cothroime

Motion 51

Fáiltíonn an Ard Fheis seo roimh thoradh stairiúil reifreann 2015 sa Deisceart ar chothromas pósta agus molann sí foireann Shinn Féin sa Tionól as an gceist seo a chur chun cinn agus as a n-obair leanúnach ar an ábhar seo. Aithnímid go gcaithfear an ceart bunúsach ar chothromas pósta a chur chun cinn sa Tuaisceart agus iarrann sí reachtaíocht sa Tionól a cheadóidh cearta cothromas pósta do shaoránaigh uile na Sé Chontae.
Cumann Sheena Campbell, An Corr Dubh
Cumann Smith/Savage, Caisleán an Chnoic
Cumann Devlin Plunkett, An Teampall Óg/ Tír an Iúir

Passed

Motion 52

Éilíonn an rún seo ar Shinn Féin tacú le Reifreann ar leasú ar Alt 15 2 de Bhunreacht Na hÉireann le go mbeidh teidlíocht chéanna gan srianta ag mná agus atá ag fir ar áiteanna rialúcháin i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann.
Beidh an méid seo a leanas sa rún atá molta, leis an bhfoclaíocht seo a leanas i gcló iodálach
ALT 15
2 San Oireachtas beidh an tUachtarán agus Dhá Theach, viz.: Teach Teachtaí ar a dtabharfar Dáil Éireann agus Seanad ar a dtabharfar Seanad Éireann agus beidh an líon céanna fear agus ban ann.
Cumann MacDiarmada Gilgunn, Liatroim Thuaidh

Passed

Motion 53

Iarann an Ard Fheis seo ar Rialtas na hÉireann glacadh le Treoir 2013/33/EU agus a bheith rannpháirteach sna leasuithe dlíthiúla ar an gComhchóras Tearmainn Eorpach (CTE). D’fhéachfadh Treoir 2013/33/EU agus na leasuithe ar CTE chuige go gcaithfí níos cothroime le hiarrthóirí tearmainn agus a dteaghlaigh, deiseanna a bheith ag obair san áireamh.
Treisíonn an Ard Fheis seo gealltanas Shinn Féin cur in éadan córas an tsoláthair dhírigh agus iarrann sé go gcuirfí ar ceal é agus ina áit tacú le samhail neamhbhrabúis a bhfuil prionsabail dínite, neamhspleáchais agus imeasctha lárnach inti.
Cumann Murt/Quilter, Áth an Rí

Passed

Motion 54

Aithníonn an Ard Fheis seo nach bhfuil cearta dlíthiúla go huathoibríoch ag aithreacha neamhphósta maidir lena bpáistí agus nach dtugann ainm ar an teastas breithe cearta dlíthiúla ar bith duit ann féin i dtaca le do pháiste.
Molann an Ard Fheis seo gur chóir do Shinn Féin reachtaíocht a thabhairt isteach a thabharfadh cearta iomlána agus uathoibríocha d’aithreacha i dtaca lena bpáistí ó thaobh caomhnóireachta, cúraim, agus rochtana ar a gcuid páistí, ag brath ar leas an pháiste.
Cumann Martin Hurson, UCC

Referred

Motion 55

Iarann an Ard Fheis seo ar an pháirtí tacú le polasaí Chumann na gCraoltóirí Neamhspleácha ar chur chun cinn agus maoiniú raidió neamhspleách in Éirinn, ina measc:

  • Aitheantas foirmiúil don inchur suntasach a dhéanann staisiúin neamhspleácha raidió maidir le craoltóireacht seirbhíse poiblí (CSP);
  • Ciste nua chun tacú le CSP ar staisiúin neamhspleácha raidió;
  • Leasú ar Rannán 108 den Acht Craoltóireachta 2009 chun sainiú agus teorannú a dhéanamh ar shainordú tráchtála RTÉ.

Iarrann an Ard Fheis fosta go scaoilfí na srianta agus go laghdófaí na bacainní ar fhorbairt staisiún neamhspleách raidió. Iarrann an Ard Fheis seo ar an pháirtí na pointí polasaí a chur faoi bhráid an Oireachtais nó Pharlaimint na hEorpa de réir mar is cuí.
Cumann Michael J. Marren, Sligeach Theas

Passed

Motion 56

  • Dearbhaíonn an Ard Fheis seo ar dtacaíocht d’athchóiriú polaitíochta radacach a dhéanann tosaíocht de leas na saoránach seachas lucht na gciorcal órga agus scothaicme na hÉireann.
  • Molann an Ard Fheis seo ar dTeachtaí Dála a ceapadh chun feachtas an pháirtí maidir le hathchóiriú polaitíochta a stiúradh. Tá seo bunaithe ar na moltaí a faomhadh ag Ard Fheis 2014 sa cháipéis ‘I dtreo Poblacht Nua’. Bhí na teachtaí seo rannpháirteach i bhfochoiste athchóirithe na Dála ó tharla an t-olltoghchán.
    Iarrann an Ard Fheis seo ar Rialtas na hÉireann:
  • Athchóirithe bríocha radacacha a thabhairt isteach a spreagfaidh iontaobh agus muinín an phobail sa pholaitíocht agus sa saol poiblí, an Dáil, an Seanad, an Feidhmeannas agus comhlachtaí stáit san áireamh;
  • Aithint go n-éilíonn reifreann an Rialtais ar scór an tSeanaid a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair 2013 agus a dhiúltaigh an pobal, an gá le tosaíocht a dhéanamh d’athchóiriú réalaíoch na hinstitiúide sin atá dírithe ar an scothaicme, atá neamhdhaonlathach, agus do-ghlactha sa riocht ina bhfuil sí faoi láthair;
  • Dul i ngleic le cairdeas fabhair agus agus patrúnacht sa saol polaitiúil agus poiblí agus athchóiriú a chur chun cinn le hoscailteacht, cothromas agus freagracht i gcríolár pholaitíocht na hÉireann.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae

Passed

Motion 57

Treisíonn an Ard Fheis seo lena héilimh ar chearta vótála d’eisimircigh i dtoghcháin Thuaidh agus Theas. Iarraimid go dtabharfaí a gceart vótála i dtoghcháin Uachtaránachta do shaoránaigh na hÉireann go léir, agus mar thoghcheantar teoranta i dtoghcháin Dála faoi mar a leagadh amach inár gcáipéis ar athchóiriú polaitíochta ‘I dtreo Poblacht Nua’.
Chomh maith leis sin, iarrann an Ard Fheis seo ar Rialtas na Breataine reáchtaíocht chomhchosúil a thabhairt chun cinn a ligfidh do shaoránaigh eisimirceacha i dTuaisceart na hÉireann na cearta céanna a bheith acu do thoghcháin Westminster agus Tionóil.
Cumann Charles J Kickham, An tAonach

Passed

Téarnamh Cothrom

Motion 58

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh fhoilsiú trí mhórthurascáil le deireanas a leagann amach na buntáistí sláinte a bhaineann le hathaontú na hÉireann. Is iad seo Modelling Irish Unification le KLC Consulting, Report on the All-Island Economy le Comhchoiste an Oireachtais ar Phoist, Fionntraíocht agus Nuálaíocht, agus The Economic Case for Irish Unity leis an eacnamaí Michael Burke.

Nótálann an Ard-Fheis seo go mbeadh buntáiste mór eacnamaíoch ó athaontú polaitiúil agus eacnamaíoch. D’fhéadfadh €35.6 billiún de threisiú a bheith in OTI uile-oileáin sna chéad ocht mbliana d’athaontú, ag eascairt ó:

  • Comhchuibhiú rátaí cánach
  • Constaicí roimh thrádáil agus gluaiseacht earraí a bhaint ar shiúl
  • Aon airgeadra amháin a thabhairt isteach
  • Deireadh a chur le dúbláil seirbhísí rialtais
  • Cur chuige comhtháite uile-Éireann le hinfheistíocht agus fás eacnamaíoch a thiomaint.

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas coiste ar bun a mbeidh de shaintasc aige comhoibriú eacnamaíoch a chomhoiriúnú agus a uasmhéadú.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 59

Nótálann an Ard-Fheis seo gur thug Fine Gael agus an Lucht Oibre le cúig bliana anuas buiséad tar éis buiséid isteach a thug cosaint do lucht ardioncaim. Le híoc as seo chuir siad ualach mór ar an ngnáthoibrí agus teaghlach agus d’fhág siad na mílte Éireannach ar thralaithe ospidéil agus 1,500 leanbh i lóistín éigeandála.
Seachas infheistiú inár ngeilleagar agus a chinntiú go gceadaítear dea-cháilíocht beatha agus an deis ar phost maith, ghearr Fianna Fáil, Fine Gael agus an Lucht Oibre cánacha chun tairbhe daoine saibhre agus chun aimhleasa don ghnáthoibrí. Is iad seo go díreach na cineálacha polasaithe ba chúis leis an ngéarchéim eacnamaíochta sa chéad dul síos.
Nótálann an Ard-Fheis seo freisin gur rugadh ar Fhine Gael, an Lucht Oibre agus Fianna Fáil le linn an olltoghcháin le deireanas ag cúbláil na gcuntas le háibhéil a dhéanamh ar a bpleananna caiteachais, ag fágáil a bpleananna eacnamaíocha in aimhréidh.
Is é atá ó Shinn Féin geilleagar socair cothromaithe a dhéanfaidh soláthar don tsochaí. Táimid ag iarraidh bogadh ar shiúl ó na timthriallta borradh agus cliseadh a choinníonn na páirtithe eile seo ag dul. Táimid ag iarraidh a chinntiú go bhfuil cibé téarnamh a bheidh ann cothrom agus go mbeidh sé chun tairbhe na ndaoine is mó atá atá buailte ag an déine.

Táimid ag iarraidh a chinntiú go bhfuil polasaí eacnamaíoch amach anseo deartha lena chinntiú gur féidir le hÉirinn a féidearthacht iomlán a bhaint amach agus nach mbeidh ar ghlúin leanaí Éireannacha amach anseo aghaidh a thabhairt ar mallacht is imirce éigeantach ann. Caithfidh seo a leanas a bheith ar chuid de:

  • Dearadh ár gcórais cánach;
  • Ár Straitéis tionscail;
  • Ár n-eangach coimirce sóisialta;
  • An chaoi a bpléitear lenár n-oibrithe;
  • Ár margadh taithíocht;
  • Soláthar ár seirbhísí poiblí, lena n-áirítear sláinte, oideachas agus cúram leanaí.

Creideann an Ard-Fheis seo go dtabharfaidh an cineál seo polasaí eacnamaíoch téarnamh atá cothrom agus inbhuanaithe. I measc ár dtosaíochtaí tá:

  • Obair chuibhiúil ar son pá cuibhiúil;
  • Córas cánach cothrom forásach chun tairbhe gach oibrí;
  • Seirbhísí poiblí láidre a chur ar fáil, lena n-áirítear cúram sláinte agus oideachas uilíoch;
  • A chinntiú, má chailleann oibrí a phost nó a post, go gcosnaítear iad ón mbochtaineacht agus go gcuirtear ar a gcumas filleadh ar an obair nó cuidiú ina bpobal.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae

Passed

Motion 60

Tréaslaíonn an Ard-Fheis seo obair ár bhfoirne aireachta Tionóil le cúig bliana anuas agus iad ag seasamh an fhóid in éadan dhéine na dTóraithe agus ag cur a mhalairt de rogha eacnamaíoch atá inchreidte. Go háirithe, déanfaimid tréaslaímid:

  • Níos mó ná 40,000 post a chruthú agus £3.5 billiún a fháil in infheistíocht dhíreach eachtrannach;
  • Muirir uisce a stad;
  • Oidis a choinneáil saor do gach duine;
  • Deontais agus táillí inacmhainne a choinneáil do mhic léinn;
  • Níos mó ná £500 milliún a fháil le tacú leo siúd atá faoi anás, lena n-áirítear leanaí agus aosaigh atá soghonta;
  • Seirbhísí poiblí ríthábhachtacha a chosaint;
  • An clár forbartha tuaithe is mó a chonacthas sa Tuaisceart riamh a chur ar fáil.
    Tá an Ard-Fheis seo tiomanta an geilleagar a fhás agus:
  • Níos mó post agus poist níos fearr a chruthú sna cúig bliana seo romhainn trí infheistíocht isteach agus tacú le cruthú post áitiúil;
  • Dáileadh eacnamaíoch agus cruthú post cothrom agus cothromaithe a chur i gcrích;
  • Tacú le Pá Maireachtála mar chéad chéim le fostóir Pá Maireachtála a dhéanamh den earnáil phoiblí;
  • Comhoibriú uile-Éireann agus comhchuibhiú seirbhísí a mhéadú;
  • Troid i gcoinne dhéine na dTóraithe agus ár seirbhísí poiblí a chosaint.
    Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Passed

Geilleagar uile-Éireann

Motion 61

Aithníonn an Ard-Fheis seo an comhdhearcadh atá ag fás i measc phobal an ghnó agus na hacadúlachta maidir leis na hargóintí eacnamaíocha i bhfách le hÉire aontaithe agus go bhfuil an Teorainn ag leanúint ar aghaidh ina chonstaic roimh fhás eacnamaíoch agus rathúnas in Éirinn.

Cé gur déine na constaicí seo sna contaetha cois teorann, aithnímid go bhfuil tionchar acu ar fud na hÉireann. Níl ciall eacnamaíoch ar bith le hairgeadra, córais dlí agus cánach agus reachtais éagsúla ar dhá thaobh na Teorann agus cuireann sé bac ar Éirinn a féidearthacht iomlán a bhaint amach. I measc bhuntáistí eacnamaíocha aontacht na hÉireann bheadh:

  • Margadh go maith méadaithe a bheadh ina chuidiú le gnólachtaí dúchasacha a thógáil agus an róspléachas ar chorparáidí ilnáisiúnta agus infheistíocht eachtrannach dhíreach a laghdú;
  • Buntáiste a bhaint as sineirgí i bpríomhearnálacha sna geilleagair sa Tuaisceart agus sa Deisceart a bhfuil bac orthu faoi láthair mar gheall ar an Teorainn;
  • Seirbhísí poiblí níos fearr a chur ar fáil trí neamhéifeachtúlachtaí atá ann mar gheall ar dhúbláil seirbhísí a laghdú agus trí ligean do shaineolas a cruinníodh in earnálacha mar shláinte a úsáid ar fud an oileáin.

Comhairle Ceantair Ard Mhacha Theas

Passed

Motion 62

Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbunófar gníomhaireacht amháin ar fud an oileáin le polasaí agus straitéis a thiomáint chun cinn. Chomhtháthódh an ghníomhaireacht seo an ÚFT, InvestNI agus InterTrade Ireland agus bheadh sé freagrach as:

  • Forbairt eacnmaíoch ar bhonn uile-oileáin a chomhordú;
  • Straitéis uile-oileáin infheistíochta agus post a chur i bhfeidhm;
  • In uireasa Roinn Eacnamaíochta amháin uile-oileáin, a chinntiú go bhfuil na ranna bainteacha i Rialtas na hÉireann agus san Fheidhmeannas páirteach i gcomhphleanáil ó thús go soláthar agus measúnú.

Comhairle Ceantair an Lú

Passed

Motion 63

Éilíonn an Ard-Fheis seo Limistéar Forbartha Geilleagair Teorann le réigiún na Teorann a athbheochan.

Aithníonn an Ard-Fheis seo:

  • An gá le tabhairt faoina imeallaí atá an geilleagar trasteorann trí Limistéar Forbartha Geilleagair Teorann a chruthú le trádáil a chomhchuibhiú, le brabús a uasmhéadú do ghnólachta Teorann agus le hinfheistíocht agus fostaíocht a mhéadú, rud a chinnteoidh go dtiomnóidh geilleagar an oileáin chun tosaigh i dtreo athbheochan socheacnamaíoch réigiún na Teorann a bheadh ina bhuntáiste don oileán ar fad.
  • Le Limistéar Forbartha Geilleagair Teorann a chur ar bun beidh gá le tús áite a thabhairt do thionscadail chriticiúla infreastruchtúir agus iad a chur chun cinn, go háirithe bóithre, iarnród agus leathanbhanda; ÚFT Éireann agus InvestNI leis an mbonn Infheistíochta Eachtrannaí Dírí reatha a leathnú agus tús áite níos deimhní a thabhairt do IED nua a lonnú i réigiún na Teorann; infheistíocht agus tacaíocht fhócasaithe do mhicreaghnólachtaí lena n-áirítear baincéireacht, teileacumarsáid, agus costais riaracháin don trádáil trasteorann; constaicí rialála roimh ghnó a dhéanamh ar an Teorainn a bhaint ar shiúl;
  • Cur chun cinn níos mó choincheap Limistéir Forbartha Eacnamaíoch Teorann le feasacht agus tacaíocht a thógáil ar an agus don tionscnamh;
  • Straitéis forbartha chomhordaithe don réigiún trasteorann (d’fhéadfadh seo tarraingt ar obair Chreatlach Straitéiseach Réigiúnach an ICBAN a bhí ina chéadchéim i straitéis forbartha chomhordaithe a dhearadh do cheantair lárnacha na teorann);
  • Cur chuige comhcheangailte i leith maoiniú sa Limistéar Forbartha Teorann ag tógáil ar thátal INTERREG 111 maidir le trí eagras líonra trasteorann a léirigh conas is féidir moltaí a fhorbairt ar bhealach comhtháite straitéiseach;
  • Tuarascálacha ar Riocht an Limistéir Forbartha Teorann go bliantúil le stádas eacnamaíoch reatha gheilleagar na teorann agus deiseanna fáis agus forbartha a chur i láthair.

Cúige Lár Tíre Thiar Thuaidh

Passed

Motion 64

Aithníonn an Ard-Fheis an ról ríthábhachtach atá le himirt ag infreastruchtúr le tuilleadh comhtháthú a dhéanamh ar an ngeilleagar uile-Éireann. Chuige sin aithnímid an gá le dul chun cinn a dhéanamh ar:

  • An tionscadal A5 agus Droichead Caol Uisce;
  • Líonra iarnróid ar fud an oileáin a fhorbairt lena n-airítear an líne idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste le gur féidir am aistir a laghdú agus le sceidealú a choigeartú go huaireanta atá níos fearr don ghnó;
  • Tionscadal Chanálacha Uladh a chur i gcrích;
  • Tuilleadh forbartha ar infreastruchtúr fuinnimh agus uisce.
    Comhairle Ceantair Ard Mhacha Theas
Passed

Frithdhéine

Motion 65

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Cáiním na ciorruithe déine curtha i bhfeidhm ar sheirbhísí poiblí ag rialtas Tóraithe na Breataine ar bhuiséad an Fheidhmeannais sa Tuaisceart agus ag rialtas Fhine Gael/an Luchta Oibre sa Deisceart.
  • Cuirimid in iúl go gcuirimid i gcoinne ciorrú seirbhísí áitiúla, lena n-áirítear stáisiúin Garda, postoifigí, bealaí iompair, cothabháil bóithre agus an ghéarchéim éigeandála a bhíonn roimh shaoránaigh gach lá i sláinte agus i dtithíocht ar fud na 26 chontae.
  • Tréaslaímid ár n-ionadaithe sa Tionól as a dtaifead infheistíochta agus a soláthar ag cur ar fáil seirbhísí poiblí ar an líne thosaigh in ainneoin ciorruithe déine airgeadais ar bhuiséad an Fheidhmeannais curtha i bhfeidhm ag rialtas Tóraithe na Breataine.
  • Éilímid ar an Ard-Fheis seo an clár oibre Uile-Éireann a chur chun cinn ag cosaint ár seirbhísí poiblí, ag cur i gcoinne aon chlár oibre um príobháidiú agus le troid ar son níos mó infheistíochta poiblí, an neamart sa tuath a aisiompú agus téarnamh eacnamaíoch a thabhairt go gach teach ar fud na hÉireann.

Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh Béal Feirste Thiar

Passed

Motion 66

Déanann an Ard-Fheis seo a leanas:

  • Aithnímid an imní phoiblí, in Éirinn sa Tuaisceart agus sa Deisceart, maidir le próiseas díolacháin agus ceannaigh an leabhair iasachta sa Tuaisceart (Project Eagle) ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA);
  • Tréaslaímid obair ár gcomhghleacaithe Tionóil a d’oibrigh go díograiseach mar chuid d’Fhiosrúchán Choiste Airgeadais an Tionóil le leas an phobail a chosaint agus leis na saincheisteanna a bhaineann leis an bpraiseach seo a fhiosrú;
  • Athdhearbhaímid an tábhacht go gcaithfidh muinín iomlán poiblí a bheith ag NAMA agus iad ag fáil an luacha is fearr don cháiníocóir sna 26 Chontae;
    Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann a leanas a dhéanamh:
  • Coimisiún Neamhspleách Fiosrúcháin a bhunú faoin Acht bainteach le scrúdú iomlán agus cuí a dhéanamh ar na fíricí a bhaineann le próiseas díolacháin agus ceannaigh punann leabhar iasachtaí an Tuaiscirt (Project Eagle) agus na nithe a bhaineann leis;
  • Spriocdháta a bhunú leis an tuarascáil ag an gCoimisiún Fiosrúcháin ar NAMA a chríochnú agus go ndéanfar a tátail a phlé ag an 32ú Dáil laistigh de choicís ó fhoilsiú a tuarascála.

Ard-Chomhairle

Passed

Motion 67

Nótálann an Ard-Fheis seo:

  • Go bhfuil Fiontair Bheaga agus Meánmhéide ag brath cuid mhór ar airgeadú bainc ach go bhfuil rochtain ar chreidmheas fós an-deacair;
  • Ní bhfuair an Plean Náisiúnta Leathanbhanda fós tairbhe as agus níor ceadaíodh dóibh rochtain ar luais idirlín níos fearr do FBM;
  • Bhí drochthionchar ar rátaí ró-ard ar FBM;

Éilíonn an Ard-Fheis seo athbhreithniú idir-ranna, faoi stiúir na Ranna Post, Fiontraíochta agus Nuálaíochta, le breathnú ar chóras níos cothroime le haghaidh rátaí trádála a ríomh do ghnólachtaí beaga.
Cumann John Joe Sheehy, Trá Lí

Passed

Motion 68

Tréaslaíonn an Ard-Fheis seo an doiciméad plé Shinn Féin Local Banks for Local Business a foilsíodh anuraidh. Moltar sa doiciméad seo Bainc Phoiblí Áitiúla lena chinntiú go bhfuil soláthar cuí agus dóthanach seirbhísí bainc do gach custaiméir agus le forbairt agus infheistíocht áitiúil a chur chun cinn. Tá spreagthacht an bhrabúis agus an tsaint mar gheall uirthi, nach raibh de bhunús ach iad do chuid mhór de chóras baincéireachta na hÉireann ar feadh na mblianta, i ndiaidh dochar a dhéanamh ar shochaí na hÉireann ar feadh na nglún agus tá córas pobalbhunaithe ag teastáil le feidhmiú taobh leis na bainc thraidisiúnta le córas baincéireachta níos cothromaithe a chur ar fáil.
Mairtírigh na Mainistreach Léithe, Baile Chill Dara

Passed

Motion 69

Tiomnaíonn an Ard-Fheis seo Sinn Féin le gach tionchar atá le fáil a úsáid lena leanas a dhéanamh:

  • Reifreann a thionscnamh ar an gComhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Trasatlantach (TTIP) le SAM agus ar an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) le Ceanada;
  • Socruithe Aighneas Infheistitheora Stáit (ISDS) ó na comhaontuithe TTIP agus CETA;
  • A chinntiú nach féidir le téarmaí an chomhaontaithe maireachtála reachtaíocht intíre a shárú;
  • An talmhaíocht, cearta oibrithe, caighdeáin comhshaoil, bia agus rialála, FBManna, seirbhísí sláinte agus poiblí (go háirithe an NHS) a chosaint i ngach caibidlí trádála.

Deimhníonn an Ard-Fheis seo freisin nach dtacóimid le haon chomhaontú trádál ina bhfuil meicníochtaí Aighneas Infheistitheora Stáit agus ní thacaíonn Sinn Féin le haon mheicníochtaí trádála a cheadaíonn do leas corparáideach dlí intíre a shárú.

Éilíonn an Ard-Fheis seo mar sin ar Rialtas na hÉireann a leanas a dhéanamh:

  • Deireadh a éileamh ar chaibidlí leanúnacha TTIP idir AE agus SAM;
  • A vóta ar Chomhairle na nAirí le cur i gcoinne dhaingniú CETA;
  • Initiate a public debate on the consequences of CETA and TTIP on the island of Ireland.

Aithníonn an Ard-Fheis seo;

  • Gurbh é an toradh a bheadh ar thabhairt isteach TTIP(an Chomhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Thrasatlantach) ná ísliú ar chaighdeáin an AE;
  • Go bhféadfadh tuilleadh trádála sa ghás scealla trí TTIP cleachtas conspóideach na fraiceála a mhéadú i SAM agus san AE;
  • Má choinnítear réitigh dhíospóide idir infheisteoirí agus an stát istigh sa socrú d’fhéadfadh go ligfeadh seo do chuideachtaí dúshlán a chur faoi choscanna ar fhraiceáil i reachtaíocht bhaile.

Coiste Náisiúnta na nÓg

Passed

Cearta na n-Oibrithe

Motion 70

Déanann an Ard-Fheis seo comóradh ar an ról lárnach a ghlac Arm Cathartha na hÉireann agus baill de Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann chomh maith le baill de Cheardchumann Oibrithe Ban na hÉireann in Éirí Amach 1916.
Go gairid roimh Éirí Amach na Cásca, chuir Séamus Ó Conghaile an cheist “Céard is Náisiún Saor Ann?” agus d’fhreagair:
“Is é atá de dhíth ar dhul chun cinn síochánta na todhchaí ná seilbh na hÉireann ar na cearta náisiúnta uile a cheiltear anois uirthi. Is ina seilbh, mar sin, amháin is féidir le hoibrithe na hÉireann seasmhacht agus sláine do thorthaí a gcuid saothair agus eagraithe a fheiceáil.”
Céad bliain ar aghaidh, tar éis chúlú eacnamaíochta ar chuir an déine eacnamaíoch fad leis, tá an chorraíl thionsclaíoch ag méadú arís eile.
Roimh thoghchán ginearálta 1918, d’fhoilsigh Sinn Féin bileog a d’fhógair: “San áit a bhfuiltear ag déanamh forbartha ar acmhainní Éireannacha nó san áit ar ann do thionscail, cuirfidh lucht Shinn Féin rompu a chinntiú go n-íocfar íosphá maireachtála le hoibrithe.”
Céad bliain níos déanaí níl athrú tagtha ar bhundúshláin na n-oibrithe - pá cothrom, uaireanta oibre cinnte agus cosaint leordhóthanach in aghaidh an dúshaothraithe. Tá mná, oibrithe ar imircigh iad agus daoine óga ach go háirithe i mbaol fós, agus is iad siúd atá ag obair sa réimse miondíola, i réimse an fháilteachais agus an chúraim is measa as.
Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfí deireadh le dúshaothrú oibrithe a bhíonn ag obair ar chonarthaí uaireanta oibre ísle trí Reachtaíocht Uaireanta Oibre Cothroma a thabhairt isteach agus éilíonn, leis, aitheantas éigeantach do cheardchumainn agus an ceart chun cómhargála.
Láidreoimid comhlíonadh agus cur i bhfeidhm chearta fostaíochta agus oibrithe agus cuirfimid cosc ar dhúliostaí a mbeadh baill de cheardchumainn agus eagraithe orthu.
Éilímid chomh maith go dtabharfadh idirbheartaíocht ar phá agus ar phinsin na roinne poiblí amach anseo, Thuaidh agus Theas, tosaíocht d’oibrithe ar thuarastail ísle is mheánacha, tosaíocht do chothromú an phá, do dhul i ngleic le díbhuanú na bhfostaithe agus do laghdú na bearna eatarthu sin ag an mbarr agus iad sin ag an mbun.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae

Passed

Motion 71

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le híosphá maireachtála agus déanann sé tabhairt isteach an íosphá seo i ngach cuid den eacnamaíocht ar fad a ghríosú, ó thuaidh agus ó dheas, agus mar chéad chéim sa phróiseas seo dhéanfaimis cinnte go mbeadh an roinn phoiblí mar fhostaí a íocann an íosphá maireachtála.
Comhairle Ceantair Chúirt Iarthar Bhéal Feirste
Mairéad Farrell Cumann, Lár Chathair na Gaillimhe

Passed

Motion 72

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le saoire íoctha a thabhairt isteach sa láthair oibre dóibh siúd a bhfuil foréigean baile fulaingthe acu. Glacann an neamhspleáchas eacnamaíoch ról ríthábhachtach le daoine aonracha atá sa suíomh sin a chumasú le hiad féin a fhuascailt as an gcás sin. Na hoibrithe sin a bhfuil saoire íoctha ídithe acu tá siad i mbaol a bpostanna agus an neamhspleáchas eacnamaíoch atá acu a chailliúint. Dar le taighde a rinne Comhdháil na gCeardchumann glacann 20% d’fhostaithe saoire gach bliain ag éirí as an bhforéigean baile agus chaill 2% a bpostanna dá bharr.
Cúige Bhaile Átha Cliath

Passed

Motion 73

Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil ról ríthábhachtach le glacadh ag gardaí, altraí agus ag múinteoirí in ár sochaí, ach ina ainneoin seo go bhfuiltear ag gearradh pionóis ar dhaoine atá tar éis teacht isteach sna gairmeacha seo de bharr go bhfuil an dá scála pá ann, scála ar thóg an rialtas deireanach de chuid Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre isteach é. Tacaíonn an Ard-Fheis leis an éileamh go gcuirfí córas níos cothroime in áit an chórais mhí-fhéaráilte seo, córas a thabharfadh luach saothair do dhaoine bunaithe ar an obair a dhéanann siad agus nach saineofaí iad ag an mbliain ar thosaigh siad seo a ngairmeacha.
Steenie Mulvey Cumann, Bré

Passed

Leas Sóisialach

Motion 74

Creideann an Ard-Fheis seo, ar mhaithe leis an gcomhionannas, gur cheart go mbeadh comhcheart ag an mbeirt dhuine fásta ar fhaisnéis agus rochtain ar airgead atá ceangailte le comhéileamh ar leas sóisialach, do lánúineacha pósta nó atá ina gcónaí lena chéile, ionas gur féidir rian den neamhspleáchas a choinneáil sa chás ina mbeadh páirtnéir amháin gafa le handúil ghníomhach, ag baint mí-úsáide as an duine eile nó le rósmacht ar an duine eile, agus smacht iomlán a bheith aige nó aici ar an airgead agus éilíonn ar Rialtas na hÉireann roghanna praiticiúla maidir le leasú leasa shóisialaigh a fhiosrú chun gur mó an chosaint a thabharfar d’fhéinriar, do neamhspleáchas agus leas gach ball de na teaghlaigh a bhfuil leas sóisialach á fháil acu.
Tommy Kavanagh Cumann, The Commons, Tiobraid Árann

Passed

Motion 75

Teastaíonn ón Ard-Fheis seo a chinntiú go gcaitear le saoránaigh aosta le meas agus leis an dínit atá ag dul dóibh. Tá daoine aosta tar éis cur agus cuireann fós go mór leis na comhphobail ina maireann siad chomh maith leis an tsochaí mhór, a dtír agus i rith an tsaoil ar fad dóibh.

Dhéanfadh an Ard-Fheis seo:

  • An taisteal saor a chosaint agus gan baint uaidh;
  • A chinntiú go gcaitear le daoine aosta le dínit is le meas laistigh de chóras sláinte poiblí aonleibhéil;
  • An pinsean stáit a chosaint agus ciorruithe a bhí dírithe ar dhaoine aosta a cuireadh i bhfeidhm ag an rialtas deireanach ag Fine Gael/Páirtí an Lucht Oibre a chur ina gceart;
  • Tacú le daoine níos sine fanacht ina dtithe féin trí uaireanta cúntóirí baile agus faoisimh a mhéadú;
  • A chinntiú go bhfuil soláthar leordhóthanach de scith-thithíocht agus d’áiteanna i dtithe cúraim dóibh sin a dteastaíonn a leithéid uathu.

Cumann Comerford/Adrien, Port Mearnóg/ Mullach Íde

Passed

Forbairt an Pháirtí, Bunreacht agus Rialacha

Motion 76

An méid seo a leanas a chur le Bunreacht Shinn Féin, faoi Roinn 12 ann.
a) Bunófar Coiste Fiosrúcháin le gearáin a éisteacht agus bearta smachtaithe a mholadh, san áit a measann sé gá a bheith lena leithéid, in éadan bhaill den pháirtí.
b) Beidh an Coiste Fiosrúcháin comhdhéanta de bhall amháin a ainmneofar ag gach hurn agus triúr eile a thoghfaidh an Ard-Chomhairle.
c) Féadfaidh an Coiste Fiosrúcháin baill eile a chomhthoghadh sa chás go bhfágfadh an t-ualach oibre sin a bheith de dhíth.
d) Beidh an chumhacht ag Cathaoirleach an Pháirtí ball a chur ar fionraí ar feadh tréimhse sealadaí nó sonraithe, agus cuirfear an cás faoi bhráid an Choiste Fiosrúcháin láithreach lena mheas.
e) Feidhmeoidh an Coiste Fiosrúcháin de réir na nósanna imeachta smachtaithe a aontófar ag an Ard-Chomhairle.
f) Leagfaidh na nósanna imeachta modheolaíocht an Choiste amach agus na bearta smachtaithe a bhféadfar iad a ghlacfadh in éadan ball.
g) Beidh an chumhacht ag an an Ard-Chomhairle pionós a ghearradh hurn ó trína hurn ó a cur ar fionraí nó trína dhíbirt nó a díbirt.
h) Aon bhall a ndéanfar smachtú air nó uirthi beidh cead achomhairc aige nó aici chun painéal achomhairc, mar a leagtar amach sna nósanna imeachta smachtaithe.
Agus an tagairt do “Cód Iompair” in 5.1h de bhunreacht Shinn Féin a athrú go “Cairt Eitice”.
Ard Chomhairle
Cumann Michael J. Marren, Sligeach Theas

Passed

Motion 77

2. AN ARD-CHOMHAIRLE
2.1 Cumhachtaí Araíonachta maidir le Baill na hEagraíochta
a. Beidh sé de chumhacht ag an Ard-Chomhairle aon choiste íochtarach nó ball ar bith a bhriseadh nó a chur ar fionraí ón eagraíocht nó ó oifig mar gheall ar neamhinniúlacht, ar fhaillí nó ar mhí-oiriúnacht ghinearálta.
b. Ar fhógra a fháil faoi bhriseadh, beidh sé de cheart ag an mball nó ag an bhfochoiste achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chomhairle, a fhéadfaidh foireann fiosraithe a bhunú chun an cás a scrúdú.
c. I gcás go mbeidh fiosrúchán ag an Ard-Chomhairle, ní mór don ball nó don chomhlacht lena mbaineann cóip shínithe den ghearán a fháil i scríbhinn ó Chathaoirleach an Pháirtí, chomh maith le fógra tráthúil maidir le clár ama agus téarmaí tagartha na foirne fiosraithe.
d. Rachaidh fionraí baill nó comhlachta d’aon tréimhse neamhshonraithe as feidhm i ndiaidh sé mhí mura ndéantar é a athnuachan.
e. Ar chur i gcrích an fhiosrúcháin di, cuirfidh an fhoireann fiosraithe tuairisc faoi bhráid na hArd-Chomhairle.
f. I ndiaidh di a machnamh a dhéanamh ar thorthaí na tuairisce, beidh sé de chumhacht ag an Ard-Chomhairle, trí thromlach de dhá thrian, an ball nó an comhlacht a bhriseadh as an eagraíocht.
g. I gcás líomhaintí maidir le ciapadh gnéasach nó maidir le hionsaí gnéasach in aghaidh ball ar bith den eagraíocht, ba chóir iad a tharchur go díreach chuig Cathaoirleach an Pháirtí agus an Ard-Rúnaí.
2.2 Cumhachtaí Araíonachta maidir le baill na hArd-Chomhairle
a. Más rud é go bhfuil ball d’Ard-Chomhairle as láthair ó thrí chruinniú as a chéile gan leithscéal ceart, caillfidh sé/sí ballraíocht den Ard-Chomhairle.
b. Beidh sé de chumhacht ag an Ard-Chomhairle, le tromlach de dhá thrian, aon bhall den Ard-Chomhairle a bhriseadh nó a chur ar fionraí ag cruinniú a thionólfar go ceart chun na críche sin.
c. Ar fhógra a fháil faoi bhriseadh, beidh sé de cheart ag an mball achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chomhairle, a bhunóidh foireann fiosraithe leis an gcás a scrúdú.
d. I gcás go mbeidh fiosrúchán ag an Ard-Chomhairle, ní mór don bhall lena mbaineann cóip shínithe den ghearán a fháil i scríbhinn ó Chathaoirleach an Pháirtí, chomh maith le fógra tráthúil maidir le clár ama agus téarmaí tagartha na foirne fiosraithe.
e. Ar chur i gcrích an fhiosrúcháin di, cuirfidh Cathaoirleach an Pháirtí tuairisc faoi bhráid na hArd-Chomhairle.
f. I ndiaidh di a machnamh a dhéanamh ar thorthaí na tuairisce, beidh sé de chumhacht ag an Ard-Chomhairle, le tromlach de dhá thrian, an ball a bhriseadh as an Ard-Chomhairle nó as an eagraíocht, má shíleann sí gur cóir sin.
g. Nuair a bhristear ball, beidh sé de chumhacht ag an Ard-Chomhairle ionadaí a chomhthoghadh.
h. Rachaidh fionraí baill d’aon tréimhse neamhshonraithe as feidhm i ndiaidh sé mhí mura ndéantar é a athnuachan.
3. COMHAIRLE CÚIGE
3.5 Nósanna imeachta araíonachta na Comhairle Cúige
a. Féadfaidh an Chomhairle Cúige aon chomhlacht íochtarach nó aon bhall de a bhriseadh nó a chur ar fionraí as an eagraíocht nó as oifig mar gheall ar neamhinniúlacht, ar fhaillí nó ar mhí-oiriúnacht ghinearálta.
b. Faoi threoir Chathaoirleach an Pháirtí, agus faoi réir dhaingniú na Comhairle Cúige ina dhiaidh sin, agus sa chás go bhfuil géarghá le gníomh feidhmiúcháin a dhéanamh go práinneach, beidh sé de chumhacht ag bord oifigeach na Comhairle Cúige ball ar bith nó comhlacht íochtarach a bhriseadh nó a chur ar fionraí as an eagraíocht mar gheall ar neamhinniúlacht, ar fhaillí nó ar mhí-oiriúnacht ghinearálta. Ní laghdóidh an chumhacht seo an ceart atá ag ball nó ag comhlacht achomharc a dhéanamh.
c. Sula ndéanfar an ball nó an comhlacht a bhriseadh, áfach, ní mór deis a thabhairt dó/di achomharc a dhéanamh chuig foireann fiosraithe neamhspleách arna ceapadh ag an gComhairle Cúige.
d. Ní mór don bhall nó don chomhlacht lena mbaineann cóip shínithe den ghearán a fháil i scríbhinn ó Chathaoirleach na Comhairle Cúige, chomh maith le réamheolas faoi am agus faoi théarmaí tagartha na foirne fiosraithe.
e. Ar chur i gcrích an fhiosrúcháin di, cuirfidh an fhoireann fiosraithe tuairisc faoi bhráid na Comhairle Cúige. I ndiaidh di machnamh a dhéanamh ar thorthaí na tuairisce, beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Cúige, le tromlach de dhá thrian, an ball nó an comhlacht a bhriseadh as an eagraíocht.
f. Tá sé de cheart ag aon bhall nó aon chomhlacht a bhristear as an eagraíocht mar thoradh ar chinneadh na Comhairle Cúige achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chomhairle.
g. Rachaidh fionraí comhlachta nó aon bhaill de d’aon tréimhse neamhshonraithe as feidhm i ndiaidh sé mhí mura ndéantar é a athnuachan.
h. Nuair a thagann difríochtaí aníos i gComhairle Cúige nó idir Comhairlí Cúige nach féidir leis na comhlachtaí lena mbaineann iad a réiteach, tarchuirfear iad chuig an Ard-Chomhairle.
4. COMHAIRLÍ CEANTAIR
4.5 Nósanna imeachta araíonachta na Comhairle Ceantair
a. Féadfaidh an Chomhairle Ceantair aon chomhlacht íochtarach nó aon bhall de a bhriseadh nó a chur ar fionraí as an eagraíocht nó as oifig mar gheall ar neamhinniúlacht, ar fhaillí nó ar mhí-oiriúnacht ghinearálta.
b. Sula ndéanfar an ball nó an comhlacht a bhriseadh, áfach, ní mór deis a thabhairt dó/di achomharc a dhéanamh chuig foireann fiosraithe neamhspleách arna ceapadh ag an gComhairle Ceantair.
c. Ní mór don bhall nó don chomhlacht lena mbaineann cóip shínithe den ghearán a fháil i scríbhinn ó Chathaoirleach na Comhairle Ceantair, chomh maith le réamheolas faoi am agus faoi théarmaí tagartha na foirne fiosraithe.
d. Ar chur i gcrích an fhiosrúcháin di, cuirfidh an fhoireann fiosraithe tuairisc faoi bhráid na Comhairle Ceantair. I ndiaidh di machnamh a dhéanamh ar thorthaí na tuairisce, beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Ceantair, le tromlach de dhá thrian, an ball nó an comhlacht a bhriseadh as an eagraíocht.
e. Tá sé de cheart ag aon bhall nó aon chomhlacht a bhristear as an eagraíocht mar thoradh ar chinneadh na Comhairle Ceantair achomharc a dhéanamh chuig an gComhairle Cúige.
f. Rachaidh fionraí comhlachta nó baill d’aon tréimhse neamhshonraithe as feidhm i ndiaidh sé mhí mura ndéantar é a athnuachan.
g. Nuair a thagann difríochtaí aníos i gComhairle Ceantair nó idir Comhairlí Ceantair nach féidir leis na comhlachtaí lena mbaineann iad a réiteach, tarchuirfear iad chuig an gComhairle Cúige.
5. CUMAINN
5.6 Nósanna imeachta araíonachta an Chumainn
a. Féadfaidh an Cumann aon duine dá chuid ball a bhriseadh nó a chur ar fionraí as an eagraíocht nó as oifig mar gheall ar neamhinniúlacht, ar fhaillí nó ar mhí-oiriúnacht ghinearálta.
b. Sula ndéanfar an ball nó an comhlacht a bhriseadh, áfach, ní mór deis a thabhairt dó/di achomharc a dhéanamh chuig foireann fiosraithe neamhspleách arna ceapadh ag an gCumann.
c. Ní mór don bhall lena mbaineann cóip shínithe den ghearán a fháil i scríbhinn ó Chathaoirleach an Chumainn, chomh maith le réamheolas faoi am agus faoi théarmaí tagartha na foirne fiosraithe.
d. Ar chur i gcrích an fhiosrúcháin di, cuirfidh an fhoireann fiosraithe tuairisc faoi bhráid an Chumainn. I ndiaidh dó machnamh a dhéanamh ar thorthaí na tuairisce, beidh sé de chumhacht ag an gCumann, le tromlach de dhá thrian, an ball a bhriseadh as an eagraíocht.
e. Tá sé de cheart ag aon bhall a bhriseadh as an eagraíocht mar thoradh ar chinneadh Cumainn achomharc a dhéanamh chuig an gComhairle Ceantair.
f. Rachaidh fionraí baill d’aon tréimhse neamhshonraithe as feidhm i ndiaidh sé mhí mura ndéantar é a athnuachan.
g. Nuair a thagann difríochtaí aníos i gCumann nó idir Cumainn nach féidir leis na comhlachtaí lena mbaineann iad a réiteach, tarchuirfear iad chuig an Chomhairle Ceantair agus, más gá, ar aghaidh chuig an gComhairle Cúige, faoi réir ceart achomhairc chuig an Ard-Chomhairle.
h. Féadfaidh ball ar bith de Chumann a chreideann go bhfuil cinneadh ar bith de chuid an Chumainn ag teacht salach ar phrionsabail, ar chuspóirí, nó ar bheartas na heagraíochta, a éileamh go gcuirfí cóip scríofa den chinneadh sin, sínithe ag an gcathaoirleach, ag an rúnaí agus ag an agóideoir, chuig an gComhairle Ceantair agus, más gá, chuig an gComhairle Cúige le go ndéanfar machnamh air, agus ina dhiaidh sin, faoi réir ceart achomhairc chuig an Ard-Chomhairle.
Ard Chomhairle

Passed

Motion 78

Go leasófaí mír 5.2c go dtí an méid seo a leanas:
5.2c: I gcás comhdháil roghnúcháin, beidh vóta ag gach ball cumainn, a bhfuil a dtréimhse phromhaidh déanta acu, chun iarrthóir a roghnú, faoi réir ag na critéir atá leagtha amach sna rialacha agus sna rialacháin a bhaineann le ballraíocht, agus sna rialacha atá bunaithe ag an Aonad Toghcháin.
Cumann Margaret Skinnider, Droim Chonrach

Failed

Motion 79

Go leasófaí mír 5.2c go dtí an méid seo a leanas:
5.2c: Ó thaobh vóta a chaitheamh ag comhdhálacha roghnúcháin is iad siúd amháin atá ina mball de Chumann, agus a d’fhreastail ar 60%, ar a laghad, de chruinnithe an Chumainn sa 12 mhí go díreach roimh an chomhdháil roghnúcháin, a bheas i dteideal vóta a chaitheamh.
Maidir leis an mhéid sin thuas, ní bheadh eisceacht ar bith ann seachas cúrsaí fostaíochta, tinnis, imthosca pearsanta maolaitheacha, nó de bharr a róil mar ionadaí tofa.
Cumann James Fintan Lalor, Port Laoise

Passed

Motion 80

Breisiúchán le mír 6.7.1 de Bhunreacht Shinn Féin
k. Ní bhunófar cumann ar bith de chuid Shinn Féin gan ballraíocht idir fir agus mná a bheith ann.
Cumann Portglenone, Aontroim

Passed

Motion 81

Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeidh cumarsáid agus plé níos fearr le baill agus le struchtúir ag an leibhéal áitiúil maidir le straitéisí toghchánaíochta agus iarrthóirí ina gceantar féin, agus go mbeidh tuairimí agus barúlacha na mball sin lárnach in aon chinneadh a dhéantar. Baill de Shinn Féin atá i dteideal vótáil i gcomhdhálacha roghnúcháin toghcheantair, ba chóir go mbeadh siad in ann a bheith lánpháirteach in achan ghné den phróiseas roghnúcháin.
Cumann Mhic Dhiarmada/Gilgunn, Liatroim Thuaidh

Passed

Motion 82

Go dtugann an Ard-Fheis seo ardmholadh do Choiste Comórtha Náisiúnta 1916 agus do na coistí comórtha áitiúla de chuid an pháirtí a chinntigh gur éirigh thar barr le himeachtaí comórtha 1916, ar a n-áirítear an t-athléiriú ar shochraid O’Donovan Rossa agus an ócáid i dTeach an Ardmhéara. Bhí an clár comórtha feiceálach, oscailte do gach duine agus fóirsteanach chun comóradh a dhéanamh ar na laochra, idir fhir agus mhná, a bhí amuigh 100 bliain ó shin, agus bhí an fhís atá i bhForógra Phoblacht na hÉireann chun tosaigh agus lárnach in achan cheann de na himeachtaí. Creidimid gur chóir go leanfar leis an chur chuige sin go ceann na tréimhse deich mbliana de chomórthaí agus go gcinnteoidh an páirtí go mbeidh idéil an Fhorógra go mór chun tosaigh sa chlár comórtha s’againne.
Cumann Shéamuis Uí Chonghail, Baile Formaid

Passed

Motion 83

Aithníonn an Ard-Fheis seo an gá atá le béim úr a chur ar mhná a earcú isteach sa pháirtí agus glacann leis an sprioc go mbainfear amach cothromaíocht inscne 50-50 laistigh den pháirtí faoin bhliain 2020. Aithnímid gur spriocanna iad seo a chaithfear a fheiceáil i bhfeidhm ag achan leibhéal den pháirtí, ar a n-áirítear coistí, boird oifigeach agus ballraíocht cumainn.
Comhairle Ceantair Colin West Bhéal Feirste
Cumann Cargan, Aontroim Thuaidh

Passed

Motion 84

Molann an Ard-Fheis seo na polasaithe eacnamaíochta a chuir an páirtí chun tosaigh i dtoghcháin na Dála agus an Tionóil. Tá siad seo bunaithe ar an fhás eacnamaíochta, cruthú fostaíochta, infheistíocht sa bhonneagar agus sna seirbhísí poiblí laistigh de chreat stuama fioscach ó thaobh na hiasachta agus na cánach de.
Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an chomhoibriú le páirtithe agus gluaiseachtaí sóisialta eile ar-chlé-ón-lár chun na cuspóirí polasaí thuas a chur chun tosaigh mar chuid den ghluaiseacht Right2Change agus rogha iontaofa eile a chur ar fáil i gcoinne pháirtithe na Bunaíochta. Molaimid go láidir do gach duine atá páirteach leanúint ar aghaidh leis an troid ar son na cothromaíochta agus comhionannas deiseanna do gach saoránach ar an oileán, muintir na tuaithe san áireamh.
Cumann Dheasúin de Faoite, Loch Gamhna

Passed

Motion 85

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo rún daingean Shinn Féin struchtúir an pháirtí agus na heagraíochta a Ghaelú. Aithnímid an obair atá á déanamh ag gníomhaithe de chuid an pháirtí úsáid na Gaeilge a chur chun cinn laistigh den pháirtí agus dea-thoil bhaill an pháirtí i gcoitinne.
Aithníonn an Ard-Fheis seo, cé go bhfuil an dea-thoil ina hacmhainn thábhachtach, go bhfuil gá le cur chuige praiticiúil agus straitéiseach i dtaca le pleanáil foghlaim teanga laistigh de Shinn Féin.
Glacann an Ard-Fheis seo leis an doiciméad Gaelú Shinn Féin agus iarrann ar an pháirtí dul i mbun próiseas comhairliúcháin inmhéanach i dtaca lena chuid spriocanna agus cuspóirí.
Cumann Caraher/Caherty, Baile Úr

Passed

Motion 86

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an obair leanúnach laistigh den pháirtí chun tacaíocht a mhéadú d’Éire Aontaithe agus go háirithe an obair atá idir lámha ag an Choiste le haghaidh Éire Aontaithe. Iarraimid ar gach cumann agus gach ball den pháirtí cur leis an obair thábhachtach seo ag an leibhéal áitiúil trí thacaíocht d’Éire Aontaithe a mhéadú agus a thógáil i measc a bpobail féin.
Cumann Meaney/Dunne, Dún Laoghaire

Passed

Motion 87

Cuireann an Ard-Fheis seo deireadh leis an chóras seanchaite aoireachta atá i bhfeidhm do gach Ionadaí Tofa de chuid Shinn Féin, seachas do na saincheisteanna sin atá leagtha síos i bhforógra toghcháin.
Cumann Uí Ghallchóir/Foy, Droim Conrach

Failed

Motion 88

Agus muid ag aithint an ghá atá le ballraíocht an pháirtí a mhéadú, iarrann an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhairle úrthofa feachtas earcaíochta 32 chontae a shocrú, agus am den bhliain a roghnú fá choinne feachtas náisiúnta earcaíochta.
Aithníonn an Ard-Fheis seo chomh maith na dúshláin a bhaineann le páirtí atá ag fás, agus an gá atá ann go dtuigfidh siad siúd ag gach leibhéal den pháirtí go bhfuil freagrachtaí orthu ó thaobh taifid bhallraíochta a choinneáil cothrom le dáta agus lena chinntiú go ndéantar gach iarratasóir úr a phróiseáil mar is ceart, agus go dtugtar go leor eolais dóibh i dtaca le rialacha an pháirtí agus leis an dea-chleachtas is fearr, agus go bhfuil gach ball eolach ar a gcuid rólanna agus freagrachtaí mar bhaill den pháirtí.
Cumann Uí Laoghóig/Marley Cumann, Croimhglinn, Cúige Átha Cliath

Passed

Motion 89

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an mhéadú atá ar líon na dTeachtaí Dála atá tofa do Shinn Féin chun na Dála agus tá muid ag tnúth le foireann láidir de Bhaill Tionóil a bheith tofa chun an Tionóil. Mar pháirtí Uile-Éireann, molann an Ard-Fheis seo cur chuige comhchoiteann ceannaireachta maidir le hurlabhraithe Shinn Féin agus ár gcuid polasaithe á gcur i láthair an phobail. Aithnímid gur ceapadh urlabhraithe náisiúnta ar na mallaibh agus moltar an cur chuige seo le go mbeifí in ann béim a chur ar shaincheisteanna agus ar pholasaithe ar bhonn uile-Éireann.
Cumann Dheasúin de Faoite, Loch Gamhna

Passed

Tithíocht

Motion 90

Glacann an Ard-Fheis seo le doiciméad an pháirtí ‘Níos fearr don Tithíocht’ mar phlean cuimsitheach agus radacach le dul i ngleic leis an riachtanas tithíochta agus leis an easpa dídine, agus gan polasaí na tithíochta a fhágáil faoi chúram forbróirí príobháideacha. I measc na bpríomh-mholtaí tá an méid seo a leanas:

  • 100,000 teach úr sóisialta ar phraghas réasúnta a thógáil;
  • A chinntiú go mbeidh 20% de thithíocht shóisialta ar phraghas réasúnta mar chuid de gach forbairt úr;
  • Reachtaíocht a thabhairt isteach le srianta a chur leis an ráta a thig le bainc a ghearradh – fiú laghdú de 1% shábhálfadh sé €2,000 in aghaidh na bliana, ar an mheán, do shealbhóirí morgáiste a mbeadh morgáiste €200,000 acu;
  • Deireadh a chur leis an Cháin Mhaoine Áitiúil;
  • Cinnteacht chíosa a bhunú;
  • Cairt le haghaidh chearta tionóntaí a thabhairt isteach;
  • Chomh maith le rialú cíosa a thabhairt isteach, déanfar athbhreithniú ar na huasteorainneacha ar fhóirdheontais cíosa;
  • Airgead breise a chur ar fáil do thithíocht éigeandála in 2016.

Cumann Boland/Harford, Baile Brigín
Cumann James Fox, Ráth Tó
Cumann Meaney/Dunne, Dún Laoghaire
Cumann Charlie McGlade, Droimeanach

Passed

Motion 91

Creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil tithíocht shóisialta riachtanach lena chinntiú go mbeidh áit chónaithe shásúil agus inacmhainne ag gach duine.
Iarrann an Ard-Fheis seo go gcuirfear tús le mórchlár tógála tithíochta sna Sé Chontae sna deich mbliana amach romhainn chun déileáil leis an liosta tithíochta agus áitribh chónaithe a thógáil sna háiteanna is géire riachtanais.

Oibreoimid leis an Tionól agus leis an bhFeidhmeannas chun an Feidhmeannas Tithíochta a choimeád mar phríomhsholáthraí tithíochta agus creidimid go gcaithfear an chumhacht a thabhairt don Fheidhmeannas tithe nua a thógáil.
Court, Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 92

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Cáinimid go huile is go hiomlán rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre as an seasamh atá glactha acu i leith na géarchéime daoine gan dídean ba mheasa dá raibh riamh ann ó bunaíodh an stát;
  • Creidimid gurb é bun agus barr na géarchéime reatha seo an meascán de pholasaithe de chuid na heite deise a thugann buntáiste do lucht an rachmais chomh maith leis an gcultúr polaitíochta a thugann cúiteamh don chearrbhachas agus don amhantraíocht tithíochta;
  • Is fuath linn an easpa tola agus ceannaireachta polaitiúla a bhfuil de thoradh air go bhfuil sa stát seo, a bhfuil an aicme pholaitiúil ag maíomh faoi go bhfuil sé ag téarnamh, suas le 5,715 daoine gan dídean ann, ar leanaí iad 1,830 acusan.
  • Aithnímid an drochthionchar a imrítear ar shláinte choirp agus intinne daoine má bhíonn siad gan dídean, go háirithe ar leanaí a bhíonn ag streachailt gach uile lá de dheasca easpa codlata, easpa bia shláintiúil, gan aon spás acu chun obair bhaile a dhéanamh ná chun súgradh agus an t-eisiamh sóisialta a éiríonn as a bheith díbeartha óna gceantar dúchais agus gan a bheith in ann cuireadh a thabhairt do chairde cuairt a thabhairt ar an gcóiríocht éigeandála. Imríonn na nithe seo tionchair uafásacha ar shaol leanaí agus teaghlach;
  • Molaimid na heagraíochtaí carthanachta, na grúpaí pobail agus tithíochta as an obair ar fad atá á déanamh acu chun cabhrú le daoine gan dídean agus le daoine atá i ngátar tithíochta.

Dá réir sin, ag an Ard-Fheis seo:

  • Iarraimid ar an rialtas dúiseacht agus an ghéarchéim seo, nach bhfacamar riamh a leithéid sa tír seo, a aithint agus aghaidh a thabhairt air láithreach agus deireadh a chur leis an bhfadhb seo daoine a bheith gan dídean i dtír fhorbartha;
  • Tacaímid le moltaí uaillmhianacha an pháirtí tithíocht shóisialta a thógáil arb é an t-aon réiteach réalaíoch fadtéarmach é ar an ngéarchéim tithíochta;
  • Iarraimid go gcuirfear ar fáil €30 milliún do na hÚdaráis Áitiúla chun cóiríocht a thabhairt go práinneach do dhaoine gan dídean;
  • Tacaímid le teorainn reachtúil a thabhairt isteach ar an bhfad ar ceadmhach daoine a choimeád i gcóiríocht éigeandála gan iad a bhogadh go tithíocht eatramhach nó bhuan.
  • Iarraimid go gcuirfear i bhfeidhm córas cíosa chothroim chun stop a chur leis an sruth daoine atá á gcur as a dtithe;
  • Éilímid tiomantas daingean ón chéad rialtas eile nach gciorrófar na seirbhísí do dhaoine gan dídean.

Cumann Elizabeth O’Farrell, Portobello/Sráid Chaoimhín

Passed

Motion 93

Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil cur chuige uile-Éireann i leith polasaithe tithíochta riachtanach agus tacaímid leis an gcur chuige atá leagtha amach sa doiciméad Better for Housing, ina bhfuil bearta amhail;

  • Daoine atá ar liostaí tithíochta sóisialta a chumasú le go mbeidh siad in ann gluaiseacht ó dhlínse amháin go dtí an dlínse eile, go háirithe sna réigiúin cois teorann;
  • Comhchigireacht a bheith ann chun ábhair agus caighdeáin tógála a scrúdú, agus comhoibriú idir ranna a bheith ann maidir le nósanna imeachta rialaithe;
  • Ombudsman Tithíochta uile-Éireann a bhunú chun réiteach gearrthéarmach a sholáthar, gan dul chun cúirte, ar mhaithe le réitigh níos tapúla agus níos saoire ar aighnis tithíochta agus chun cúiteamh a shocrú i gcás sárú ar an gceart chun tithíochta;
  • An ceart ag daoine tithíocht shásúil a bheith acu a chumhdach in aon Bhunreacht d’Éirinn Aontaithe.

Ard Chomhairle
Cumann Paddy Wright, Baile Átha Í

Passed

Motion 94

Is fuath leis an Ard-Fheis seo díol morgáistí do chreach-chistí atá ag cur leis an ngéarchéim tithíochta agus leis an ngéarchéim le daoine gan dídean lena gcuid brabúsaíochta, cearrbhachais agus cleachtas gan náire. Seasann an Ard-Fheis seo le híospartaigh an chreach- chaipitleachais sin.

Dhéanfadh an Ard-Fheis seo:

  • An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe a leasú chun srian a chur leis na forais faoinar féidir fógraí fágála a sheirbheáil, chun daingneacht tionachta níos fearr a thabhairt do thionóntaí.
  • Athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an réimeas fabhrach cánach a mbaineann na creach-chistí atá ag feidhmiú in Éirinn tairbhe astu chun deireadh a chur leis na buntáistí a thugann an chamastaíl agus seachaint cánach, nach bhfuil aon cheann díobh chun leasa an phobail.

Cumann Parle/Crean/Hogan/Gleeson, Loch Garman
Cumann Phort Láirge Thiar

Passed

Motion 95

Is fuath leis an Ard-Fheis seo gur theip ar Rialtas na hÉireann glacadh le moladh Chonradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa maidir le Tithíocht Shóisialta a Mhaoiniú agus €5 billiún a thabhairt ar iasacht ‘lasmuigh den chlár comhardaithe’ go díreach nó trí mheán sainchuspóirí do Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta a chumasódh 26,000 aonad breise a chur ar fáil faoi 2021.
Tacaímid leis an tiomantas atá tugtha ag Conradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa cistí a gcuid ball a infheistiú chun críocha fónta a mbeidh leas eacnamaíoch leis amach anseo, a chruthódh na mílte post agus a rachadh i ngleic le ceist phráinneach shóisialta a bhaineann leis na pobail ar a bhfreastalaíonn na comhair chreidmheasa.
Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Rialtas dul i dteagmháil láithreach le Conradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa chun an infheistíocht mhór chaipitil seo a bhfuil géarghá léi a ghnóthú chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim tithíochta.
Cumann Sheena Campbell, An Chorr Dhubh

Passed

Motion 96

Dearbhaíonn an Ard-Fheis seo an athuair tiomantas seo Shinn Féin, chomh maith le €2.2 billiún de chaipiteal breise a chaitheamh go ndéanfaimis freisin infheistiú i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne sa bhreis ar a bhfuil geallta ag an rialtas, féachaint an bhféadfaí Meán Sainchuspóirí a bhunú chun infheistíocht ‘lasmuigh den chlár comhardaithe’ a chur ar fáil do thithíocht shóisialta i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla agus le Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 97

Aithníonn an Ard-Fheis seo nach dtugann an reachtaíocht reatha sna 26 Chontae a bhaineann le comhaontuithe cíosa agus tionóntachta sa stát (lena n-áirítear scéimeanna cóiríochta stáit amhail an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta) tréimhse shuaimhnithe leordhóthanach do thionóntaí mar atá sé le fáil sa reachtaíocht a bhaineann le conarthaí príobháideacha a chur le chéile do sheirbhísí fóntais agus cónaithe eile.
Aithníonn an Ard-Fheis seo gurb é an t-aon bhealach amháin chun oiriúnacht, cáilíocht agus caighdeán sábháilteachta táirge cóiríochta a thomhas ná a bheith i do chónaí ann, ach go bhfuil sé fíordheacair faoin tráth sin conarthaí foirmiúla cíosa nó tionóntachta a chealú, go háirithe má bhíonn bagairt ann ó pháirtithe eile sa chonradh amhail tiarnaí talún nó gníomhairí eastáit éarlais a choimeád.
Iarrann an Ard-Fheis ar Shinn Féin i ngach cearn den tír iniúchadh a dhéanamh ar indéantacht reachtaíocht a achtú a cheadódh d’áitritheoirí atá ag dul isteach i gconradh nó i gcomhaontú nua cíosa nó tionóntachta, pé poiblí nó príobháideach, go dtabharfaí tréimhse shuaimhnithe seacht lá ina mbeadh cead ag an tionónta an t-áitreabh a fhágáil agus an éarlais iomlán a fháil ar ais a fhaid is go dtabharfaí an t-áitreabh ar ais mar a fuarthas é.
Aithníonn an Ard-Fheis go gciallódh bearta dá leithéid go mbeadh tionóntaí in ann na tionchair a bhaineann le cóiríocht fochaighdeáin a thomhas, rudaí amhail córais téite agus inslithe, seoidirí, caonach, dálaí sóisialta an limistéir, ceisteanna maidir le truailliú ó thorann agus fadhbanna eile ó thruailliú inmheánach, i measc nithe eile a d’fhéadfadh a bheith i gceist. Aithníonn an Ard-Fheis seo freisin, go gcuirfidh an beart seo brú níos mó ar thiarnaí talún agus ar ghníomhairí eastáit, táirgí cóiríochta atá ar chaighdeán sásúil agus atá oiriúnach chun cónaí iontu a chur ar fáil dá gcustaiméirí.
Cumann Tommy Kavanagh, An Coimín, Tiobraid Árann

Passed

Motion 98

Iarrann an Ard-Fheis ar Údaráis Áitiúla ar fud an stáit é a dhéanamh riachtanach go ndéanfadh an tÚdarás Áitiúil áitribh chónaithe sa Scéim Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta agus sa Scéim Chóiríochta ar Cíos a sheiceáil go rialta nó ar iarratas ón tionónta lena chinntiú go bhfuil na háitribh sin á gcothabháil go caighdeáin riachtanacha chónaithe ag tiarnaí talún. Go rómhinic ní hamhlaidh a bhíonn nuair a bhíonn conarthaí cúig bliana sínithe ag tionóntaí gan tiarna talún ná comhairle ar bith a bheith feicthe riamh acu agus fágtar iad ina gcónaí i ndálaí uafásacha cónaithe.
Cumann Seán Treacy, Ros Cré

Passed

Motion 99

Molann an Ard-Fheis go mbunófar Cumann Tionóntaí. Táimid ar an mbeagán tír gan cumann dá leithéid.
Cumann Paddy Wright, Baile Átha Í

Passed

Motion 100

Éilíonn Sinn Féin go gcríochnóidh an Cathaoirleach an tUas. Denis McCarthy agus an painéal saineolaithe a ceapadh chun tionchair Míoca Moscóíte (Muscovite Mica) ar theaghlaigh i nDún na nGall agus i Maigh Eo a dtuarascáil roimh 31 Bealtaine 2016 (i.e. roimh dheireadh na tréimhse a thug an t-iar-rialtas)

Iarrann Sinn Féin ar Rialtas na hÉireann:

  • Tús áite a thabhairt do scéim éifeachtach agus cuimsitheach feabhsúcháin do gach teaghlach lena mbaineann.
  • Scéim cúitimh a sholáthar atá maoinithe go hiomlán, atá simplí, agus tacaíocht cheart ann di do na teaghlaigh lena mbaineann.

Cumann Charn Domhnach/Mhálanna, Dún na nGall

Passed

Motion 101

Aithníonn an Ard-Fheis gur ualach airgeadais sa bhreis iad táillí bainistithe réadmhaoine ar thionóntaí/úinéirí lonnaitheacha réadmhaoine atá faoi bhainistiú cuideachta bainistíochta réadmhaoine. Iarrann an Ard-Fheis seo ar Shinn Féin bealaí a lorg chun an t-ualach seo a laghdú trí raon de bhearta, lena n-áirítear féachaint ar fhaoiseamh cánach costáilte ar tháillí bainistithe do thionóntaí/úinéirí lonnaitheacha.
Cumann Martin Forsythe, Gleann Cuilinn/Áth an Ghainimh

Passed

Motion 102

Cáineann an Ard-Fheis seo an comhoibriú idir an rialtas agus na bainc trínar féidir teaghlaigh a dhíbirt óna dtithe mar gheall ar dheacrachtaí airgeadais ar chruthaigh polasaithe déine ar theip orthu iad chomh maith le saint na mbanc céanna.
Iarraimid cosaint agus tacaíocht níos fearr ón dlí le haghaidh teaghlaigh atá á ndíbirt óna dtithe agus iarraimid ar an Ard-Chomhairle atá ag teacht isteach tús a chur le feachtas náisiúnta ina mbíonn na Ceardchumainn agus páirithe leasmhara eile páirteach leis na teaghlaigh sin a chosaint agus polasaithe eile a sholáthar a chosnóidh tithe na dteaghlach seo.
Cumann Logue, Marley, Cromghlinne

Passed

Oideachas

Motion 103

Déanann an Ard-Fheis comhghairdeas leis an Aire Oideachais John O’Dowd as an obair a rinne se le cuidiú le daione óga barr feabhais a bhaint amach trí thorthaí oideachsúla níos fearr agus trí bhonneagar scoile níos fearr. Tá infheistíocht de £1.2 billiún deanta aige sa Ghaeloideachas agus san Oideachas Imeasctha. Tá an méid seo a leanas déanta aige fosta:

  • Áiteanna Réamhscolaíochta curtha ar fáil aige
  • Aonaid Chothabhála curtha ar fáil aige le haghaidh Forbairt Luathbhlianta
  • Acmhainní curtha ar fáil aige le haghaidh Clubanna Bricfeasta agus Obair Bhaile
  • Critéir leathnaithe aige lena chinntiú go mbíonn tuillleadh páistí i dteideal Béile Saor in Aisce agus Deontais le haghaidh Éide Scoile
  • Rinne sé cinnte de nach gcuirfí deireadh leis an Liúntas Cothábhála Scoile (EMI).

Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfadh an tAire Oideachais atá ag teacht isteach Acht Forbartha do Luathchúram agus Luathfhorbairt Pháistí a thabhairt isteach ina mbíonn fócas soiléir ann do na páistí agus ina mbíonn soláthar cuí ann atá imchuí d’aois an linbh agus do staid a fhorbartha.

Grúpa Parlaiminteach na Sé Chontae

Passed

Motion 104

Déanann an Ard-Fheis seo comhghairdeas leo siúd uile atá páirteach i gComhpháirtíocht Iarthar Bhéal Feirste agus leis an togra oideachais phobail atá aige agus fáiltíonn roimh an tuarascáil a foilsíodh ina léirítear an feabhas iontach atá tagtha ar ghnóthachtáil oideachais mar gheall ar an togra. Éilímid ar an Roinn Oideachais agus ar an Údarás Oideachais tortha an togra a scaipeadh do pháirtithe leasmhara uile i saol an oideachais.
Cumann Léana Dúna

Passed

Motion 105

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann 1,450 Cúntóirí Riachtanas Speisialta a earcú isteach sa chóras oideachais. Gan an tacaíocht chuí ó na Cúntóirí seo, níl páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu fud fad na tíre ag fáil an oideachais chirt ná na seirbhísí riachtanacha a bhfuil siad ina dteideal.
Cumann Óglaigh Dhiarmuid Uí Néill, Iarthar Chorcaigh

Passed

Motion 106

  • Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo an tiomantas atá déanta aige ina fhorógra le haghaidh feachtais le deireadh a chur le leatrom creidimh i scoileanna agus a thiomantas chun ídéil Fhorógra 1916 a thacú;
  • Creideann an Ard-Fheis seo gur chóir go dtabharfaí isteach rialacha nua lena chinntiú go mbíonn cosc ar gach scoil atá maoinithe go poiblí leatrom a imirt ar pháistí mar gheall ar chúrsaí creidimh;
  • Molann sé obair Johnathan O’Brien, Teachta Dála, Urlabhra Shinn Féin sa Dáil ar an gceist seo, as an rialtas a choinneáil cuntasach agus as an iarracht atá déanta aige na hathruithe cuí a chur i bhfeidhm
  • Tugann sé tiomantas chun córas oideachais a fhorbairt atá bunaithe ar chothroime a oireann do riachtanais na hÉireann nua-aimseartha agus a páistí.

Cumann Shéamuis Uí Chonnghaile, Cathaoir
Cumann Chláir Thuaidh
Comhairle Ceantair Thiobraid Árainn

Passed

Motion 107

Cáineann an Ard-Fheis seo go bhfuil bagairt shuntasach ann do mhaoiniú na dtrí Institiúidí Teicneolaíochta i ndiaidh próiseas nua measúnachta bheith déanta ag an Údarás um Ard-Oideachas. Tá Institúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Institúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus an Coláiste Ealaíne is Deartha Náisiúnta i mbaol ó thaobh cúrsaí airgeadais de cheana féin agus iad ag iarraidh na ciorruithe móra i maoiniú an stáit a láimhseáil ar dtús ó rialtas a raibh Fianna Fáil ina bhun, agus ina dhiaidh sin rialtas a raibh Fine Gael ina bhun. Cruthóidh na ciorruithe atá molta tuilleadh cruatain do na hinstitiúidí seo agus na mic léinn atá istigh iontu, agus cuirfidh sé tús le turnamh san oideachas tríú leibhéal sa stát seo.
Cumann O’Malley/McEvilly, Caisleán an Bharraigh

Passed

Cúram Leanaí

Motion 108

Aithníonn an Ard-Fheis seo go mbíonn buntáistí móra ann don sochaí agus do theaghlaigh ach cúram leanaí atá d’ardchaidgheán, atá iontaofa agus atá ar phraghas réasúnta a bheith ann. Cinntíonn sé freisin gur féidir le leanaí forbairt agus foghlaim ar an mbealach is fearr dóibh. Tacaíonn Sinn Féin leis an doiciméad polasaí, “Better for Childcare” ina bhfuil moltaí chun:

  • Fad a chur le tréimhse leas mháithreachais le 6 seachtaine agus cead a thabhairt do cheachtar don dá thuismitheoir sin an chuid sin a ghlacadh ag deireadh na tréimhse reatha 26 seachtaine atá ceadaithe do thréimhse mháithreachais;
  • Tréimhse mháithreachais de 52 seachtain a sholáthar, agsu sin a thabhairt trí 5 seachtaine sa bhreis a thabhairt isteach sna blianta rialtais ina dhiaidh;
  • An ráta íocaíochta le haghaidh tréimhse mháithreachais a ardú ionas gur féidir le máithreacha sult a bhaint as an tréimhse gan a bheith thíos leis ó thaobh airgid de;
  • Teorainn a chur leis na táillí le haghaidh costais chúraim leanaí ag €180 sa tseachain agus sin a bhogadh go €150 sa tseachtain le linn thréimhse an rialtais;
  • Sprioc a bheith ann le haghaidh fórsa oibre ECCE a bhfuil céim ag 60% acu faoi 2025, de réir mar atá molta ag an AE;
  • 1,000 SNA sa bhreis a thabhairt don Chlár ECCE agus oiliúint bhreise riachtanais a sholáthar do gach fostaí cúraim leanaí atá ag obair le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu;
  • Deontais caipitíochta a ardú sa bhliain réamhscolaíochta.

Cumann Thomas Ashe, Cill Dhéagláin

Passed

Póilíneacht agus Cóir

Motion 109

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an tionscadal ar phóilíneacht tras-teorann mar gheall ar an gComhaontú Tús Nua, agus tacaíonn sé leis an bhfócas nua atá ar dhul i ngleic le cóir tras-teorann, chomh maith le béim ar leas agus ar shábháilteacht na bpobal áituil i gceantar na teorann. Go háirithe, éilímid:

  • Comhordú níos fearr idir An Garda Síochána agus SPTÉ maidir le dul i ngleic le cóir eagraithe agus cóiriúlacht de réir mar a aontaíodh in Tús Nua;
  • Comhoibriú níos fearr idir póilíní agus Compháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail ó Thuaidh agus Comhchoistí Póilíneachta ó Dheas.

Grúpa Parliaminteach na Sé Chontae

Passed

Motion 110

Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil pobail fud fad na Sé Chontae is Fiche thíos go mór leis na ciorruithe a chuir Fine Gael, an Lucht Oibre agus Fianna Fáil ar An Garda Síochána ón mbliain 2010. Tá daoine aosta agus teaghlaigh faoin tuath ag maireachtáil faoi eagla.

Dhéanfadh an Ard-Fheis seo an méid seo a leanas:

  • D’éarcófaí 3,000 garda breise le linn thréimhse an rialtais chun leibhéil na nGardaí a ardú arís go 14,250, an líon a bhí ann roimh an ngéarchéim;
  • Dhéanfadh an cinneadh chun stáisiúin Ghardaí a dhruidim a aisiompú;
  • Thabharfaí cumhacht don Údarás Póilíneachta na moltaí ó thuarascálacha Chigireachtaí na nGardaí le cúpla bliain anuas a chur i bhfeidhm, i gcomhar le bainsitíocht An Garda Síochána;
  • Neartófaí ról an Údaráis Phóilíneachta agus Choimisiún Ombudsman An Garda Síochána agus maoirseacht a dhéanamh ar An Garda Síochána;
  • Chuirfí reachtaíocht i bhfeidhm le haghaidh tuilleadh cumhachtaí agus acmhainní a sholáthar do Chomhchoistí Póilíneachta;
  • Thabharfaí isteach Comhairle Iardhaortha a chuirfeadh amach treoirlínte iardhaortha chuig na breithiúna le cuntasacht a chinntiú agus le go mbeadh comhsheasmhacht ann i gcúrsaí daortha, go háirithe le haghaidh ciontóirí ardmhinicíochta;
  • Dhéanfaí an t-airgead an thóg an Biúró um Shócmhainní Coiriúla a infheistiú ar ais sna seirbhísí túslíne sna pobail is mó thíos faoi chóiriúlacht.

Cumann Jimmy Joe Reynolds , Maothail

Passed

Motion 111

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an bPleanáil Phobail sa rialtas áitiúil sna sé chontae agus inchur na gComhpháirtíochtaí Sábháilteachta Póilíneachta agus Pobail (PCSP) sna pleananna a bhaineann le leas sóisialta agus eacnamaíoch na gceantar. Molaimid do bhaill Shinn Féin ar na PCSPanna dul i ngleic go hiomlán leis an bpróiseas seo. Molaimid freisin nár chóir go mbeadh cur chuige atá go hiomlán bunaithe ar an gcomhairle a bheith ann maidir le cuntasacht ar chúrsaí póilíneachta agus go dtabharfar tús áite do leas sóisialta an cheantair.
Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh thograí le gairid le dul i ngleic le hiompar mí-shóisialta trí bhéim a chur arís ar cheisteanna sóisialta, eacnamaíocha agus forfheidhmithe. Ní féidir neamhaird a dhéanamh ar chuid ar bith de na gnéithe seo má táthar le dul i ngleic le hiompar míshóisialta i gceantair áitiúla.
Cúige na 6 Chontae

Passed

Motion 112

Aithníonn an Ard-Fheis seo an mhíchothroime atá ann go fóill ar d’iarchimí polaitiúla in Éirinn agus tacaíonn go hiomlán le feachtas Choiste na nIarchimí taifid pholaitiúla iarchimí a bhaineann leis an bpolaitíocht a chur ar ceal.

Cumann O’Carolan Kilmartin, Dún Geimhin

Passed

Motion 113

Tiomáineann an Ard-Fheis seo an páirtí chun leasuithe a thabhairt isteach ar reachtaíocht reatha maidir le ciapadh chun aithris ar líne agus ciapadh gnéasach a chlúdach.
Cumann Hurson/Quirke, Iarthar Chathair na Gaillimhe
Éire Tuaithe

Passed

Forbairt Tuaithe

Motion 114

Aithníonn an Ard-Fheis seo:
• Go bhfuil daoine in Iarthar na hÉireann míshásta go bhfuil bhfuiltear ag caitheamh leo mar shaoránaigh den dara grád, agus bhfuil siad bréan den easpa infheistíochta agus go bhfuil fearg orthu faoin easpa fostaíochta agus deiseanna sa réigiún;

• Scrios déine agus neamhshuim ón mBruiséil agus ó Bhaile Átha Cliath Éire Tuaithe, agus mar gheall air seo tá leibhéil arda imeallaithe, dífhostaíochta agus imirce ar ollscála;
• Ní mór téarnamh cothrom bheith ann- agus téarnamh san Iarthar;

• Bheadh an tír iomlán thuas le forbairt níos fearr ar bhonn réigiúnach.
Fáiltímid roimh dhoiciméad polasaí Shinn Féin A New Deal for the West ina leagtar amach fís shoiléir d’Iarthar na hÉireann agus ina bhfuil moltaí le haghaidh infheistíocht cheart i gcúrsaí fostaíochta, i seirbhísí poiblí agus i mbonneagar.

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann:
• Reachtaíocht le haghaidh cothroimhe faoi tuath a thabhairt isteach;
• Straitéis le haghaidh fiontraíocht spásúil agus bonneagair agus pacáiste airgeadais leis a thabhairt isteach le deireadh a chur leis an meath i gceantair tuaithe, go háirithe san Iarthar;
• Tiomantas a thabhairt le haghaidh infheistíocht shuntasach a dhéanamh chun seirbhísí poiblí a chosaint agus a mhéadú san Iarthar;
• Na tionscail thraidisiúnta a aithint agus a thacú san Iarthar, go háirithe comharchumainn, trí reachtaíocht faoi leith a chinntíonn fás inmharthana agus forbairt sa réigiún;
• Bearta a thabhairt isteach le cuidiú le himircigh atá ag iarraidh pilleadh ar Iarthar na hÉireann.
Tiomaineann an Ard-Fheis seo ionadaithe agus gníomhaithe Shinn Féinn ar fud Iarthar na hÉireann dul ar aghaidh leis an bhfeachtasaíocht agus leis an obair chun A New Deal for the West a sholáthar.
Cúige Lár Tír Thuaidh Theas

Passed

Motion 115

Molann an Ard-Fheis seo ceannaireacht an Aire Talmhaíochta sa Tionól, Michelle O’Neill, ar an bPunann Tamhlaíochta agus Forbairt Tuaithe le cúig bliana anuas, a fócas ar chomhtháthú agus chomhoibriú uile-oileánda (go háirithe san fheachtasaíocht atá déanta aige le haghaidh cearta agus deiseanna dóibh siúd a chónaíonn faoin tuath) agus a tacaíocht do na hearnálacha áirithe feirmeoireachta a bhfuil dúshláin mhóra rompu ar na saolta seo mar gheall ar luaineacht an mhargaidh dhomhanda. Aithnímid iarrachtaí Michelle O’Neill sna gnéithe seo a leanas:

  • An Clár um Fhorbairt Tuaithe is mó (£623 milliún) a fháil a sholathróidh deiseanna nua fostaíochta, infheistíocht tuaithe, deontais feirmeoireachta, soláthar leathanbhanda agus comhtháthú níos fearr turasaíochta agus pobail fud fad an oileáin;
  • Dílárnú cheanncheathrú a roinn go Co. Dhoire, an chéad roinn sa Tionól le bogadh taobh amuigh de mhórcheantar Bhéal Feirste;
  • A cur chuige maidir le CBT go mbeadh leithdháileadh níos cothroime ann d’fheirmeoirí agus go háirithe do na ceantair sin feirmeoireachta nach dtugtar tús áite dóibh, chomh maith lena cuid tacaíochta d’fheirmeoirí óga trí Scéim na bhFeirmeoirí Óga agus tríd an oideachas/oiliúint a chuirtear ar fáil trí CAFRE (Coláiste Talmhaíochta);
  • Stádas oifigiúil Saor ón mBrúsallóis (OBF) a fháil do na Sé Chontae agus Stádas ESB Riosca Diomaibhseach a thabhairt chun tosaigh a chuirfidh deiseanna nua trádála agus margaíochta chun cinn;
  • Díolacháin agraibhia, easpórtálacha a chur chun tosaigh, deiseanna nua fostaíochta a chruthú mar chuid dá straitéis Going for Growth;
  • An tacaíocht a thug sí do thionscadal na hiascaireachta agus idirbheartaíochta a dhéanamh maidir le cuótaí a ardú i gcruinnithe de chuid Chomhairle Iascaireachta an AE le gairid;
  • An creat le Dul i nGleic le Bochtaineacht Tuaithe agus le Leithlisiú Sóisialta ar fiú £20 milliún é a uasmhéadú agus ar tháing seiceálacha ar fheirmeacha teaghlaigh, iompar tuaithe, cúram do sheandaoine, comhairle leasa/sochar, agus toibreacha as do na daoine is mó i mbaol agus is mó ar an imeall go sóisialta ar fud ceantair tuaithe;
  • An reachtaíocht le haghaidh Bill um Riachtanais Tuaithe a chuirfidh ar gach roinn san Fheidhmeannas agus ar gach grúpa reachtúil amharc ar riachtanais shaoránaigh na tuaithe agus polasaithe á gceapadh agus á gcur i bhfeidhm acu.

Comhairle Ceantair Thír Eoghain Theas agus Thoir

Passed

Talmhaíocht

Motion 116

Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil gá le cur chuige uile-Éireann maidir lenár dtionscadail iascaireachta lena chinntiú go bhfuil na tionscail seo inbhuanaithe agus go mbaineann siad barr acmhainneachta amach le bearta ar nós:

  • Thuaidh agus Theas bheith ag obair le chéile chun margadh nua easpórtála a chinntiú le haghaidh táirgeadh áitiúil, lena n-áirítear déirí, mairteoil, éineoil agus muiceoil agus bheith ag comhoibriú lenár gcomhghleacaithe i bParlaimint na hEorpa chun deiseanna a uasmhéadú;
  • Cur chuige uile-oileánda maidir le hidirbheartaíocht CBT agus CFP ag leibhéal an AE;
  • Ní mór don AE an t-oileán a aithint mar aonad amháin eacnamaíoch agus maoiniú á dháileadh ón AE agus polasaí a chur i bhfeidhm (gné riachtanach de seo a bheadh ann go n-aithneofaí, trí cheapadh maoinithe agus polasaithe, an gá le riachtanais speisialta cheantair na Teorann a aithint ionas go mbeidh na heacnamaíochtaí talmhaíochta go hiomlán comhtháite);
  • Straitéis Shliogéisc uile-oileánda a thabhairt chun tosaigh;
  • Rialálaí agrai-bhia uile-oileánda a thabhairt isteach ionas gur féidir le táirgeoirí praghas maith a fháil.

Grúpa Parlaiminteach na Sé Chontae
Cumann Mhairtírigh H-Block , Loch Garman

Passed

Motion 117

  • Nótálann an Ard-Fheis seo na deacrachtaí leanúnacha a bhíonn ar thrádáil uile-oileánda mar gheall ar lipéadú na tíre tionscnaimh, go háirithe le mairteoil agus huaineoil;
  • Téann sé in éadan an phionóis a chuir dreamanna roimhe seo i bhfeidhm ar thrádáil tras-Teorann;
  • Nótálann diongbháilteacht Michelle O’Neill agus diúltú Simon Coveney an cheist seo a réiteach agus éilíonn sé ar an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Coveney, bheith ag obair lena chomhghleacaí chun lipéad deonach ‘Oileán na hÉireann’ a cheadú;
  • Geallann sé go dtabharfaidh Sinn Féin sa rialtas reachtaíocht isteach chun follasacht i dtionscadal na feola a mhéadú.

Cumann Boland/Harford, Baile Bhrigín

Passed

Motion 118

Tacaíonn an Ard-Fheis le tionscadail foraoise atá inacmhainne agus bainsitithe go maith, ach éilíonn sé go mbeidh rialú agus comhairliúchán níos fearr i bhfeidhm le nach mbeidh ollphlandáil ann i gceantair foraoise nuair nach mbíonn plandáil mar seo iomchuí, go háirithe in áiteanna in Iarthar na hÉireann, mar a bhfuil sé ag cur isteach ar phobail áitiúla. Má táimid i ndáiríre faoi phobail inbhuanaithe tuaithe a thógáil ní mór dúinn a chinntiú go mbíonn rochtain ag feirmeoirí ar an talamh seo nuair a bhíonn sé ar fáil. Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an imní a bhíonn ar dhaoine maidir le cúrsaí foraoise le nach mbeidh drochthionchar aici ar phobail áitiúla.
Cumann James Crossan, Liatroim

Passed

Iascaigh

Motion 119

Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfí i bhfeidhm na moltaí a leagadh amach san Athbhreithniú ar Chánachas Mara 2015 a chuir Indecon faoi bhráid an Ghrúpa Stiúrtha Athbhreithnithe Mara a bhaineann le hIascaigh Mara.
Comhairle Ceantair Chiarraí

Passed

Motion 120

Nótálann an Ard-Fheis seo go meastar nach raibh ach 20% de mharaithe cláraithe na hÉireann i dteideal Scéim Liúntais Mharaithe an dóigh ina bhfuil sé.

  • Éilíonn an Ard-Fheis go mbeidh athbhreithniú déanta ar an scéim ionas go mbeidh sé ar fáil ar bhealach níos leithne;
  • Éilíonn an Ard-Fheis nach mbeidh maraithe atá ar bord soithí mara coiscthe ar Liúntas na Maraithe;
  • Éilíonn an Ard-Fheis go mbeidh athbhreithniú de réir na scéime ar an sainmhíniú ar “thuras idirnáisiúnta”;
  • Seo a bheith ann “a voyage that involves time spent outside Irish territorial waters” nó ”journeys starting and finishing in home ports” as siocair go bheádfaí maraithe atá fostaithe soithigh mar seo agus ar shoithigh tarrthála in ann tacaíocht a fháil.

Comhairle Ceantair Chiarraí

Passed

Motion 121

Éilíonn an Ard-Fheis go gcoinnítear Scéim Chúitimh Oideachais Mharaithe na hÉireann agus go gcuirtear maoiniú níos airde ar fáil d’iarratasóirí a n-éiríonn leo chuig Coláiste Náisiúnta Mara na hÉireann as siocair go bhféadfadh sé ardú a éascú i líon na ngairmithe mara oilte in Éirinn agus go mbeadh sé, dá bhrí sin, le leas thionscadail na mara.
Cúige Éireann Theas

Passed

Motion 122

Cúis imní don Ard-Fheis seo is ea an cheist a bhaineann leis an gcóras cánach atá d’iascairí i láthair na huaire agus nótálann sé go gcaithear le bunús na n-iascairí mar fhéinfhostaithe mar gheall ar chúrsaí cánach. Coinníonn sé seo srian ar rochtain ar leas sóisialta, méadaíonn sé ualach riaracháin d’iascairí agus baineann sé ar shiúl teidlíocht do chreidmheas cánach fostaithe agus do líuntas na maraithe.
Éilíonn an Ard-Fheis mar sin go mbeidh athbhreithniú láithreach déanta ar an gcóras cánach a bhaineann le hiascairí agus áireofar leis seo creidmheas cánach fostaithe a shíneadh agus an liúntas maraithe d’iascairí.
Cúige Éireann Theas

Passed

Motion 123

Oibreoidh an Ard-Fheis ar leibhéal na hEorpa le go mbeidh cosc iomlán ar gach oll-long iascaireachta teacht isteach ar uiscí na hÉireann
Cumann Hurson/Quirke, Iarthar Chathair na Gaillimhe

Passed

Motion 124

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le bogadh i dtreo chórais choimeádta ar an gcladach le haghaidh iascaireacht bhradán a luaithe agus a bhíonn siad ar fáil ar phraghas réasúnta agus nár chóir go mbeadh cead cliabh amuigh ar an bhfarraige bheith ann ach amháin sa chás ina mbíonn tacaíocht ann go forleathan go háitiúil agus nach mbíonn bagairt ar bith ann do stoic an bhradáin fháin.
Cumann Murt/Quilter, Áth an Rí

Passed